Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0804

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/804 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin

    ST/7318/2021/INIT

    IO L 180, 21.5.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/804/oj

    21.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 180/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/804 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 an 10 Iúil 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1184/2005 (1), agus go háirithe Airteagal 15(3) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 10 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 747/2014.

    (2)

    An 5 Márta 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. SANTOS SILVA


    (1)  IO L 203, 11.7.2014, lch 1.


    IARSCRÍBHINN

    Sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014, scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

    3.

    SHAREIF, Adam.


    Top