EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0795

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/795 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 lena dtarraingeofar siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach alfa-cipirmeitrin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3297

IO L 174, 18.5.2021, p. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/795/oj

18.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 174/2


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/795 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Bealtaine 2021

lena dtarraingeofar siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach alfa-cipirmeitrin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe an dara rogha d’Airteagail 21(3) agus 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2004/58/CE ón gCoimisiún (2) áirítear alfa-cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1690 ón gCoimisiún (4), rinneadh athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí alfa-cipirmeitrin mar shubstaint atá le hionadú. Dá bharr sin, liostaíodh an tsubstaint ghníomhach sin i gcuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (5).

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1690 ceanglaíodh go gcuirfeadh an t-iarratasóir faisnéis dheimhnitheach faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir le próifíl thocsaineolaíoch meitibilítí áirithe faoin 30 Deireadh Fómhair 2020. Ina theannta sin, bhí gá le faisnéis dheimhnitheach le haghaidh trí phointe eile faoi spriocdhátaí eile a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1690.

(4)

I mí Dheireadh Fómhair 2020, chuir an t-iarratasóir in iúl don Choimisiún, don Bhallstát is rapóirtéir agus don Údarás nach ndéanfadh sé aon sonraí deimhnitheacha a chur faoina mbráid maidir le haon cheann de na ceithre phointe ar iarradh faisnéis dheimhnitheach ina leith.

(5)

Dá bharr sin, is iomchuí formheas na substainte gníomhaí sin a tharraingt siar.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(7)

Ba cheart am a thabhairt do na Ballstáit chun údaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil alfa-cipirmeitrin.

(8)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil alfa-cipirmeitrin, i gcás ina gceadóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart don tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, an 7 Nollaig 2022.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas a tharraingt siar

Tá formheas na substainte gníomhaí alfa-cipirmeitrin tarraingthe siar.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

I gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar sraith 12 maidir le halfa-cipirmeitrin.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil alfa-cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach faoin 7 Nollaig 2021 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Tréimhse chairde

Beidh aon tréimhse chairde a cheadóidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 chomh gearr agus is féidir agus rachaidh an tréimhse sin in éag faoin 7 Nollaig 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2004/58/CE ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2004 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun alfa-cipirmeitrin, beanalacsail, brómocsainil, deismeideafam, iocsainil agus feinmeideafam a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 120, 24.4.2004, lch. 26).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1690 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019 maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí alfa-cipirmeitrin, mar shubstaint atá le hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 259, 10.10.2019, lch. 2).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


Top