Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0853

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/853 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3571

IO L 188, 28.5.2021, p. 56–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/853/oj

28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/56


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/853 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2021

lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/113/CE (2) ón gCoimisiún áirítear Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. griseoviridis” roimhe seo) mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Is baictéar í an tsubstaint ghníomhach atá i gceist, baictéar ar a dtugadh “Streptomyces griseoviridis” ar dtús. Ina dhiaidh sin, athraíodh an t-ainm sin, ar chúiseanna eolaíocha, go Streptomyces K61. Níos déanaí fós, athraíodh an t-ainm arís go Streiptimíceas tréithchineál K61, an t-ainm atá air faoi láthair.

(3)

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(4)

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2022.

(5)

Cuireadh isteach iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(6)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(7)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 15 Eanáir 2019.

(8)

Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl don iarratasóir agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin.

(9)

Chuir an tÚdarás, an 19 Meitheamh 2020, a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh Streptomyces tréithchineál K61 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. An 3 Nollaig 2020 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus an 25 Eanáir 2021 chuir siad dréacht-Rialachán faoina bhráid maidir leis an mbaictéar céanna.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a thíolacadh maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

Cruthaítear i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is iomchuí, dá bhrí sin, formheas Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan.

(12)

Tá an measúnú riosca maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61 bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí ionadaíocha nach gcuireann srian ar na húsáidí lena bhféadfaí táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Streptomyces tréithchineál K61 a údarú. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan an srian maidir le gan úsáid a bhaint as ach mar fhuingicíd a choinneáil ar bun.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 13(4) de, ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 (7) ón gCoimisiún, cuireadh síneadh le tréimhse formheasa Streptomyces tréithchineál K61 go dtí an 30 Aibreán 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil cinneadh maidir leis an athnuachan á dhéanamh roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth níos luaithe ná an dáta sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt miocrorgánach a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 330, 9.12.2008, lch. 6).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)  Irisleabhar EFSA 2020;18(7):6182, 14 lch. doi:10.2903/j.efsa.2020.6182. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) tréithchineál BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “ S. griseoviridis ” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “ T. Harzianum ”) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “ T. Harzianum ” roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “ T. Viride ” roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 118, 7.4.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag formheasa

Forálacha sonracha

Streptomyces tréithchineál K61

Neamhbhainteach

Gan aon eisíontas ábhartha

1 Iúil 2021

30 Meitheamh 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus cuirfidh siad san áireamh go meastar miocrorgánaigh mar íogróirí féideartha, agus áiritheoidh siad go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide.

Áiritheoidh táirgeoirí go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta mar a leagtar síos i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ar éilliú miocróbach  (2).


(1)  Soláthraítear sa tuarascáil athnuachana tuilleadh mionsonraí maidir le haitheantas agus le sonraíocht na substainte gníomhaí.

(2)  https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 203 ar Streptomyces K61 (ar a dtugtaí S. griseoviridis roimhe seo);

(2)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

145

Streptomyces tréithchineál K61

Neamhbhainteach

Gan aon eisíontas ábhartha

1 Iúil 2021

30 Meitheamh 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de.

Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus cuirfidh siad san áireamh go meastar miocrorgánaigh mar íogróirí féideartha, agus áiritheoidh siad go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide.

Áiritheoidh táirgeoirí go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta mar a leagtar síos i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ar éilliú miocróbach  (*1).


(*1)  https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf.”


Top