Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0901

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/901 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí

    C/2021/3866

    IO L 197, 4.6.2021, p. 75–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/901/oj

    4.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 197/75


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/901 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Meitheamh 2021

    lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 41(2) agus Airteagal 72(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i bpointí 65 agus 68 d’Iarscríbhinn VII a mhéid a bhaineann le coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun plandaí nó táirgí plandaí áirithe a thabhairt isteach san Aontas agus i bpointe 12 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI a mhéid a bhaineann le tásc planda.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).


    Top