Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0937

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/937 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhformheastar leasú ar na sonraíochtaí a bhaineann le tásc geografach na dí biotáillí cláraithe (Hamburger Kümmel)

C/2021/4151

IO L 205, 11.6.2021, pp. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/937/oj

11.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 205/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/937 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2021

lena bhformheastar leasú ar na sonraíochtaí a bhaineann le tásc geografach na dí biotáillí cláraithe (Hamburger Kümmel)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 21 i gcomhar le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), scrúdaigh an Coimisiún iarratas na Gearmáine an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le formheas ar leasú ar an gcomhad teicniúil a mhéid a bhaineann leis an tásc geografach “Hamburger Kümmel” atá faoi chosaint ag Rialachán (CE) Uimh. 110/2008. San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm ó “Hamburger Kümmel” go “Hamburger Kümmel”/”Hamburg’s Kümmel”.

(2)

Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019. Faoi Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart na comhaid theicniúla arna gcur isteach roimh an 8 Meitheamh 2019 mar chuid d’aon iarratas faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí.

(3)

Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) 2019/787.

(4)

Ós rud é nár cuireadh isteach aon fhógra freasúra chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart na leasuithe ar na sonraíochtaí a fhormheas de bhua Airteagal 30(2) den Rialachán sin is infheidhme mutatis mutandis a mhéid a bhaineann le leasuithe ar na sonraíochtaí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar na sonraíochtaí a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Hamburger Kümmel” formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)   IO C 46, 9.2.2021, lch. 14.


Top