Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 32021R0843
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/843 of 26 May 2021 renewing the approval of the active substance cyazofamid, in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market, and amending the Annex to Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/843 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/843 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/3532
IO L 186, 27.5.2021., 20.–24. lpp.
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Spēkā
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/20 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/843 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2003/23/CE ón gCoimisiún (2) áirítear ciasófaimíd mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Iúil 2021. |
|
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar chiasófaimíd a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith iomlán. |
|
(6) |
Rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan a ullmhú i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus an Choimisiúin í an 23 Meitheamh 2015. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 23 Bealtaine 2016, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh ciasófaimíd na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. De bhun sainordú a fuarthas ón gCoimisiún mar gheall ar éiginnteachtaí a bhaineann le hartrapóid nach spriocatrapóid iad, thug an tÚdarás a chonclúid cothrom le dáta an 28 Iúil 2020 (7). Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le ciasófaimíd faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 3 Nollaig 2020 agus chuir sé dréacht-Rialachán faoina bhráid an 26 Eanáir 2021. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (8), léiríonn conclúid an Údaráis, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch, gur beag seans gur réabóir iontálaigh í ciasófaimíd trí na modúlachtaí éastraigineacha, andraigineacha tíoróidigineacha nó stéaróidigineacha. Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil agus ar an eolas reatha a ndearnadh achoimre air i gconclúid an Údaráis, níor tugadh faoi deara aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith bainteach le modh gníomhaíochta réabóra iontálaigh. Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún nach ceart a mheas go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag ciasófaimíd. |
|
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis na tuarascálacha athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(11) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(12) |
An measúnú riosca maidir le hathnuachan an fhormheasa ar chiasófaimíd, bunaítear é ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil ciasófaimíd iontu a údarú. Is iomchuí dá bhrí sin gan an srian a choimeád maidir le húsáid a bhaint as mar fhungasicíd. |
|
(13) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an formheas ar chiasófaimíd a athnuachan. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe. Is iomchuí go háirithe faisnéis bhreise deimhniúcháin a éileamh. |
|
(15) |
Chun cur leis an muinín as an gconclúid nach bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag ciasófaimíd, ba cheart don iarratasóir measúnú nuashonraithe a chur ar fáil, i gcomhréir le pointe 2.2(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, de na critéir a leagtar síos i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605, agus i gcomhréir leis an treoir maidir le réabóirí iontálacha a aithint (9). |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(17) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/869 ón gCoimisiún (10), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na ciasófaimíde go dtí an 31 Iúil 2021 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go mbeadh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm gar don dáta a rachaidh an formheas ar chiasófaimíd in éag ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis dháta éaga an fhormheasa le haghaidh ciasófaimíde. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí ciasófaimíd, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2003/23/CE ón gCoimisiún an 25 Márta 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun iomasamocs, ocsasulfúrón, eatocsalfúrón, foramsulfúrón, ocsaidé-airgil agus ciasófaimíd a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 81, 28.3.2003, lch. 39).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) Iris EFSA 2016;14(6):4503, [24 lch.]. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
(7) Updated peer review of the pesticide risk assessment of the active substance cyazofamid; [Athbhreithniú piaraí nuashonraithe a rinneadh ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí ciasófaimíd]; Iris EFSA, 2020;18(9):6232.
(8) Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh. (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).
(9) ECHA (An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán) agus EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia) le tacaíocht theicniúil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), Andersson N, Arena M, Auteri D, Barmaz S, Grignard E, Kienzler A, Lepper P, Lostia AM, Munn S, Parra Morte JM, Pellizzato F, Tarazona J, Terron A agus Van der Linden S, 2018. Guidance for the identification of endocrine disruptors in the context of Regulations (EU) No 528/2012 and (EC) No 1107/2009 [An treoir maidir le réabóirí iontálacha a aithint i gcomhthéacs Rialacháin (AE) Uimh. 528/2012 agus (CE) Uimh. 1107/2009]. Iris EFSA 2018;16(6):5311, 135 lch.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/869 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beaflubútaimíd, beanalacsail, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, brómocsainil, captan, ciasófaimíd, démheatomorf, eiteafón, eatocsasól, famocsadón, feanaimíofos, flumocsaisín, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, própamacarb, próitiaconasól agus S-meitileaclór (IO L 201, 25.6.2020, lch. 7).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||||
|
Ciasófaimíd Uimh. CAS: 120116-88-3 Uimh. CIPAC: 653 |
4-clóra-2-ciana-N,N-dé-mheitiol-5-p-toilil-limíodasól-1-sulfónaimíd |
≥ 935 g/kg |
1.8.2021 |
31.7.2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le ciasófaimíd, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an méid seo a leanas:
Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis a iarrtar dá dtagraítear i bpointe 1 isteach laistigh de 2 bhliain ón dáta a d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad treorach maidir le meastóireacht ar éifeacht próisis cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce. Maidir le pointe 2, cuirfidh an t-iarratasóir measúnú cothrom le dáta ar fáil ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise chun a dheimhniú nach ann do ghníomhaíocht iontálach faoin 16 Meitheamh 2023. |
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 46 maidir le ciasófaimíd; |
|
(2) |
i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.