Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0916

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/916 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais

C/2021/1574

IO L 201, 8.6.2021, pp. 1–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/916/oj

8.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/916 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa a fháil chun dul isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát.

(2)

Mar chuid d’fhoirm iarratais ETIAS atá le líonadh isteach ag gach iarratasóir, beidh sé de cheanglas ar iarratasóirí sonraí pearsanta a bhaineann lena slí bheatha reatha a sholáthar. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart d’iarratasóirí a slí bheatha reatha a roghnú ar bhonn liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagan síos. Ba cheart an t-Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha (ISCO) arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair a úsáid le haghaidh an liosta. Chun a áirithiú go bhfuil na sonraí maidir le slite beatha na n-iarratasóirí sonrach a ndóthain, ba cheart ceangal a bheith ar na hiarratasóirí grúpaí poist a roghnú a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 ar a laghad (fo-mhórghrúpa) den Chaighdeán, ach a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 (mionghrúpa) nó do leibhéal 4 (grúpa aonaid) freisin, má tá siad ar fáil.

(4)

Chun a áirithiú go bhfuil an fhoirm chomh háisiúil agus is féidir don úsáideoir, ba cheart a áirithiú nach dtaispeántar ach na roghanna ábhartha ar an bhfoirm leictreonach agus ba cheart cúnamh gníomhach a thabhairt don iarratasóir a ghrúpa poist ábhartha a aimsiú trí roghanna a scagadh ar bhonn na roghanna a rinneadh roimhe sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1240 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ó tharla go gcuirtear le acquis Schengen le Rialachán (AE) 2018/1240, thug an Danmhairg fógra an 21 Nollaig 2018, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, faoina chinneadh Rialachán (AE) 2018/1240 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

(6)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(9)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(10)

Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar bhealach eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim uaidh an 4 Meán Fómhair 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Slí bheatha reatha san fhoirm iarratais

1.   De bhun Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, chun réimse na slí beatha reatha san fhoirm iarratais a líonadh isteach, roghnóidh an t-iarratasóir ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

(a)

fostaithe;

(b)

féinfhostaithe;

(c)

dífhostaithe/gan phost;

(d)

ar scor; nó

(e)

mac léinn.

2.   I gcás ina roghnóidh an t-iarratasóir mír 1, pointe (a) nó (b), roghnóidh sé grúpa poist leibhéal 1 (mórghrúpa) agus leibhéal 2 (fo-mhórghrúpa) a chomhfhreagraíonn don tslí bheatha reatha atá aige ón liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagtar síos san Iarscríbhinn.

3.   I gcás ina mbeidh roghanna sa leibhéal grúpa poist arna roghnú lenar féidir sainaithint níos sonraí a dhéanamh ar shlí bheatha an iarratasóra faoi leibhéal 3 (mionghrúpa) nó leibhéal 4 (grúpa aonaid), beidh sé de cheangal ar an iarratasóir an leibhéal grúpa poist is mionsonraithe atá ar fáil a roghnú.

4.   I gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, ní bheidh ach na roghanna i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (e) le feiceáil agus le fáil lena roghnú.

5.   Cuideoidh an fhoirm iarratais leis an iarratasóir a ghrúpa poist ábhartha a aimsiú trí na roghanna a scagadh ar bhonn na roghanna a rinneadh roimhe sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(7)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais

Nuair a bheidh iarratas ar údarú taistil ETIAS á dhéanamh ag na hiarratasóirí, roghnóidh siad grúpa poist amháin ón liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist thíos. Ní bheidh an liosta inroghnaithe ar fáil ach amháin má thugann na hiarratasóirí le fios go bhfuil siad “fostaithe” nó “féinfhostaithe”.

Tá an liosta bunaithe ar na mórghrúpaí, na fo-mhórghrúpaí, na mionghrúpaí agus na grúpaí aonaid in Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Gairmeacha 2008 (ISCO-08):

Leibhéal 1: Mórghrúpaí

Leibhéal 2: Fo-mhórghrúpaí

Leibhéal 3: Mionghrúpaí

Leibhéal 4: Grúpaí aonaid

1.   Bainisteoir

1.1.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin, oifigeach sinsearach nó reachtóir

1.1.1.

Reachtóir nó oifigeach sinsearach

1.1.1.1.

Reachtóir

1.1.1.2.

Oifigeach rialtais sinsearach

1.1.1.3.

Taoiseach traidisiúnta nó ceann gráige

1.1.1.4.

Oifigeach sinsearach in eagraíocht sainleasa

1.1.2.

Stiúrthóir bainistíochta nó príomhfheidhmeannach

1.2.

Bainisteoir riaracháin nó tráchtála

1.2.1.

Bainisteoir seirbhísí gnó nó bainisteoir riaracháin

1.2.1.1.

Bainisteoir airgeadais

1.2.1.2.

Bainisteoir acmhainní daonna

1.2.1.3.

Bainisteoir beartais nó pleanála

1.2.1.4.

Bainisteoir seirbhísí gnó nó bainisteoir riaracháin nach n-aicmítear in aon áit eile

1.2.2.

Bainisteoir díolacháin, margaíochta nó forbartha

1.2.2.1.

Bainisteoir díolacháin nó margaíochta

1.2.2.2.

Bainisteoir fógraíochta nó caidrimh phoiblí

1.2.2.3.

Bainisteoir taighde agus forbartha

1.3.

Bainisteoir táirgthe nó seirbhísí speisialaithe

1.3.1.

Bainisteoir táirgthe sna réimsí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

1.3.1.1.

Bainisteoir táirgthe talmhaíochta nó táirgthe foraoiseachta

1.3.1.2.

Bainisteoir táirgthe dobharshaothraithe nó táirgthe iascaigh

1.3.2.

Bainisteoir monaraíochta, mianadóireachta, tógála nó dáileacháin

1.3.2.1.

Bainisteoir monaraíochta

1.3.2.2.

Bainisteoir mianadóireachta

1.3.2.3.

Bainisteoir tógála

1.3.2.4.

Bainisteoir soláthair nó dáileacháin nó bainisteoir eile den chineál sin

1.3.3.

Bainisteoir seirbhíse teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

1.3.4.

Bainisteoir seirbhísí gairmiúla

1.3.4.1.

Bainisteoir seirbhísí cúraim leanaí

1.3.4.2.

Bainisteoir seirbhísí sláinte

1.3.4.3.

Bainisteoir seirbhísí cúraim seanóirí

1.3.4.4.

Bainisteoir leasa shóisialta

1.3.4.5.

Bainisteoir oideachais

1.3.4.6.

Bainisteoir brainse seirbhísí airgeadais nó árachais

1.3.4.7.

Bainisteoir seirbhísí gairmiúla nach n-aicmítear in aon áit eile

1.4.

Bainisteoir fáilteachais, miondíola nó seirbhísí eile

1.4.1.

Bainisteoir óstáin nó bialainne

1.4.1.1.

Bainisteoir óstáin

1.4.1.2.

Bainisteoir bialainne

1.4.2.

Bainisteoir trádála miondíola nó mórdhíola

1.4.3.

Bainisteoir seirbhísí eile

1.4.3.1.

Bainisteoir lárionaid spórt, áineasa nó cultúir

1.4.3.2.

Bainisteoir seirbhísí nach n-aicmítear in aon áit eile

2.   Gairmí

2.1.

Gairmí eolaíochta nó innealtóireachta

2.1.1.

Gairmí eolaíochta fisicí nó domhaneolaíochta

2.1.1.1.

Fisiceoir nó réalteolaí

2.1.1.2.

Meitéareolaí

2.1.1.3.

Ceimiceoir

2.1.1.4.

Geolaí nó geoifisiceoir

2.1.2.

Matamaiticeoir, achtúire nó staitisteoir

2.1.3.

Gairmí eolaíochta beatha

2.1.3.1.

Bitheolaí, luibheolaí, zó-eolaí nó gairmí eile den chineál sin

2.1.3.2.

Comhairleoir feirmeoireachta, foraoiseachta nó iascaigh

2.1.3.3.

Gairmí cosanta comhshaoil

2.1.4.

Gairmí innealtóireachta (seachas leictriteicneolaíocht)

2.1.4.1.

Innealtóir tionsclaíoch nó innealtóir táirgthe

2.1.4.2.

Innealtóir sibhialta

2.1.4.3.

Innealtóir comhshaoil

2.1.4.4.

Innealtóir meicniúil

2.1.4.5.

Innealtóir ceimiceach

2.1.4.6.

Innealtóir mianadóireachta, miotalóir nó gairmí eile den chineál sin

2.1.4.7.

Gairmí innealtóireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

2.1.5.

Innealtóir leictriteicneolaíochta

2.1.5.1.

Innealtóir leictreach

2.1.5.2.

Innealtóir leictreonaice

2.1.5.3.

Innealtóir teileachumarsáide

2.1.6.

Ailtire, pleanálaí, suirbhéir nó dearthóir

2.1.6.1.

Ailtire tógála

2.1.6.2.

Ailtire tírdhreacha

2.1.6.3.

Dearthóir táirgí nó dearthóir ball éadaigh

2.1.6.4.

Pleanálaí baile nó tráchta

2.1.6.5.

Cartagrafaí nó suirbhéir

2.1.6.6.

Dearthóir grafaicí nó ilmheán

2.2.

Gairmí sláinte

2.2.1.

Dochtúir leighis

2.2.1.1.

Liachleachtóir ginearálta

2.2.1.2.

Liachleachtóir speisialaithe

2.2.2.

Gairmí altranais nó cnáimhseachais

2.2.2.1.

Gairmí altranais

2.2.2.2.

Gairmí cnáimhseachais

2.2.3.

Gairmí leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

2.2.3.1.

Gairmí leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

2.2.3.2.

Paraimhíochaineoir

2.2.3.3.

Paraimhíochaineoir

2.2.4.

Tréidlia

2.2.5.

Gairmí sláinte eile

2.2.5.1.

Fiaclóir

2.2.5.2.

Poitigéir

2.2.5.3.

Gairmí sláinte comhshaoil nó gairmí sláinte ceirde nó gairmí sláinteachais

2.2.5.4.

Fisiteiripeoir

2.2.5.5.

Diaitéiteach nó saineolaí cothúcháin

2.2.5.6.

Éisteolaí nó teiripeoir urlabhra

2.2.5.7.

Optaiméadraí nó radharceolaí oftalmach

2.2.5.8.

Gairmí sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

2.3.

Gairmí múinteoireachta

2.3.1.

Múinteoir ollscoile nó ardoideachais

2.3.2.

Múinteoir gairmoideachais

2.3.3.

Múinteoir oideachais meánscoile

2.3.4.

Múinteoir oideachais bunscoile nó luath-óige

2.3.4.1.

Múinteoir bunscoile

2.3.4.2.

Múinteoir luath-óige

2.3.5.

Gairmí múinteoireachta eile

2.3.5.1.

Speisialtóir modhanna oideachais

2.3.5.2.

Múinteoir riachtanais speisialta

2.3.5.3.

Múinteoir teanga eile

2.3.5.4.

Múinteoir ceoil eile

2.3.5.5.

Múinteoir ealaíon eile

2.3.5.6.

Oiliúnóir teicneolaíochta faisnéise

2.3.5.7.

Gairmí múinteoireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

2.4.

Gairmí gnó nó riaracháin

2.4.1.

Gairmí airgeadais

2.4.1.1.

Cuntasóir

2.4.1.2.

Comhairleoir airgeadais nó infheistíochta

2.4.1.3.

Anailísí airgeadais

2.4.2.

Gairmí riaracháin

2.4.2.1.

Anailísí bainistíochta nó eagraíochta

2.4.2.2.

Gairmí riaracháin beartais

2.4.2.3.

Gairmí pearsanra nó gairme

2.4.2.4.

Gairmí oiliúna nó gairmí forbartha foirne

2.4.3.

Gairmí díolacháin, margaíochta nó caidrimh phoiblí

2.4.3.1.

Gairmí fógraíochta nó margaíochta

2.4.3.2.

Gairmí caidrimh phoiblí

2.4.3.3.

Gairmí díolacháin theicniúil nó díolacháin míochaine (seachas teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide)

2.4.3.4.

Gairmí díolacháin teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

2.5.

Gairmí teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

2.5.1.

Forbróir nó anailísí bogearraí nó feidhmchlár

2.5.1.1.

Anailísí córas

2.5.1.2.

Forbróir bogearraí

2.5.1.3.

Forbróir gréasáin nó ilmheán

2.5.1.4.

Ríomhchláraitheoir feidhmchlár

2.5.1.5.

Forbróir nó anailísí bogearraí nó feidhmchlár nach n-aicmítear in aon áit eile

2.5.2.

Gairmí bunachair sonraí nó líonra

2.5.2.1.

Dearthóir nó riarthóir bunachair sonraí

2.5.2.2.

Riarthóir córas

2.5.2.3.

Gairmí líonra ríomhairí

2.5.2.4.

Gairmí bunachair sonraí nó líonra nach n-aicmítear in aon áit eile

2.6.

Gairmí dlí, gairmí sóisialta nó gairmí cultúir

2.6.1.

Gairmí dlí

2.6.1.1.

Dlíodóir

2.6.1.2.

Breitheamh

2.6.1.3.

Gairmí dlí nach n-aicmítear in aon áit eile

2.6.2.

Leabharlannaí, cartlannaí nó coimeádaí

2.6.2.1.

Cartlannaí nó coimeádaí

2.6.2.2.

Leabharlannaí nó gairmí eile den chineál sin

2.6.3.

Gairmí sóisialta nó reiligiúnach

2.6.3.1.

Eacnamaí

2.6.3.2.

Socheolaí, antraipeolaí nó gairmí eile den chineál sin

2.6.3.3.

Fealsamh, staraí nó eolaí polaitiúil

2.6.3.4.

Síceolaí

2.6.3.5.

Gairmí oibre sóisialta nó gairmí comhairleoireachta

2.6.3.6.

Gairmí reiligiúnach

2.6.4.

Údar, iriseoir nó teangeolaí

2.6.4.1.

Údar nó scríbhneoir eile

2.6.4.2.

Iriseoir

2.6.4.3.

Aistritheoir, ateangaire nó teangeolaí eile

2.6.5.

Ealaíontóir cruthaitheach nó taibhealaíontóir

2.6.5.1.

Amharc-ealaíontóir

2.6.5.2.

Ceoltóir, amhránaí nó cumadóir

2.6.5.3.

Damhsóir nó cóiréagrafaí

2.6.5.4.

Léiritheoir nó stiúrthóir scannán, stáitse nó léirithe eile

2.6.5.5.

Aisteoir

2.6.5.6.

Láithreoir raidió, teilifíse nó láithreoir ar na meáin eile

2.6.5.7.

Ealaíontóir cruthaitheach nó taibhealaíontóir nach n-aicmítear in aon áit eile

3.   Teicneoir nó gairmí meánleibhéil

3.1.

Gairmí meánleibhéil eolaíochta nó innealtóireachta

3.1.1.

Teicneoir eolaíochta fisicí nó eolaíochta innealtóireachta

3.1.1.1.

Teicneoir eolaíochta ceimicí nó fisicí

3.1.1.2.

Teicneoir innealtóireachta sibhialta

3.1.1.3.

Teicneoir innealtóireachta leictrí

3.1.1.4.

Teicneoir innealtóireachta leictreonaice

3.1.1.5.

Teicneoir innealtóireachta meicniúla

3.1.1.6.

Teicneoir innealtóireachta ceimicí

3.1.1.7.

Teicneoir mianadóireachta nó miotalóireachta

3.1.1.8.

Línitheoir

3.1.1.9.

Teicneoir eolaíochta fisicí nó eolaíochta innealtóireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

3.1.2.

Maoirseoir mianadóireachta, monaraíochta nó tógála

3.1.2.1.

Maoirseoir mianadóireachta

3.1.2.2.

Maoirseoir monaraíochta

3.1.2.3.

Maoirseoir tógála

3.1.3.

Teicneoir rialaithe próisis

3.1.3.1.

Oibreoir gléasra um tháirgeadh cumhachta

3.1.3.2.

Oibreoir loisceora nó oibreoir gléasra cóireála uisce

3.1.3.3.

Rialtóir gléasra próiseála ceimiceán

3.1.3.4.

Oibreoir gléasra i scaglann peitriliam nó gáis nádúrtha

3.1.3.5.

Rialtóir próisis táirgthe miotail

3.1.3.6.

Teicneoir rialaithe próisis nach n-aicmítear in aon áit eile

3.1.4.

Teicneoir eolaíochta beatha nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.1.4.1.

Teicneoir eolaíochta beatha (seachas teicneoir míochaine)

3.1.4.2.

Teicneoir talmhaíochta

3.1.4.3.

Teicneoir foraoiseachta

3.1.5.

Teicneoir nó rialtóir loinge nó aerárthaigh

3.1.5.1.

Innealtóir loinge

3.1.5.2.

Oifigeach deice loinge nó píolóta loinge

3.1.5.3.

Píolóta aerárthaigh nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.1.5.4.

Rialtóir aerthráchta

3.1.5.5.

Teicneoir leictreonaice um shábháilteacht aerthráchta

3.2.

Gairmí meánleibhéil sláinte

3.2.1.

Teicneoir míochaine nó cógaisíochta

3.2.1.1.

Teicneoir trealaimh íomháithe míochaine nó trealaimh teiripigh

3.2.1.2.

Teicneoir saotharlainne míochaine nó paiteolaíochta

3.2.1.3.

Teicneoir nó cúntóir cógaisíochta

3.2.1.4.

Teicneoir próistéitice míochaine nó próistéitice fiaclóireachta

3.2.2.

Gairmí meánleibhéil altranais nó cnáimhseachais

3.2.2.1.

Gairmí meánleibhéil altranais

3.2.2.2.

Gairmí meánleibhéil cnáimhseachais

3.2.3.

Gairmí meánleibhéil leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

3.2.3.1.

Gairmí meánleibhéil leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

3.2.4.

Teicneoir nó cúntóir tréidliachta

3.2.4.1.

Teicneoir nó cúntóir tréidliachta

3.2.5.

Gairmí meánleibhéil sláinte eile

3.2.5.1.

Cúntóir nó teiripeoir fiaclóireachta

3.2.5.2.

Teicneoir taifead leighis nó teicneoir faisnéise sláinte

3.2.5.3.

Oibrí sláinte pobail

3.2.5.4.

Radharceolaí dáiliúcháin

3.2.5.5.

Teicneoir nó cúntóir fisiteiripe

3.2.5.6.

Cúntóir leighis

3.2.5.7.

Cigire sláinte comhshaoil, cigire sláinte ceirde nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.2.5.8.

Oibrí otharchairr

3.2.5.9.

Gairmí meánleibhéil sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

3.3.

Gairmí meánleibhéil gnó nó riaracháin

3.3.1.

Gairmí meánleibhéil airgeadais nó matamaitice

3.3.1.1.

Déileálaí nó bróicéir airgeadais nó urrús

3.3.1.2.

Oifigeach creidmheasa nó iasachtaí

3.3.1.3.

Gairmí meánleibhéil cuntasaíochta

3.3.1.4.

Gairmí meánleibhéil staidrimh nó matamaitice nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.3.1.5.

Luachálaí nó meastóir caillteanais

3.3.2.

Gníomhaire nó bróicéir díolacháin nó ceannaigh

3.3.2.1.

Ionadaí árachais

3.3.2.2.

Ionadaí díolacháin tráchtála

3.3.2.3.

Ceannaitheoir

3.3.2.4.

Bróicéir trádála

3.3.3.

Gníomhaire seirbhísí gnó

3.3.3.1.

Gníomhaire imréitigh nó gníomhaire seolta lasta

3.3.3.2.

Pleanálaí comhdhálacha nó imeachtaí

3.3.3.3.

Gníomhaire nó conraitheoir fostaíochta

3.3.3.4.

Gníomhaire réadmhaoine nó bainisteoir maoine

3.3.3.5.

Gníomhaire seirbhísí gnó nach n-aicmítear in aon áit eile

3.3.4.

Rúnaí riaracháin nó rúnaí speisialaithe

3.3.4.1.

Maoirseoir oifige

3.3.4.2.

Rúnaí dlí

3.3.4.3.

Rúnaí riaracháin nó rúnaí feidhmiúcháin

3.3.4.4.

Rúnaí leighis

3.3.5.

Gairmí meánleibhéil rialtais um rialáil

3.3.5.1.

Cigire custam nó teorann

3.3.5.2.

Oifigeach rialtais um cháin nó mál

3.3.5.3.

Oifigeach rialtais um shochair shóisialta

3.3.5.4.

Oifigeach rialtais um cheadúnú

3.3.5.5.

Cigire nó bleachtaire sna póilíní

3.3.5.6.

Gairmí meánleibhéil rialtais um rialáil nach n-aicmítear in aon áit eile

3.4.

Gairmí meánleibhéil dlí, gairmí meánleibhéil sóisialta, gairmí meánleibhéil cultúir nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.4.1.

Gairmí meánleibhéil dlí, gairmí meánleibhéil sóisialta nó gairmí meánleibhéil reiligiúnach

3.4.1.1.

Gairmí meánleibhéil dlí nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.4.1.2.

Gairmí meánleibhéil oibre sóisialta

3.4.1.3.

Gairmí meánleibhéil reiligiúnach

3.4.2.

Oibrí spóirt nó corpacmhainne

3.4.2.1.

Lúthchleasaí nó imreoir spóirt

3.4.2.2.

Cóitseálaí, traenálaí nó oifigeach spóirt

3.4.2.3.

Traenálaí nó ceannaire cláir corpacmhainne nó áineasa

3.4.3.

Gairmí meánleibhéil ealaíon, cultúir nó cócaireachta

3.4.3.1.

Grianghrafadóir

3.4.3.2.

Dearthóir intí nó maisitheoir

3.4.3.3.

Teicneoir dánlainne, músaeim nó leabharlainne

3.4.3.4.

Cócaire

3.4.3.5.

Gairmí meánleibhéil ealaíon nó cultúir eile

3.5.

Teicneoir faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.

Teicneoir oibríochtaí nó teicneoir tacaíochta d’úsáideoirí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.1.

Teicneoir oibríochtaí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.2.

Teicneoir tacaíochta d’úsáideoirí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.3.

Teicneoir líonraí nó córas ríomhairí

3.5.1.4.

Teicneoir gréasáin

3.5.2.

Teicneoir teileachumarsáide nó craolacháin

3.5.2.1.

Teicneoir craolacháin nó closamhairc

3.5.2.2.

Teicneoir innealtóireachta teileachumarsáide

4.   Oibrí tacaíochta cléireachais

4.1.

Cléireach ginearálta nó cléireach méarchláir

4.1.1.

Cléireach ginearálta oifige

4.1.1.1.

Cléireach ginearálta oifige

4.1.2.

Rúnaí (ginearálta)

4.1.2.1.

Rúnaí (ginearálta)

4.1.3.

Oibreoir méarchláir

4.1.3.1.

Clóscríobhaí nó oibreoir próiseála focal

4.1.3.2.

Cléireach iontrála sonraí

4.2.

Cléireach seirbhísí custaiméara

4.2.1.

Airgeadóir, bailitheoir airgid nó cléireach eile den chineál sin

4.2.1.1.

Airgeadóir bainc nó cléireach eile den chineál sin

4.2.1.2.

Geallghlacadóir, rácadóir nó oibrí cearrbhachais eile den chineál sin

4.2.1.3.

Geallbhróicéir nó iasachtóir airgid

4.2.1.4.

Bailitheoir fiach nó oibrí eile den chineál sin

4.2.2.

Oibrí faisnéise cliant

4.2.2.1.

Comhairleoir nó cléireach i ngníomhaire taistil

4.2.2.2.

Cléireach faisnéise in ionad teagmhála

4.2.2.3.

Oibreoir lasc-chláir teileafón

4.2.2.4.

Fáilteoir óstáin

4.2.2.5.

Cléireach i seirbhís faisnéise

4.2.2.6.

Fáilteoir (ginearálta)

4.2.2.7.

Agallóir suirbhéanna nó taighde margaíochta

4.2.2.8.

Oibrí faisnéise cliant nach n-aicmítear in aon áit eile

4.3.

Cléireach i seirbhís cuntasaíochta nó airgeadais nó cléireach taifeadta ábhair

4.3.1.

Cléireach i seirbhís cuntasaíochta nó airgeadais

4.3.1.1.

Cléireach cuntasaíochta nó leabharchoimeáid

4.3.1.2.

Cléireach staidrimh, airgeadais nó árachais

4.3.1.3.

Cléireach párolla

4.3.2.

Cléireach taifeadta ábhair nó cléireach iompair

4.3.2.1.

Cléireach stoic

4.3.2.2.

Cléireach táirgthe

4.3.2.3.

Cléireach iompair

4.4.

Oibrí tacaíochta cléireachais eile

4.4.1.

Oibrí tacaíochta cléireachais eile

4.4.1.1.

Cléireach leabharlainne

4.4.1.2.

Iompróir poist nó cléireach sórtála

4.4.1.3.

Cléireach códaithe, profléitheoireachta nó cléireach eile den chineál sin

4.4.1.4.

Scríobhaí nó oibrí eile den chineál sin

4.4.1.5.

Cléireach comhdaithe nó cóipeála

4.4.1.6.

Cléireach pearsanra

4.4.1.7.

Oibrí tacaíochta cléireachais nach n-aicmítear in aon áit eile

5.   Oibrí seirbhíse nó díolacháin

5.1.

Oibrí seirbhíse pearsanta

5.1.1.

Freastalaí taistil, stiúrthóir ticéad nó treoraí

5.1.1.1.

Freastalaí taistil nó stíobhard taistil

5.1.1.2.

Stiúrthóir ticéad iompair

5.1.1.3.

Treoraí taistil

5.1.2.

Cócaire

5.1.3.

Freastalaí nó freastalaí beáir

5.1.3.1.

Freastalaí

5.1.3.2.

Freastalaí beáir

5.1.4.

Gruagaire, sciamheolaí nó oibrí eile den chineál sin

5.1.4.1.

Gruagaire

5.1.4.2.

Sciamheolaí nó oibrí eile den chineál sin

5.1.5.

Maoirseoir foirgnimh nó maoirseoir cúraim tí

5.1.5.1.

Maoirseoir glantacháin nó maoirseoir cúraim tí in oifigí, in óstáin nó in áitribh eile

5.1.5.2.

Coimeádaí tí in áit chónaithe phríobháideach

5.1.5.3.

Feighlí foirgnimh

5.1.6.

Oibrí seirbhísí pearsanta eile

5.1.6.1.

Astralaí, duine feasa nó oibrí eile den chineál sin

5.1.6.2.

Compánach nó giolla coimhdeachta

5.1.6.3.

Adhlacóir nó balsamóir

5.1.6.4.

Grúmaeir peataí nó oibrí cúraim ainmhithe

5.1.6.5.

Teagascóir tiomána

5.1.6.6.

Oibrí seirbhísí pearsanta nach n-aicmítear in aon áit eile

5.2.

Oibrí díolacháin

5.2.1.

Díoltóir sráide nó margaidh

5.2.1.1.

Díoltóir stainnín nó margaidh

5.2.1.2.

Díoltóir bia sráide

5.2.2.

Oibrí díolacháin i siopa

5.2.2.1.

Siopadóir

5.2.2.2.

Maoirseoir siopa

5.2.2.3.

Cúntóir díolacháin i siopa

5.2.3.

Airgeadóir nó cléireach ticéad

5.2.3.1.

Airgeadóir nó cléireach ticéad

5.2.4.

Oibrí díolacháin eile

5.2.4.1.

Mainicín faisin nó mainicín de chineál eile

5.2.4.2.

Taispeántóir táirgí

5.2.4.3.

Díoltóir a théann ó dhoras go doras

5.2.4.4.

Oibrí teilidhíola

5.2.4.5.

Oibrí i stáisiún seirbhíse

5.2.4.6.

Oibrí ag cuntar seirbhíse bia

5.2.4.7.

Oibrí díolacháin nach n-aicmítear in aon áit eile

5.3.

Oibrí cúraim phearsanta

5.3.1.

Oibrí cúraim leanaí nó cúntóir múinteora

5.3.1.1.

Oibrí cúraim leanaí

5.3.1.2.

Cúntóir múinteora

5.3.2.

Oibrí cúraim phearsanta sna seirbhísí sláinte

5.3.2.1.

Cúntóir cúraim sláinte

5.3.2.2.

Cúntóir cúraim sláinte in áit chónaithe phríobháideach

5.3.2.3.

Oibrí cúraim phearsanta sna seirbhísí sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

5.4.

Oibrí seirbhísí cosanta

5.4.1.

Oibrí seirbhísí cosanta

5.4.1.1.

Comhraiceoir dóiteáin

5.4.1.2.

Póilín

5.4.1.3.

Garda príosúin

5.4.1.4.

Garda slándála

5.4.1.5.

Oibrí seirbhísí cosanta nach n-aicmítear in aon áit eile

6.   Oibrí oilte talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

6.1.

Oibrí oilte talmhaíochta

6.1.1.

Garraíodóir margaidh nó saothróir barr tráchtála

6.1.1.1.

Saothróir barr páirce nó glasraí

6.1.1.2.

Saothróir crann nó tor

6.1.1.3.

Garraíodóir, saothróir gairneoireachta nó plandlainne

6.1.1.4.

Saothróir barr measctha

6.1.2.

Táirgeoir ainmhithe

6.1.2.1.

Táirgeoir beostoic nó déiríochta

6.1.2.2.

Táirgeoir éanlaithe

6.1.2.3.

Beachaire nó síodashaothróir

6.1.2.4.

Táirgeoir ainmhithe nach n-aicmítear in aon áit eile

6.1.3.

Táirgeoir barr measctha nó táirgeoir ainmhithe

6.2.

Oibrí oilte tráchtála foraoiseachta, iascaigh nó fiaigh

6.2.1.

Oibrí foraoiseachta nó oibrí eile den chineál sin

6.2.2.

Oibrí iascaigh, fiagaí nó gaisteoir

6.2.2.1.

Oibrí dobharshaothraithe

6.2.2.2.

Oibrí iascaigh in uiscí intíre nó in uiscí cósta

6.2.2.3.

Oibrí iascaigh domhainfharraige

6.2.2.4.

Fiagaí nó gaisteoir

6.3.

Feirmeoir, iascaire, fiagaí nó cnuasaitheoir leorchothaitheach

6.3.1.

Feirmeoir barr leorchothaitheach

6.3.2.

Feirmeoir beostoic leorchothaitheach

6.3.3.

Feirmeoir barr measctha leorchothaitheach nó feirmeoir beostoic leorchothaitheach

6.3.4.

Iascaire, fiagaí, gaisteoir nó cnuasaitheoir leorchothaitheach

7.   Oibrí ceardaíochta nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.

Ceardaí tógála nó ceardaí eile den chineál sin, seachas leictreoir

7.1.1.

Ceardaí fráma foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.1.1.

Tógálaí tí

7.1.1.2.

Bríceadóir nó oibrí eile den chineál sin

7.1.1.3.

Saor cloiche, gearrthóir, scoilteoir nó snoíodóir cloiche

7.1.1..4.

Oibrí leagtha coincréite, bailchríochnaitheoir coincréite nó oibrí eile den chineál sin

7.1.1.5.

Siúinéir nó saor adhmaid

7.1.1.6.

Ceardaí fráma foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin nach n-aicmítear in aon áit eile

7.1.2.

Bailchríochnaitheoir foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.2.1.

Díonadóir

7.1.2.2.

Feisteoir urlár nó cóiritheoir tíleanna

7.1.2.3.

Pláistéir

7.1.2.4.

Oibrí inslithe

7.1.2.5.

Gloineadóir

7.1.2.6.

Pluiméir nó feisteoir píopaí

7.1.2.7.

Meicneoir aerchóiriúcháin nó cuisniúcháin

7.1.3.

Péintéir, glantóir struchtúir foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.3.1.

Péintéir nó oibrí eile den chineál sin

7.1.3.2.

Péintéir spraeála nó oibrí vearnaiseála

7.1.3.3.

Glantóir struchtúir foirgneamh

7.2.

Ceardaí miotail, innealra nó ceardaí eile den chineál sin

7.2.1.

Oibrí miotail leatháin nó miotail struchtúraigh, múnlóir, táthaire nó oibrí eile den chineál sin

7.2.1.1.

Múnlóir miotail nó déantóir croíleacán

7.2.1.2.

Táthaire nó gearrthóir lasrach

7.2.1.3.

Oibrí miotail leatháin

7.2.1.4.

Ullmhaitheoir nó ardaitheoir miotail struchtúraigh

7.2.1.5.

Rigeálaí nó spladhsálaí cáblaí

7.2.2.

Gabha dubh, déantóir uirlisí nó ceardaí eile den chineál sin

7.2.2.1.

Gabha dubh, gabha casúir nó oibrí fáisceáin gaibhneachta

7.2.2.2.

Déantóir uirlisí nó oibrí eile den chineál sin

7.2.2.3.

Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar innealra miotalóireachta

7.2.2.4.

Snasaire miotail, líomhadóir rotha nó líomhadóir uirlisí

7.2.3.

Meicneoir innealra nó deisitheoir innealra

7.2.3.1.

Meicneoir mótarfheithiclí nó deisitheoir mótarfheithiclí

7.2.3.2.

Meicneoir innill aerárthaí nó deisitheoir innill aerárthaí

7.2.3.3.

Meicneoir nó deisitheoir innealra talmhaíochta nó innealra thionsclaíoch

7.2.3.4.

Deisitheoir rothar nó deisitheoir eile den chineál sin

7.3.

Oibrí lámhcheirde nó oibrí clódóireachta

7.3.1.

Oibrí lámhcheirde

7.3.1.1.

Déantóir nó deisitheoir beachtuirlisí

7.3.1.2.

Déantóir nó tiúnóir uirlisí ceoil

7.3.1.3.

Oibrí seodra nó miotail lómhair

7.3.1.4.

Criadóir nó oibrí eile den chineál sin

7.3.1.5.

Déantóir, gearrthóir, líomhadóir nó bailchríochnaitheoir gloine

7.3.1.6.

Scríbhneoir comharthaí, péintéir maisiúil, greanadóir nó eitseálaí

7.3.1.7.

Oibrí lámhcheirde adhmaid, caoladóireachta nó ábhair eile den chineál sin

7.3.1.8.

Oibrí lámhcheirde teicstílí, leathair nó ábhair eile den chineál sin

7.3.1.9.

Oibrí lámhcheirde nach n-aicmítear in aon áit eile

7.3.2.

Ceardaí clódóireachta

7.3.2.1.

Teicneoir réamhphreasa

7.3.2.2.

Clódóir

7.3.2.3.

Bailchríochnaitheoir clódóireachta nó oibrí ceangail

7.4.

Ceardaí leictreach nó leictreonaice

7.4.1.

Suiteálaí trealaimh leictrigh nó deisitheoir trealaimh leictrigh

7.4.1.1.

Leictreoir foirgneamh nó leictreoir eile den chineál sin

7.4.1.2.

Meicneoir leictreach nó feisteoir leictreach

7.4.1.3.

Suiteálaí líne leictrí nó deisitheoir líne leictrí

7.4.2.

Suiteálaí leictreonaice nó teileachumarsáide nó deisitheoir leictreonaice nó teileachumarsáide

7.4.2.1.

Seirbhíseoir leictreonaice nó meicneoir leictreonaice

7.4.2.2.

Suiteálaí nó seirbhíseoir teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

7.5.

Ceardaí próiseála bia, ceardaí adhmadóireachta, ceardaí éadaí nó oibrí ceardaíochta eile nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.1.

Ceardaí próiseála bia nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.1.1.

Búistéir, ceannaí éisc nó ullmhaitheoir bia eile den chineál sin

7.5.1.2.

Báicéir, cócaire taosráin nó sólaisteoir

7.5.1.3.

Déantóir táirgí déiríochta

7.5.1.4.

Caomhnóir torthaí nó glasraí nó caomhnóir eile den chineál sin

7.5.1.5.

Blastóir bia nó deochanna nó grádóir bia nó deochanna

7.5.1.6.

Ullmhaitheoir tobac nó déantóir táirgí tobac

7.5.2.

Cóiritheoir adhmaid, caibinéadaire nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.2.1.

Cóiritheoir adhmaid

7.5.2.2.

Caibinéadaire nó oibrí eile den chineál sin

7.5.2.3.

Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar mheaisín adhmadóireachta

7.5.3.

Ceardaí éadaí nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.3.1.

Táilliúir, gúnadóir, fionnadóir nó haitéir

7.5.3.2.

Déantóir patrún éadaí, gearrthóir éadaí nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.3.3.

Oibrí fuála nó bróidnéireachta nó oibrí eile den chineál sin

7.5.3.4.

Cumhdaitheoir nó oibrí eile den chineál sin

7.5.3.5.

Leasaitheoir nó mangaire seithí

7.5.3.6.

Gréasaí nó oibrí eile den chineál sin

7.5.4.

Oibrí ceardaíochta eile nó oibrí eile den chineál sin

7.5.4.1.

Tumadóir faoi uisce

7.5.4.2.

Séidire

7.5.4.3.

Grádóir táirgí nó tástálaí táirgí (seachas bia agus deochanna)

7.5.4.4.

Toitreoir nó oibrí srianta lotnaidí nó fiailí eile

7.5.4.5.

Oibrí ceardaíochta nó oibrí eile den chineál sin nach n-aicmítear in aon áit eile

8.   Oibreoir gléasra nó meaisín nó cóimeálaí gléasra nó meaisín

8.1.

Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe

8.1.1.

Oibreoir gléasra próiseála mianadóireachta nó mianraí

8.1.1.1.

Mianadóir nó cairéalaí

8.1.1.2.

Oibreoir gléasra próiseála mianraí nó cloch

8.1.1.3.

Druileálaí toibreacha, tolladóir nó oibrí eile den chineál sin

8.1.1.4.

Oibreoir meaisín próiseála stroighne, cloch nó táirgí mianracha eile

8.1.2.

Oibreoir gléasra próiseála nó bailchríochnaithe miotail

8.1.2.1.

Oibreoir gléasra próiseála miotail

8.1.2.2.

Oibreoir meaisín bailchríochnaithe, plátála nó brataithe miotail

8.1.3.

Oibreoir gléasra nó meaisín táirgí ceimiceacha nó táirgí grianghrafadóireachta

8.1.3.1.

Oibreoir gléasra nó meaisín táirgí ceimiceacha

8.1.3.2.

Oibreoir meaisín táirgí grianghrafadóireachta

8.1.4.

Oibreoir meaisín táirgí rubair, plaisteacha nó páipéir

8.1.4.1.

Oibreoir meaisín táirgí rubair

8.1.4.2.

Oibreoir meaisín táirgí plaisteacha

8.1.4.3.

Oibreoir meaisín táirgí páipéir

8.1.5.

Oibreoir meaisín táirgí teicstíle, fionnaidh nó leathair

8.1.5.1.

Oibreoir meaisín ullmhaithe snáithíní, meaisín sníomhacháin nó meaisín tochráin

8.1.5.2.

Oibreoir meaisín fíodóireachta nó cniotála

8.1.5.3.

Oibreoir meaisín fuála

8.1.5.4.

Oibreoir meaisín tuartha, ruaimneoireachta nó glanta fabraice

8.1.5.5.

Oibreoir meaisín ullmhaithe fionnaidh nó leathair

8.1.5.6.

Oibreoir meaisín gréasaíochta nó meaisín eile den chineál sin

8.1.5.7.

Oibreoir meaisín níocháin

8.1.5.8.

Oibreoir meaisín táirgí teicstíle, fionnaidh nó leathair nach n-aicmítear in aon áit eile

8.1.6.

Oibreoir meaisín táirgí bia nó meaisín eile den chineál sin

8.1.6.1.

Oibreoir meaisín táirgí bia nó meaisín eile den chineál sin

8.1.7.

Oibreoir gléasra próiseála adhmaid nó gléasra déanta páipéir

8.1.7.1.

Oibreoir gléasra laín nó gléasra déanta páipéir

8.1.7.2.

Oibreoir gléasra próiseála adhmaid

8.1.8.

Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe eile

8.1.8.1.

Oibreoir gléasra gloine nó ceirmeachta

8.1.8.2.

Oibreoir innill gaile nó coire

8.1.8.3.

Oibreoir meaisín pacála, buidéalaithe nó lipéadaithe

8.1.8.4.

Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe eile nach n-aicmítear in aon áit eile

8.2.

Cóimeálaí

8.2.1.

Cóimeálaí

8.2.1.1.

Cóimeálaí innealra mheicniúil

8.2.1.2.

Cóimeálaí trealaimh leictrigh nó trealaimh leictreonaice

8.2.1.3.

Cóimeálaí nach n-aicmítear in aon áit eile

8.3.

Tiománaí nó oibreoir gléasra soghluaiste

8.3.1.

Tiománaí innill traenach nó oibrí eile den chineál sin

8.3.1.1.

Tiománaí innill traenach

8.3.1.2.

Oibreoir coscáin, comhartha nó ladhróige iarnróid

8.3.2.

Tiománaí gluaisteáin, veain nó gluaisrothair

8.3.2.1.

Tiománaí gluaisrothair

8.3.2.2.

Tiománaí gluaisteáin, tacsaí nó veain

8.3.3.

Tiománaí trucaile troime nó tiománaí bus

8.3.3.1.

Tiománaí bus nó tram

8.3.3.2.

Tiománaí trucaile troime nó tiománaí leoraí

8.3.4.

Oibreoir gléasra soghluaiste

8.3.4.1.

Oibreoir gléasra soghluaiste talmhaíochta nó foraoiseachta

8.3.4.2.

Oibreoir scartaire nó oibreoir gléasra eile den chineál sin

8.3.4.3.

Oibreoir crainn tógála, ardaitheora nó gléasra eile den chineál sin

8.3.4.4.

Oibreoir forcardaitheora

8.3.5.

Ball foirne deice loinge nó oibrí eile den chineál sin

9.   Slí bheatha neamhoilte

9.1.

Glantóir nó cúntóir

9.1.1.

Glantóir nó cúntóir in áit chónaithe phríobháideach nó in óstán nó in oifig

9.1.1.1.

Glantóir nó cúntóir in áit chónaithe phríobháideach

9.1.1.2.

Glantóir nó cúntóir in oifigí, in óstáin nó in áitribh eile

9.1.2.

Glantóir feithiclí, fuinneog nó éadaí nó oibrí eile a dhéanann níochán de láimh

9.1.2.1.

Oibrí níocháin éadaí de láimh nó oibrí iarnála éadaí

9.1.2.2.

Glantóir feithiclí

9.1.2.3.

Glantóir fuinneog

9.1.2.4.

Oibrí glantacháin eile

9.2.

Saothraí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

9.2.1.

Saothraí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

9.2.1.1.

Saothraí feirme barr

9.2.1.2.

Saothraí feirme beostoic

9.2.1.3.

Saothraí feirme barr measctha nó feirme beostoic

9.2.1.4.

Saothraí gairdín nó gairneoireachta

9.2.1.5.

Saothraí foraoiseachta

9.2.1.6.

Saothraí iascaigh nó dobharshaothraithe

9.3.

Saothraí mianadóireachta, tógála, monaraíochta nó iompair

9.3.1.

Saothraí mianadóireachta nó tógála

9.3.1.1.

Saothraí mianadóireachta nó cairéalaithe

9.3.1.2.

Saothraí innealtóireachta sibhialta

9.3.1.3.

Saothraí tógála foirgneamh

9.3.2.

Saothraí monaraíochta

9.3.2.1.

Pacálaí de láimh

9.3.2.2.

Saothraí monaraíochta nach n-aicmítear in aon áit eile

9.3.3.

Saothraí iompair nó stórála

9.3.3.1.

Tiománaí feithicle arna tiomáint de láimh nó de throitheán

9.3.3.2.

Tiománaí feithiclí nó innealra arna dtarraingt ag ainmhithe

9.3.3.3.

Láimhseálaí lasta

9.3.3.4.

Líontóir seilfeanna

9.4.

Cúntóir ullmhaithe bia

9.4.1.

Cúntóir ullmhaithe bia

9.4.1.1.

Ullmhaitheoir mearbhia

9.4.1.2.

Cúntóir cistine

9.5.

Oibrí díolacháin nó seirbhísí sráide nó oibrí eile den chineál sin

9.5.1.

Oibrí seirbhísí sráide nó oibrí eile den chineál sin

9.5.2.

Díoltóir sráide (seachas bia)

9.6.

Oibrí bruscair nó oibrí neamhoilte eile

9.6.1.

Oibrí bruscair

9.6.1.1.

Bailitheoir bruscair nó ábhair athchúrsála

9.6.1.2.

Sórtálaí bruscair

9.6.1.3.

Scuabadóir nó saothraí eile den chineál sin

9.6.2.

Oibrí neamhoilte eile

9.6.2.1.

Teachtaire, seachadóir pacáistí nó póirtéir bagáiste

9.6.2.2.

Oibrí ócáideach

9.6.2.3.

Léitheoir méadar nó bailitheoir meaisín díola

9.6.2.4.

Bailitheoir uisce nó brosna

9.6.2.5.

Oibrí neamhoilte nach n-aicmítear in aon áit eile

10.   Slí bheatha sna fórsaí armtha

10.1.

Oifigeach coimisiúnaithe sna fórsaí armtha

10.2.

Oifigeach neamhchoimisiúnaithe sna fórsaí armtha

10.3.

Slí bheatha sna fórsaí armtha, céimeanna eile

Top