Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0968

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/968 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2021 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú crágaigh since d’analóg hiodrocsa meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 335/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/4182

IO L 214, 17.6.2021, pp. 45–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/968/oj

17.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/45


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/968 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2021

maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú crágaigh since d’analóg hiodrocsa meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 335/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 335/2010 ón gCoimisiún (2) údaraíodh crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun athnuachan a dhéanamh ar údarú crágaigh since d’analóg hiodrocsa meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch i gcatagóir na mbreiseán dar teideal “breiseáin chothaitheacha”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

Bunaithe ar an tuairim ón Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 18 Samhain 2020 (3), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, níl éifeacht dhíobhálach ag crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. Chinn an tÚdarás freisin go bhfuil riosca maidir leis an mbreiseán don úsáideoir trí ionanálú agus gur íogróir craicinn é. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. An cruthúnas maidir le héifeachtúlacht an bhreiseáin ar a raibh an t-údarú tosaigh bunaithe, tá sé fós bailí i gcás an nós imeachta athnuachana. Rinne an tÚdarás fíorú freisin ar an tuarascáil faoi mhodh anailíse an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar chrágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan.

(6)

Mar thoradh ar an athnuachan ar údarú crágaigh since d’analóg hiodrocsa meitiainín mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 335/2010 a aisghairm.

(7)

Thug sealbhóir an údaraithe roinnt modhnuithe le fios sa phróiseas monaraíochta. Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir le crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do na páirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le húdarú an bhreiseáin a shonraítear san Iarscríbhinn, breiseán a bhaineann le catagóir na mbreiseán dar teideal “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa dar teideal “comhdhúile de riandúile”, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

1.   Maidir le crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín agus réamh-mheascáin a bhfuil sé iontu, ar táirgí iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 7 Eanáir 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Iúil 2021 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Maidir le hábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín, ar táirgí iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 7 Iúil 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Iúil 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Maidir le hábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín, ar táirgí iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 7 Iúil 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Iúil 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 335/2010.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 335/2010 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2010 maidir le húdarú crágaigh since d’analóg hiodrocsa meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 102, 23.4.2010, lch. 22).

(3)   EFSA Journal 2020;18(12):6337.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh thréimhse an údaraithe

Cion na heiliminte (Zn) i mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile de riandúile

3b610

-

Crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín ina bhfuil 17 % sinc agus 79 % (2-hiodrocsa-4-meitiltia) aigéad bútánóch.

An t-uaschion nicile: 1,7 ppm.

Foirm sholadach.

Gach speiceas

-

-

Madraí agus cait: 200 (Iomlán)

Salmainidí agus bainne púdrach le haghaidh laonna: 180 (Iomlán)

Bainbh, cránacha, coiníní, gach iasc seachas salmainidí: 150 (iomlán)

Speicis eile agus catagóirí: 120 (iomlán)

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú i mbeatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Féadfar crágach since d’analóg hiodrocsa meitiainín a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseán a bhfuil ullmhóid ann.

3.

Ar mhaithe le húsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, teagmháil dheirmeach nó teagmháil súl, go háirithe i ngeall ar chion na miotal trom lena n-áirítear nicil. I gcás nach féidir na rioscaí sin a laghdú go leibhéal inghlactha leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta cuí a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

7.7.2031

Modh anailíse  (1):

Maidir leis an analóg hiodrocsa meitiainín atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

Tíotraiméadracht, toirtmheascadh poitéinsiméadrach tar éis imoibriú dí-ocsaídiúcháin ocsaídiúcháin;

Maidir le cion iomlán na since atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

Speictriméadracht ionsú adamhaigh, ASS (EN ISO 6869) nó

Maidir le cion iomlán na since sna réamh-mheascáin a chainníochtú:

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

Speictriméadracht ionsú adamhaigh, ASS (EN ISO 6869) nó

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053);

Maidir le cion iomlán na since in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

Speictriméadracht Ionsú Adamhaigh, ASS (Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún, (Iarscríbhinn IV-C) nó ISO 6869) nó

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053).


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


Top