EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0809

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/809 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 maidir le neamh-fhormheas an úisc choipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair) mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3410

IO L 180, 21.5.2021, p. 110–111 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/809/oj

21.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/110


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/809 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2021

maidir le neamh-fhormheas an úisc choipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair) mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 23(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún iarratas ón gcuideachta Greenprotech ar fhormheas “súlach an chompair” mar shubstaint bhunúsach a úsáidfear ina éarthach feithidí agus ina spreagaire plandaí i gcrann torthaí, i bhféar agus i nglasraí. Bhí an fhaisnéis arna ceangal faoin dara fomhír d’Airteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag gabháil leis an iarratas sin.

(2)

D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”). Chuir an tÚdarás tuarascáil theicniúil ar fáil don Choimisiún maidir le “súlach an chompair” an 28 Samhain 2019 (2). Ar bhonn na tuarascála teicniúla sin agus ar bhonn na doiciméadachta a sholáthair an t-iarratasóir, is iomchuí a shainiú go gcumhdaíonn scóip an iarratais an tsubstaint ghníomhach “úsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compar)”.

(3)

An fhaisnéis a rinne an t-iarratasóir a sholáthar ar an úsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair), níor leor í mar fhaisnéis lena léiriú go gcomhlíonann sé na critéir a bhaineann le hearra bia faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(4)

Is é conclúid ar tháinig an tÚdarás air nach maith an sainmhíniú atá ann ar shonraíocht an úisc choipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair). Chuir an tÚdarás i dtásc freisin gur fios comhábhair ghéineatocsaineacha agus charcanaigineacha a bheith i meacan compair, agus nach raibh faisnéis ar fáil faoi thiúchan na gcomhdhúl géineatocsaineach agus carcanaigineach san úsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. Dá bhrí sin, níorbh inmheasta i leith Symphytum officinale L. nach substaint é ar údar imní an t-úsc ón duilliúr atá air faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 23(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(5)

Thairis sin, leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil maidir leis an úsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L., níorbh fhéidir leis an Údarás measúnú riosca a thabhairt i gcrích i leith nochtadh neamhchothaitheach ná an measúnú ar an riosca don tomhaltóir. Thairis sin fós, ní raibh faisnéis leordhóthanach ann maidir le nochtadh an chomhshaoil agus na rioscaí d’orgánaigh nach spriocorgánaigh iad.

(6)

Ní raibh aon mheastóireacht ábhartha ar fáil agus í déanta i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(7)

Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithnithe (4) agus dréacht-Rialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 19 Bealtaine 2020 agus an 26 Eanáir 2021 faoi seach, agus chuir sé bailchríoch orthu le haghaidh chruinniú an Choiste sin an 24 Márta 2021.

(8)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúil féin a chur isteach i leith thuarascáil theicniúil an Údaráis agus i leith dhréacht-tuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir a bharúil isteach, agus scrúdaíodh go cúramach í.

(9)

Mar sin féin, ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní féidir an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint a chur as an áireamh.

(10)

Dá thoradh sin, ní rud é a suíodh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 comhlíonta. Dá bhrí sin, is iomchuí gan a fhormheas gur substaint bhunúsach atá san úsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair).

(11)

Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar iarratas eile a chur isteach ar úsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair) a fhormheas mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ná ar iarratas ar a fhormheas mar shubstaint ghníomhach i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin.

(12)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tsubstaint atá ina húsc coipthe ó dhuilliúr Symphytum officinale L. (meacan compair), ní fhormheastar í mar shubstaint bhunúsach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2019. Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le hEFSA i ndáil leis an iarratas maidir le substaint bhunúsach le formheas a dhéanamh i leith súlach an chompair a úsáid i gcosaint na bplandaí ina éarthach feithidí agus ina spreagaire plandaí ar chrainn torthaí, féar agus glasraí. Foilseachán tacaíochta EFSA 2019:EN-1753. 64 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2019.EN-1753.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(4)  https://ec.europa.eu/food/plant/pesticides/eu-pesticides-db_en


Top