Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0933

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/933 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena ndéantar maolú ar a bhfuil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le bearta áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19

    C/2021/4023

    IO L 204, 10.6.2021, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/933/oj

    10.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 204/16


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/933 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Meitheamh 2021

    lena ndéantar maolú ar a bhfuil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le bearta áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), leagtar síos an sainmhíniú ar “bliain scoile” chun críocha na scéime cabhrach dá dtagraítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (an “scéim scoile”). Na bearta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ar a n-áirítear dúnadh sealadach na bhforas oideachais, chuir siad isteach ar chur chun feidhme na scéime scoile sa scoilbhliain 2020/2021. Chuir na bearta sin cosc sealadach ar dháileadh torthaí, glasraí agus bainne i bhforais oideachais agus ar chur i gcrích na mbeart tionlacain oideachais agus na ngníomhaíochtaí poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 chun síneadh a chur le fad na scoilbhliana 2020/2021, ionas go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de na gníomhaíochtaí atá beartaithe le haghaidh na scoilbhliana sin a chur i gcrích go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.

    (2)

    In Airteagal 4(3), (4) agus (5) agus Airteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar síos an tréimhse a fhéadfar a chumhdach le hiarratais ar chabhair chun táirgí a sholáthar agus a dháileadh agus chun na bearta tionlacain oideachais a dhéanamh, agus leagtar síos an teorainn ama i dtaca le hiarratais ar chabhair a chur isteach agus i dtaca leis an gcabhair a íoc faoin scéim scoile. I bhfianaise an tsínidh le fad na scoilbhliana 2020/2021, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 4(3), (4) agus (5) agus Airteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 i dtaca leis na hiarratais ar chabhair le haghaidh ghníomhaíochtaí na scéime scoile a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, ionas go bhféadfar glacadh le hiarratais a chumhdaíonn tréimhsí is giorra ná 2 sheachtain agus chun na teorainneacha ama a leagan síos i dtaca le hiarratais ar chabhair a chur isteach agus i dtaca leis an gcabhair a íoc.

    (3)

    In Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar amach, i dtaca le cabhair ón Aontas a fhágtar gan iarraidh, na rialacha maidir le hath-leithdháileadh na cabhrach sin i measc na mBallstát atá rannpháirteach sa scéim scoile agus a thug fógra go bhfuil siad toilteanach méid is mó ná an leithdháileadh táscach a gheobhaidh siad a úsáid. Méid an leithdháilte tháscaigh a fhéadfar a ath-leithdháileadh ar Bhallstát eile, tá sé le bunú ar an úsáid a bhain an Ballstát sin as leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas sa scoilbhliain roimhe sin. Mar thoradh ar na rialacha maidir le gaibhniú a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, lena n-áirítear dúnadh sealadach na bhforas oideachais, d’fhéadfadh sé go mbainfí níos lú úsáide as cabhair ón Aontas sa scoilbhliain 2020/2021. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, chun nach gcuirfear san áireamh, agus an chabhair ón Aontas a fhágtar gan iarraidh á ath-leithdháileadh i measc na mBallstát atá rannpháirteach sa scéim scoile sa scoilbhliain 2022/2023, nach gcuirfear san áireamh leibhéal úsáide na cabhrach ón Aontas sa scoilbhliain 2020/2021.

    (4)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   De mhaolú ar Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, cuirtear síneadh le fad na scoilbhliana 2020/2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.

    2.   De mhaolú ar Airteagal 4(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, agus i dtaca le hiarratais ar chabhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sa scoilbhliain 2020/2021 a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, féadfaidh na hiarratais sin tréimhsí is giorra ná 2 sheachtain a chumhdach.

    3.   De mhaolú ar Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, agus i dtaca le hiarratais ar chabhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sa scoilbhliain 2020/2021 a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, cuirfear na hiarratais sin isteach faoin 30 Meán Fómhair 2021. Mura gcloítear leis an teorainn ama sin, ní íocfar an chabhair.

    4.   De mhaolú ar Airteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, agus i dtaca le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí sa scoilbhliain 2020/2021 a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, íocfaidh na húdaráis inniúla an chabhair sin faoin 15 Deireadh Fómhair 2021.

    5.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, ní bheidh feidhm ag an ríomh a leagtar síos sa chéad fhomhír sin maidir le ríomh leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh na scoilbhliana 2022/2023.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachas (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).


    Top