This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0775
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/775 of 11 May 2021 laying down the rules for the application of Regulation (EU) No 952/2013 of the European Parliament and of the Council as regards derogations from the ‘originating products’ rules laid down in the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/775 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2021 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le maoluithe ar na rialacha “táirgí tionscnaimh” a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/775 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2021 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le maoluithe ar na rialacha “táirgí tionscnaimh” a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
C/2021/3256
IO L 167, 12.5.2021, p. 3–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
12.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 167/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/775 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Bealtaine 2021
lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le maoluithe ar na rialacha “táirgí tionscnaimh” a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 58(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais, an 29 Nollaig 2020. |
(2) |
Baineann Cuid a Dó, Teideal I, Caibidil 2 den Chomhaontú le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin. In Iarscríbhinn ORIG-2 (Rialacha tionscnaimh táirgeshonracha) a ghabhann leis an gComhaontú, leagtar amach liosta den obair nó den phróiseáil is gá a dhéanamh ar ábhair neamhthionscnaimh chun go bhféadfar stádas tionscnaimh a thabhairt don táirge monaraithe. In Iarscríbhinn ORIG-2A leagtar síos rialacha malartacha is féidir a chur i bhfeidhm in ionad na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn ORIG-2 (Rialacha tionscnaimh táirgeshonracha) le haghaidh táirgí áirithe a mheasfar a bheith de thionscnamh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nó an Aontais faoi theorainneacha an chuóta bhliantúil is infheidhme. |
(3) |
Na táirgí a bhfuil feidhm ag na rialacha malartacha a leagtar síos in Iarscríbhinn ORIG-2A maidir leo, is féidir iad a allmhairiú isteach san Aontas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
(4) |
Chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtúil orthu i leith reachtaíocht an Aontais is infheidhme, ba cheart na cuótaí bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn ORIG-2A a bhainistiú ar bhonn ord croineolaíoch na ndátaí ar glacadh le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú cuótaí taraife a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3). |
(5) |
De bhun Airteagal 12 de Chinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (4), tá “an Comhaontú” le cur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2021 amach. Chun bainistiú éifeachtach agus cur i bhfeidhm tráthúil na gcuótaí tionscnaimh a leagtar amach in Iarscríbhinn ORIG-2A a ghabhann leis an gComhaontú a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na maoluithe a leagtar amach in Iarscríbhinn ORIG-2A den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú”), i gcás na dtáirgí a liostaítear san Iarscríbhinn agus a allmhairítear isteach san Aontas, laistigh de theorainneacha na gcuótaí a leagtar amach inti.
Airteagal 2
Déanfar na cuótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 3
Chun tairbhiú de na cuótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn, i gcás ina n-éilítear cóireáil fhabhrach [taraife] ar bhonn ráiteas maidir le tionscnamh, tarraingeofar suas an ráiteas sin i gcomhréir le hAirteagal ORIGl.19 den Chomhaontú agus beidh an ráiteas breise seo a leanas ann i mBéarla: “Origin quotas - Product originating in accordance with Annex ORIG-2A”.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) IO L 444, 31.12.2020, lch. 14.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonracha maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(4) Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe, (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).
IARSCRÍBHINN
D’ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, cinnfear raon feidhme na scéime fabhraí, laistigh de chomhthéacs na hIarscríbhinne seo, leis na cóid AC mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1577 ón gCoimisiún (2), agus leis an tuairisc ar an táirge sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn seo, i dteannta a chéile.
Uimhir an Ordaithe |
Cód AC |
Tuairisc na dtáirgí |
Tréimhse an chuóta |
Méid (glanmheáchan) |
09.6002 |
1604 14 |
Tuinníní, tuinníní aigéanacha agus boiníotó (Sarda spp.) iad ullmhaithe nó leasaithe, ina n-iomláine nó ina bpíosaí (seachas i bhfoirm mionaithe) |
Ón 1.1 go dtí an 31.12 (ón bhliain 2021 ar aghaidh) |
3 000 tona |
09.6004 |
1604 20 70 |
Tuinníní eile, tuinníní aigéanacha eile, nó iasc eile den ghéineas Euthynnus (cé is moite d’iasc ina iomláine nó ina phíosaí), iad ullmhaithe nó leasaithe |
Ón 1.1 go dtí an 31.12 (ón bhliain 2021 ar aghaidh) |
4 000 tona |
09.6006 |
7603 |
Táirgí alúmanaim agus earraí alúmanaim (cé is moite de shreang alúmanaim agus scragall alúmanaim) |
Ón 1.1 go dtí an 31.12 (le haghaidh na mblianta 2021, 2022 agus 2023) |
95 000 tona |
7604 |
||||
7606 |
||||
7608 go 7616 |
||||
7605 |
Sreang alúmanaim |
|||
7607 |
Scragall alúmanaim |
|||
09.6006 |
7603 |
Táirgí alúmanaim agus earraí alúmanaim (cé is moite de shreang alúmanaim agus scragall alúmanaim) |
Ón 1.1 go dtí an 31.12 (le haghaidh na mblianta 2024, 2025 agus 2026) |
72 000 tona |
7604 |
||||
7606 |
||||
7608 go 7616 |
||||
7605 |
Sreang alúmanaim |
|||
7607 |
Scragall alúmanaim |
|||
09.6006 |
7604 |
Barraí, slata agus próifílí alúmanaim; Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, ar tiús níos mó ná 0,2 mm; Scragall alúmanaim |
Ón 1.1 go dtí an 31.12 (ón bhliain 2027 ar aghaidh) |
57 500 tona |
7606 |
||||
7607 |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1577 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 361, 30.10.2020, lch. 1).