EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0761

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/761 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a mhéid a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3147

IO L 162, 10.5.2021, p. 46–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/761/oj

10.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/761 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a mhéid a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 30(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 ón gCoimisiún (2) leagtar síos samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh. Dréachtaíodh na samhailfhoirmeacha sin de dheimhnithe zóiteicniúla tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

(2)

Ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717, thug na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara fógra don Choimisiún maidir le fadhbanna praiticiúla áirithe a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla a úsáid, a mhéid a bhaineann le sainaitheantas ainmhithe pórúcháin a fhíorú. Agus an taithí a fuarthas ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, ba cheart samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla a leasú chun fíorú shainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin a éascú. Maidir leis na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil, ba cheart iad a chur ar fáil i ndeimhniú zóiteicniúil, sa bhosca a fhreagraíonn do thorthaí an fhíoraithe maidir le sainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a leasú dá réir.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Zótheicnic,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 10 Lúnasa 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171, 29.6.2016, lch. 66.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh (IO L 109, 26.4.2017, lch. 9).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i Roinn A, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(b)

i Roinn B, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil seamhain d’ainmhithe pórúcháin folaíochta, i bhfonóta 9, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(c)

i Roinn C, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil úicítí d’ainmhithe pórúcháin folaíochta, i bhfonóta 9, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(d)

i Roinn D, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil suthanna d’ainmhithe pórúcháin folaíochta, i bhfonóta 9, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”.

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i Roinn A, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil muc pórúcháin hibrideach, i bhfonóta 5, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(b)

i Roinn B, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil seamhain de mhuca pórúcháin hibrideacha, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(c)

i Roinn C, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil úicítí de mhuca pórúcháin hibrideacha, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Toradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(d)

i Roinn D, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le trádáil suthanna de mhuca pórúcháin hibrideacha, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”.

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i Roinn A, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 5, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(b)

i Roinn B, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le seamhan d’ainmhithe pórúcháin folaíochta a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(c)

i Roinn C, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le húicítí d’ainmhithe pórúcháin folaíochta a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(d)

i Roinn D, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le suthanna d’ainmhithe pórúcháin folaíochta a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”.

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

i Roinn A, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le muca pórúcháin hibrideacha a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 5, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(b)

i Roinn B, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le seamhan de mhuca pórúcháin hibrideacha a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(c)

i Roinn C, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le húicítí de mhuca pórúcháin hibrideacha a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”;

(d)

i Roinn D, ar shamhailfhoirm an deimhnithe zóiteicniúil maidir le suthanna de mhuca pórúcháin hibrideacha a thabhairt isteach san Aontas, i bhfonóta 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Faoi ‘Thoradh’, tabhair na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil.”.


Top