EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0759

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/759 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir leis na heisceachtaí ón gceanglas maidir le pas plandaí, stádas na hIodáile, na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice nó limistéir áirithe díobh mar chriosanna cosanta, agus an tagairt do chrios cosanta sa Phortaingéil

C/2021/3169

IO L 162, 10.5.2021, p. 18–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/759/oj

10.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/18

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/759 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir leis na heisceachtaí ón gceanglas maidir le pas plandaí, stádas na hIodáile, na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice nó limistéir áirithe díobh mar chriosanna cosanta, agus an tagairt do chrios cosanta sa Phortaingéil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 32(3) agus (6), Airteagal 35(1) agus (2) agus Airteagal 79(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), bunaíodh rialacha maidir le pasanna plandaí le haghaidh iompar plandaí, táirgí plandaí agus réada eile laistigh den Aontas. Thairis sin, in Iarscríbhinn III den Rialachán sin, aithníodh Ballstáit áirithe agus limistéir áirithe i mBallstáit mar chriosanna cosanta i ndáil le lotnaidí coraintín áirithe na gcriosanna cosanta. Thairis sin arís, aithníodh criosanna cosanta áirithe mar chriosanna cosanta sealadacha go dtí an 30 Aibreán 2020, ionas gur féidir le gach Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis ar fad is gá a chur ar fáil chun a léiriú nach raibh na lotnaidí sin sa Bhallstát nó sa limistéar lena mbaineann, nó chun leanúint dá n-iarrachtaí an lotnaid sin a dhíothú nó a n-iarrachtaí a chur i gcrích.

(2)

Is léir ón taithí a fuarthas gur cheart síneadh a chur le raon feidhme rialacha áirithe a bhaineann le heisceachtaí ón gceanglas maidir le pas plandaí, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Go háirithe, ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht agus chun gach cás maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá rialáilte a chumhdach, ba cheart síolta plandaí a chumhdach leis na heisceachtaí sin, mar aon le táirgí plandaí agus réada eile nach bhfuil faoi réir na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagail 28(1), 30(1) nó 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(3)

Maidir leis an Iodáil, aithníodh críoch Campania agus codanna áirithe de Piedmont mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. In 2020, chuir an Iodáil faisnéis isteach lena léirítear gurb ann anois do Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. i mbardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gCúige Naples, agus Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gCúige Salerno, agus ar chríoch iomlán Piedmont. Dá bhrí sin, níor cheart na bardais sin agus críoch iomlán Piedmont a aithint a thuilleadh mar chuid den chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al..

(4)

Thairis sin, aithníodh codanna áirithe de chríocha na hIodáile mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. go dtí 30 Aibreán 2020. Ó thorthaí an tsuirbhé a chuir an Iodáil ar fáil in 2019 agus 2020, maidir le lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, lotnaid a aimsíodh i ráigeanna treallacha agus leithlisithe i gcodanna áirithe den chrios cosanta, dealraíonn sé go bhfuil sí díothaithe nó go bhfuil sí á díothú agus go bhfuil an chuid eile den chrios cosanta fós saor ón lotnaid sin. Léiríonn an fhaisnéis sin freisin nár thóg sé níos mó ná 2 bhliain an díothú a dhéanamh go dtí seo. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt do na codanna sin de chríocha na hIodáile mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al., gan aon teorainn ama.

(5)

Aithníodh críocha na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice mar chriosanna cosanta sealadacha i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. go dtí an 30 Aibreán 2020. Ó thorthaí an tsuirbhé a chuir Éire, an Liotuáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic ar fáil in 2019 agus 2020, maidir le lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, lotnaid a aimsíodh i ráigeanna treallacha agus leithlisithe i gcodanna áirithe de na criosanna cosanta, dealraíonn sé go bhfuil sí díothaithe nó go bhfuil sí á díothú agus go bhfuil an chuid eile den chrios cosanta fós saor ón lotnaid sin. Léiríonn an fhaisnéis sin freisin nár thóg sé níos mó ná 2 bhliain an díothú ar ráigeanna a dhéanamh go dtí seo. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt do chríocha na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice mar chriosanna cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al., gan aon teorainn ama.

(6)

Ina theannta sin, in 2020, chuir an tSlóvaic faisnéis isteach lena léirítear go bhfuil Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. ann anois i mbailecheantair Valice, Jesenské agus Rimavská Sobota i gContae Rimavská Sobota. Dá bhrí sin, níor cheart na bailecheantair sin a aithint a thuilleadh mar chuid den chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al..

(7)

D’iarr Éire go n-aithneofaí a críoch féin mar chrios cosanta i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller. Ar bhonn suirbhéanna a rinneadh in 2018 agus 2019, chuir Éire fianaise isteach nach ann ar a críoch féin don lotnaid atá i gceist, in ainneoin go bhfuil coinníollacha fabhracha ann le haghaidh na lotnaide sin. Mar sin féin, is gá suirbhéanna breise a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart Éire a aithint mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller go dtí an 30 Aibreán 2023.

(8)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ina liostaítear na criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, ba cheart na hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann leis an Rialachán sin ina liostaítear na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe agus na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá le tabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó atá le cur ó áit go chéile laistigh díobh faoi cheanglais speisialta, faoi seach.

(9)

Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ón bPortaingéil, rinneadh oileán Terceira a eisiamh cheana féin ó chrios cosanta na Portaingéile in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i ndáil le Gonipterus scutellatus Gyllenhal le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2210 ón gCoimisiún (3), gan leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Dá bhrí sin, is iomchuí leasú a dhéanamh ar an tagairt don chrios cosanta sin san Iarscríbhinn sin chomh maith.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a leasú dá réir sin.

(11)

Ar mhaithe le soiléireacht, na leasuithe a bhaineann le limistéir ar aithníodh iad mar chriosanna cosanta de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 go dtí an 30 Aibreán 2020, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith acu le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Bealtaine 2020.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

níl siad faoi réir na gceanglas speisialta atá in Iarscríbhinn VIII ná in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo ná faoi réir na gceanglas dá bhforáiltear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagail 28(1), 30(1) nó 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.”;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le Cuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn IX i gcomhréir le Cuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn X i gcomhréir le Cuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas ón 1 Bealtaine 2020:

pointe (2) d’Airteagal 1, seachas pointe (2) de Chuid 1 den Iarscríbhinn;

pointe (3) d’Airteagal 1;

pointe (4) d’Airteagal 1, seachas pointe (3) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2210 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní III, VI, VII, IX, X, XI agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir leis na ceanglais a bhaineann le crios cosanta Thuaisceart Éireann, agus na toirmisc agus na ceanglais maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas ón Ríocht Aontaithe (IO L 438, 28.12.2020, lch. 28).

IARSCRÍBHINN

CUID 1

Leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:

(1)

i roinn (a) “Baictéir”, leasaítear an tríú colún “Criosanna cosanta” de phointe 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gCúige Naples, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gCúige Salerno), Lazio, Liguria, Lombardy (seachas Cúigí Milan, Mantua, Sondrio agus Varese, agus ceantair Bovisio Masciago, Cesano Maderno, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gCúige Monza Brianza), Marche (seachas ceantair Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gCúige Pesaro e Urbino), Molise, Sardinia, Sicily (seachas bardais Cesarò i gCúige Messina, Maniace, Bronte, Adrano i gCúige Catania agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gCúige Enna), Tuscany, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas Cúigí Rovigo agus Venice, ceantair Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gCúige Padova agus ceantair Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio, Zimella i gCúige Verona));”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) go (k):

“(g)

Éire (seachas cathair na Gaillimhe);

(h)

An Liotuáin (seachas bardas Kėdainiai i réigiún Kaunas);

(i)

An tSlóivéin (seachas réigiúin Gorenjska, Koroška, Maribor agus Notranjska, agus ceantair Dol pri Ljubljani, Lendava, Litija, Moravče, Renče-Vogrsko, Velika Polana agus Žužemberk, agus na lonnaíochtaí Fużina, Gabrovčec, Glogovica, Gorenja vas, Gradiček, Grintovec, Ivančna Gorica, Krka, Krška vas, Male Lese, Malo Črnelo, Malo Globoko, Marinča vas, Mleščevo, Mrzlo Polje, Muljava, Podbukovje, Potok pri Muljavi, Šentvid pri Stični, Škrjanče, Trebnja Gorica, Velike Lese, Veliko Črnelo, Veliko Globoko, Vir pri Stični, Vrhpolje pri Šentvidu, Zagradec agus Znojile pri Krki i gceantar Ivančna Gorica);

(j)

An tSlóvaic (seachas Contae Dunajská Streda, agus na bailecheantair Hronovce agus Hronské Kľačany i gContae Levice, Dvory nad Žitavou i gContae Nové Zámky, Málinec i gContae Poltár, Valice, Jesenské agus Rimavská Sobota i gContae Rimavská Sobota, Hrhov i gContae Rožňava, Veľké Ripňany i gContae Topoľčany, Kazimír, Luhyňa, Malý Horeš, Svätuše agus Zatín i gContae Trebišov).”;

(2)

i roinn (c) “Feithidí agus fíneoga”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 19:

“19.

Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller

THAUPI

(a)

go dtí an 30 Aibreán 2023: Éire;

(b)

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann).”

CUID 2

Leasuithe ar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:

(1)

i bpointe 1, leasaítear an tríú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gCúige Naples, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gCúige Salerno), Lazio, Liguria, Lombardy (seachas Cúigí Milan, Mantua, Sondrio agus Varese, agus ceantair Bovisio Masciago, Cesano Maderno, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gCúige Monza Brianza), Marche (seachas ceantair Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gCúige Pesaro e Urbino), Molise, Sardinia, Sicily (seachas bardais Cesarò i gCúige Messina, Maniace, Bronte, Adranoi gCúige Catania agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gCúige Enna), Tuscany, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas Cúigí Rovigo agus Venice, ceantair Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gCúige Padova agus ceantair Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio, Zimella i gCúige Verona))”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) go dtí (i):

“(g)

An Liotuáin (seachas bardas Kėdainiai i réigiún Kaunas);

(h)

An tSlóivéin (seachas réigiúin Gorenjska, Koroška, Maribor agus Notranjska, agus ceantair Dol pri Ljubljani, Lendava, Litija, Moravče, Renče-Vogrsko, Velika Polana agus Žužemberk, agus na lonnaíochtaí Fużina, Gabrovčec, Glogovica, Gorenja vas, Gradiček, Grintovec, Ivančna Gorica, Krka, Krška vas, Male Lese, Malo Črnelo, Malo Globoko, Marinča vas, Mleščevo, Mrzlo Polje, Muljava, Podbukovje, Potok pri Muljavi, Šentvid pri Stični, Škrjanče, Trebnja Gorica, Velike Lese, Veliko Črnelo, Veliko Globoko, Vir pri Stični, Vrhpolje pri Šentvidu, Zagradec agus Znojile pri Krki i gceantar Ivančna Gorica);

(i)

An tSlóvaic (seachas Contae Dunajská Streda, agus na bailecheantair Hronovce agus Hronské Kľačany i gContae Levice, Dvory nad Žitavou i gContae Nové Zámky, Málinec i gContae Poltár, Valice, Jesenské agus Rimavská Sobota i gContae Rimavská Sobota, Hrhov i gContae Rožňava, Veľké Ripňany i gContae Topoľčany, Kazimír, Luhyňa, Malý Horeš, Svätuše agus Zatín i gContae Trebišov);”.

(2)

i bpointe 2, leasaítear an tríú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:

CUID 3

Leasuithe ar Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072

Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:

(1)

i bpointe 3, leasaítear an ceathrú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gCúige Naples, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gCúige Salerno), Lazio, Liguria, Lombardy (seachas Cúigí Milan, Mantua, Sondrio agus Varese, agus ceantair Bovisio Masciago, Cesano Maderno, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gCúige Monza Brianza), Marche (seachas ceantair Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gCúige Pesaro e Urbino), Molise, Sardinia, Sicily (seachas bardais Cesarò i gCúige Messina, Maniace, Bronte, Adranoi gCúige Catania agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gCúige Enna), Tuscany, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas Cúigí Rovigo agus Venice, ceantair Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gCúige Padova agus ceantair Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio, Zimella i gCúige Verona))”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) go dtí (i):

“(g)

An Liotuáin (seachas bardas Kėdainiai i réigiún Kaunas)

(h)

An tSlóivéin (seachas réigiúin Gorenjska, Koroška, Maribor agus Notranjska, agus ceantair Dol pri Ljubljani, Lendava, Litija, Moravče, Renče-Vogrsko, Velika Polana agus Žužemberk, agus na lonnaíochtaí Fużina, Gabrovčec, Glogovica, Gorenja vas, Gradiček, Grintovec, Ivančna Gorica, Krka, Krška vas, Male Lese, Malo Črnelo, Malo Globoko, Marinča vas, Mleščevo, Mrzlo Polje, Muljava, Podbukovje, Potok pri Muljavi, Šentvid pri Stični, Škrjanče, Trebnja Gorica, Velike Lese, Veliko Črnelo, Veliko Globoko, Vir pri Stični, Vrhpolje pri Šentvidu, Zagradec agus Znojile pri Krki i gceantar Ivančna Gorica);

(i)

An tSlóvaic (seachas Contae Dunajská Streda, agus na bailecheantair Hronovce agus Hronské Kľačany i gContae Levice, Dvory nad Žitavou i gContae Nové Zámky, Málinec i gContae Poltár, Valice, Jesenské agus Rimavská Sobota i gContae Rimavská Sobota, Hrhov i gContae Rožňava, Veľké Ripňany i gContae Topoľčany, Kazimír, Luhyňa, Malý Horeš, Svätuše agus Zatín i gContae Trebišov);”.

(2)

i bpointe 9, leasaítear an ceathrú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:

i bpointe 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cheathrú colún “Criosanna cosanta”:

“(a)

Éire

(b)

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)”;

(4)

i bpointe 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cheathrú colún “Criosanna cosanta”:

“(a)

An Ghréig

(b)

An Phortaingéil (na hAsóir, seachas oileán Terceira)”.

Top