Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0768

    Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014

    ST/10045/2020/INIT

    IO L 165, 11.5.2021, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/768/oj

    11.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 165/1


    RIALACHÁN (AE, Euratom) 2021/768 ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Aibreán 2021

    lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an ceathrú mír d’Airteagal 311 de,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is codanna tábhachtacha de chóras acmhainní dílse an Aontais iad an nós imeachta chun an comhardú buiséadeach bliantúil a ríomh agus a bhuiséadú, na forálacha agus na socruithe is gá chun bailiú acmhainní dílse agus aon cheanglais tuairiscithe ábhartha a rialú agus a mhaoirsiú, ar codanna iad a chomhlánaíonn ar bhealach níos mionsonraithe forálacha de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

    (2)

    Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart na forálacha a bhaineann le cigireachtaí atá i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle (3) a áireamh sa Rialachán seo.

    (3)

    Chun a áirithiú go mbeidh buiséad comhardaithe ann, ba cheart aon bharrachas in ioncam an Aontais de bhreis ar an gcaiteachas iomlán iarbhír le linn bliain airgeadais a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais ina diaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart an comhardú atá le tabhairt anonn a shainiú.

    (4)

    Ba cheart do na Ballstáit seiceálacha agus fiosrúcháin a dhéanamh maidir le hacmhainní dílse an Aontais a ríomh, a bhunú agus a chur ar fáil. Chun cur i bhfeidhm na rialacha airgeadais maidir le hacmhainní dílse a éascú, is gá a áirithiú go n-oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún as lámha a chéile.

    (5)

    Ba cheart trédhearcacht chóras acmhainní dílse an Aontais a áirithiú trí fhaisnéis leordhóthanach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Dá bhrí sin, maidir leis na doiciméid agus an fhaisnéis atá ag teastáil chun go mbeidh an Coimisiún in ann an chumhacht a tugadh dó i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil don Choimisiún, agus i gcás inar gá, na doiciméid agus an fhaisnéis sin a chur chuig an gCoimisiún.

    (6)

    Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht, ba cheart forálacha a leagan síos lena gcumhdaítear cumhachtaí agus oibleagáidí oifigeach, seirbhíseach eile agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht a ghlacann páirt i gcigireachtaí i ndáil le hacmhainní dílse an Aontais. Ba cheart, go háirithe, na rialacha a leagan síos nach mór d’oifigigh uile an Aontais, gach seirbhíseach eile agus gach saineolaí náisiúnta ar iasacht a urramú maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí pearsanta. Is gá stádas saineolaithe náisiúnta ar iasacht a shonrú chomh maith leis an bhféidearthacht a bheadh ag an mBallstát lena mbaineann cur i gcoinne oifigigh de chuid Ballstáit eile a bheith i láthair le linn cigireachta.

    (7)

    Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, leis na socruithe lena dtuairiscíonn na Ballstáit atá freagrach as acmhainní dílse a bhailiú don Choimisiún, faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit chun acmhainní dílse a aisghabháil, go háirithe i gcásanna calaoise agus neamhrialtachtaí.

    (8)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le tuairisciú calaoise agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí d’acmhainní dílse traidisiúnta agus maidir le tuarascálacha bliantúla na mBallstát ar a gcuid cigireachtaí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (9)

    Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ionas gur féidir rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le tuairisciú calaoise agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí d’acmhainní dílse traidisiúnta agus maidir le tuarascálacha bliantúla na mBallstát i dtaobh a gcuid cigireachtaí, ós gníomhartha de chineál teicniúil na gníomhartha sin a cheanglaítear chun críoch tuairiscithe.

    (10)

    Tá gá le formhaoirseacht pharlaiminteach iomchuí, mar a leagtar amach sna Conarthaí, le haghaidh forálacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir le gach catagóir acmhainní dílse.

    (11)

    Ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle (5) a aisghairm.

    (12)

    Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an lá céanna le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta chur i bhfeidhm céanna leis an gCinneadh sin, eadhon, ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    ACMHAINNÍ DÍLSE A CHINNEADH

    Airteagal 1

    An comhardú a ríomh agus a bhuiséadú

    1.   Chun críoch Airteagal 8 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i gcomhardú bliana airgeadais ar leith, an difríocht idir an t-ioncam ar fad a bailíodh i dtaca leis an mbliain sin agus an méid íocaíochtaí a rinneadh in aghaidh leithreasuithe don bhliain airgeadais sin, lena gcuirfear méid na leithreasuithe don bhliain airgeadais chéanna a tugadh ar aghaidh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Airgeadais”).

    Déanfar glanmhéid na leithreasuithe a tugadh ar aghaidh ó bhlianta airgeadais roimhe sin ar cuireadh ar ceal iad a chur leis an difríocht sin nó a bhaint di. De mhaolú ar Airteagal 8(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar, lena chois sin, na nithe seo a leanas a chur leis an difríocht nó a bhaint di:

    (a)

    íocaíochtaí a dhéanfar os cionn leithreasuithe neamhdhifreáilte a tugadh ar aghaidh ón mbliain airgeadais roimhe sin faoi Airteagal 12(1) agus (4) den Rialachán Airgeadais mar thoradh ar athruithe i rátaí euro;

    (b)

    an comhardú a bhí mar thoradh ar shochair agus dochair mhalairte le linn na bliana airgeadais.

    2.   Roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair gach bliana airgeadais, déanfaidh an Coimisiún meastachán ar na hacmhainní dílse a bailíodh don bhliain ar fad, ar bhonn na sonraí a bheidh ar fáil dó an uair sin. Má bhíonn aon difríochtaí suntasacha ann i ndáil leis na meastacháin bhunaidh, is féidir go n-eascróidh litir lena leasaítear an dréachtbhuiséad don bhliain ina diaidh sin nó buiséad leasaitheach don bhliain airgeadais reatha as an méid sin.

    CAIBIDIL II

    FORÁLACHA MAIDIR LE RIALÚ AGUS MAOIRSEACHT AGUS CEANGLAIS TUAIRISCITHE ÁBHARTHA

    Airteagal 2

    Bearta rialaithe agus maoirseachta

    1.   Déanfar cigireacht ar na hacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 mar atá sonraithe sa Rialachán seo, gan dochar do Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 agus Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ar fáil don Choimisiún.

    3.   I gcás ina mbeidh baint ag bearta rialaithe agus maoirseachta leis na hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053;

    (a)

    déanfaidh na Ballstáit na seiceálacha agus na fiosrúcháin a bhaineann leis na hacmhainní dílse sin a bhunú agus a chur ar fáil;

    (b)

    déanfaidh na Ballstáit bearta cigireachta breise arna iarraidh sin don Choimisiún. Sonróidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an gcigireacht bhreise ina iarraidh. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfear doiciméid áirithe chuige;

    (c)

    má iarrann an Coimisiún amhlaidh, beidh sé bainteach le cigireachtaí a dhéanann na Ballstáit. I gcás ina mbeidh an Coimisiún bainteach le cigireacht, beidh rochtain ag an gCoimisiún, a mhéid is gá amhlaidh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ar na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na hacmhainní dílse a bhunú agus a chur ar fáil, mar aon le haon doiciméad iomchuí eile a bhfuil baint aige leis na doiciméid tacaíochta sin;

    (d)

    féadfaidh an Coimisiún cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh é féin. Na gníomhairí atá údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireachtaí den chineál sin a dhéanamh, beidh rochtain acu ar dhoiciméid mar atá leagtha amach i gcás na gcigireachtaí dá dtagraítear i bpointe (c). Déanfaidh Ballstáit na cigireachtaí sin a éascú.

    4.   I gcás ina mbaineann bearta rialaithe agus maoirseachta leis an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 déanfar cigireachtaí an Choimisiúin in éineacht le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Le linn na gcigireachtaí sin, déanfaidh an Coimisiún deimhin de, go háirithe, go ndearnadh na hoibríochtaí chun méid iomlán glan CBL a bailíodh a ríomh i gceart. Ina theannta sin, deimhneoidh an Coimisiún go raibh na sonraí a úsáideadh iomchuí, agus go gcomhlíonann na ríomhanna arna ndéanamh chun méid na hacmhainne dílse sin faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3(1) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 a chinneadh an Rialachán sin.

    5.   I gcás ina mbeidh baint ag bearta rialaithe agus maoirseachta leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 beidh rochtain ag an gCoimisiún ar na doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus leis na sonraí dá dtagraítear i dTreoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (9). Déanfar cigireachtaí an Choimisiúin in éineacht le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Le linn na gcigireachtaí sin, déanfaidh an Coimisiún deimhin de, go háirithe, go ndearnadh na hoibríochtaí chun meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi faoi mar a thagraítear di sa dara fomhír d’Airteagal 2(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a ríomh i gceart.

    6.   I gcás ina mbeidh baint ag bearta rialaithe agus maoirseachta leis an acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053:

    (a)

    déanfaidh an Coimisiún, gach bliain, cigireacht ar na comhbhailiúcháin a cuireadh ar fáil maidir le hearráidí sa tiomsú, in éineacht leis an mBallstát lena mbaineann, go háirithe i gcásanna ar thug an grúpa saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/516 fógra fúthu; agus é ina bhun sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna aonair, scrúdú a dhéanamh ar ríomhanna agus boinn staidrimh, cé is moite d’fhaisnéis i dtaobh gnólachtaí nó daoine aonair, mura mbeadh aon mheasúnú ceart indéanta murach sin;

    (b)

    ina theannta sin, beidh fáil ag an gCoimisiún ar na doiciméid a bhaineann leis na foinsí agus na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/516.

    7.   Ní dochar na bearta rialaithe agus maoirseachta dá dtagraítear san Airteagal seo don mhéid seo a leanas:

    (a)

    na cigireachtaí a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir lena ndlíthe, lena rialacháin nó lena bhforálacha riaracháin náisiúnta;

    (b)

    na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

    (c)

    na socruithe cigireachta arna ndéanamh de bhun phointe (b) d’Airteagal 322(1) CFAE.

    8.   Chun críoch na mbeart rialaithe agus maoirseachta faoi mhíreanna 3 go 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit doiciméid nó tuarascálacha ábhartha a bhaineann leis na córais a úsáidtear chun acmhainní dílse a bhailiú a chur chuige nó doiciméid nó tuarascálacha den sórt sin a chur ar fáil dó.

    Airteagal 3

    Cumhachtaí agus oibleagáidí ghníomhairí údaraithe an Choimisiúin

    1.   Chun na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 a dhéanamh, ceapfaidh an Coimisiún go sonrach oifigigh áirithe nó seirbhísigh eile áirithe dá chuid (“gníomhairí údaraithe”).

    I gcás gach cigireachta, cuirfidh an Coimisiún téarmaí tagartha i scríbhinn ar fáil do na gníomhairí údaraithe ina sonrófar a gcéannacht agus an cháil oifigiúil atá acu.

    Maidir leis na saineolaithe a thabharfaidh na Ballstáit ar iasacht don Choimisiún mar shaineolaithe náisiúnta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh sna cigireachtaí.

    Le comhaontú sainráite agus roimh ré an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ar oifigigh de chuid Ballstáit eile mar bhreathnóirí. Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na hoifigigh sin mír 3.

    2.   Le linn na gcigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, gníomhóidh na gníomhairí údaraithe ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh siad faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo.

    Urramóidh an Coimisiún prionsabal na rúndachta staidrimh mar a bunaíodh é i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    Féadfaidh gníomhaire údaraithe dul i dteagmháil le féichiúnaithe, más gá, ach ní fhéadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh ach i gcomhthéacs na gcigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta, agus ní fhéadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh ach trí na húdaráis inniúla arb iad a nósanna imeachta maidir le bailiú acmhainní dílse is ábhar don chigireacht.

    3.   Faisnéis a chuirfear in iúl nó a gheofar faoin Rialachán seo, cibé foirm ina bhfuil sí, beidh sí faoi réir rúndacht ghairmiúil agus gheobhaidh sí an chosaint a thugtar d’fhaisnéis chomhchosúil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit inar bailíodh í agus faoi na forálacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.

    Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní chuirfear í in iúl do dhaoine, seachas na daoine sin atá laistigh d’institiúidí an Aontais nó laistigh de na Ballstáit a bhfuil sé de dhualgas orthu an fhaisnéis sin a bheith ar eolas acu, ná ní úsáidfear í chun críoch seachas na críocha sin a leagtar síos sa Rialachán seo gan réamhthoiliú an Bhallstáit inar bailíodh í.

    Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus an dara fomhír maidir leis na hoifigigh agus na seirbhísigh eile de chuid an Aontais, mar aon le saineolaithe náisiúnta ar iasacht.

    4.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh gníomhairí údaraithe agus daoine eile atá ag gníomhú faoina údarás Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus rialacha eile an Aontais agus rialacha náisiúnta eile maidir le cosaint sonraí pearsanta.

    Airteagal 4

    Ullmhú agus bainistiú cigireachtaí

    1.   I dteachtaireacht a bhfuil bunús cuí léi, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi chigireacht in am trátha don Bhallstát ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh gníomhairí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a bheith páirteach sa chigireacht sin.

    2.   Is iad na gníomhairí údaraithe a dhéanfaidh cigireachtaí. Chun críocha eagrú na hoibre, déanfaidh na gníomhairí údaraithe na teagmhálacha is gá a bhunú le húdaráis inniúla na mBallstát.

    3.   I gcás na gcigireachtaí a bhfuil an Coimisiún bainteach leo, is í an roinn arna hainmniú ag an mBallstát lena mbaineann a áiritheoidh eagrú na hoibre agus an caidreamh leis na ranna lena mbaineann.

    4.   Déanfaidh na gníomhairí údaraithe cigireachtaí ar an láthair a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(3). Chun críocha eagrú na hoibre agus an chaidrimh leis na ranna, agus i gcás inarb iomchuí, leis na féichiúnaithe atá bainteach leis an gcigireacht, déanfaidh na gníomhairí údaraithe, sula ndéanfar aon chigireachtaí ar an láthair, na teagmhálacha is gá a bhunú leis na hoifigigh arna n-ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. I gcás cigireacht den chineál seo, leagfar amach na téarmaí tagartha i ndoiciméad ina luaitear aidhm agus cuspóir na cigireachta.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na ranna nó na gníomhaireachtaí a bheidh freagrach as na hacmhainní dílse a ríomh, a bhunú, a bhailiú agus a chur ar fáil, chomh maith leis na húdaráis ar thug siad treoir dóibh na cigireachtaí a dhéanamh ar an méid sin, an cúnamh atá riachtanach do na gníomhairí údaraithe chun a ndualgais a dhéanamh.

    Chun críoch cigireachtaí ar an láthair a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(3), cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas in am trátha faoi chéannacht agus cáil na ndaoine a ceapadh chun páirt a ghlacadh sna cigireachtaí seo agus tabharfaidh siad an cúnamh ar fad atá riachtanach do na gníomhairí údaraithe chun a ndualgais a dhéanamh.

    6.   Tabharfar ar aird don Bhallstát lena mbaineann torthaí na rialuithe agus na gcigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, cé is moite de na cigireachtaí a dhéanann na Ballstáit, trí bhíthin na mbealaí iomchuí laistigh de thréimhse 3 mhí. Cuirfidh an Ballstát a bharúlacha isteach laistigh de 3 mhí ón tráth a gheofar an tuarascáil. Mar sin féin, ar chúiseanna a bhfuil bunús cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann a bharúlacha i dtaobh pointí sonracha a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse míosa ón tráth a gheofar an tuarascáil. Féadfaidh an Ballstát diúltú freagra a thabhairt trí chumarsáid ina sonrófar na cúiseanna a choisceann é ó fhreagra a thabhairt ar iarraidh an Choimisiúin.

    Ina dhiaidh sin, tabharfar ar aird do na Ballstáit uile na torthaí agus na barúlacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chomh maith leis an tuarascáil achomair a ullmhaíodh i leith rialuithe maidir le hacmhainní dílse dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

    Má shainaithnítear le linn na gcigireachtaí ar an láthair nó le linn cigireachtaí eile a bhfuil an Coimisiún bainteach leo, i gcás ina mbaineann na cigireachtaí le hacmhainní dílse traidisiúnta, gur gá sonraí sna ráitis nó sna dearbhuithe a cuireadh chuig an gCoimisiún a bhaineann leis na hacmhainní dílse a leasú nó a cheartú agus má tá na ceartúcháin de thoradh orthu sin le déanamh i ráiteas nó i ndearbhú reatha, ansin déanfar na hathruithe ábhartha a shainaithint, sa ráiteas nó sa dearbhú arna úsáid amhlaidh, trí bhíthin nótaí iomchuí.

    Airteagal 5

    Calaois agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí d’acmhainní dílse traidisiúnta a thuairisciú

    1.   Laistigh de 2 mhí tar éis deireadh gach ráithe, cuirfidh na Ballstáit tuairisc chuig an gCoimisiún ar chásanna inar braitheadh calaois agus neamhrialtachtaí a raibh teidlíochtaí de bhreis agus EUR 10 000 a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

    Laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh gach Ballstát mionsonraí faoin staid a bhaineann le cásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a tuairiscíodh chuig an gCoimisiún cheana féin, agus nár luadh roimhe sin arbh amhlaidh ar aisghabhadh, ar cealaíodh nó nár aisghabhadh í nó iad.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear mionsonraí na dtuairiscí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    3.   Áireofar achoimre ar na tuairiscí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sa tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 325(5) CFAE.

    Airteagal 6

    Tuairisciú na mBallstát ar a gcigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta

    1.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha bliantúla mionsonraithe ar a gcigireachtaí i dtaca le hacmhainní dílse traidisiúnta agus le torthaí na gcigireachtaí sin, na sonraí foriomlána agus aon cheisteanna prionsabail a bhaineann leis na fadhbanna is tábhachtaí a d’eascair as cur i bhfeidhm na rialachán ábhartha lena gcuirtear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 chun feidhme agus as ábhair atá faoi dhíospóid, go háirithe. Cuirfear na tuarascálacha chuig an gCoimisiún faoin 1 Márta den bhliain i ndiaidh na bliana airgeadais lena mbaineann. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil achomair, agus tabharfar ar aird é do na Ballstáit uile.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear foirm do thuarascálacha bliantúla na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    3.   Déanfaidh an Coimisiún, gach 3 bliana, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na socruithe maidir le cigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(3).

    CAIBIDIL III

    COISTE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 7

    Nós imeachta coiste

    1.   Is é an Coiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse (CCAD) agus coistí eile i gcás inar gá a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Beidh CCAD agus na coistí eile ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 8

    Forálacha críochnaitheacha

    Aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014.

    Na tagairtí don Rialachán aisghairthe, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 9

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 i bhfeidhm.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

    (2)  Toiliú an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 maidir leis na socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 155, 7.6.1989, lch. 9).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 29).

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lch. 19).

    (8)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

    (9)  Cinneadh 2005/270/CE ón gComhairle an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).

    (10)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

    (11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    TÁBLA COMHGHAOIL

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 2(3)(a)

    Airteagal 2(3)(a)

    Airteagal 2(3)(b)

    Airteagal 2(3)(b)

    Airteagal 2(3)(c)

    Airteagal 2(3)(c)

    Airteagal 2(3)(d)

    Airteagal 2(3)(d)

    Airteagal 2(3)(e)

    Airteagal 2(7)

    Airteagal 2(4)

    Airteagal 2(4)

    -

    Airteagal 2(5)

    Airteagal 2(5)

    Airteagal 2(6)

    Airteagal 2(6)

    Airteagal 2(8)

    Airteagal 3

    Airteagal 3

    Airteagal 4

    Airteagal 4

    Airteagal 5

    Airteagal 5

    Airteagal 6

    Airteagal 6

    Airteagal 7

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 8

    Airteagal 9

    Airteagal 9


    Top