This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0743
Council Implementing Regulation (EU) 2021/743 of 6 May 2021 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/743 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/743 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/6305/2021/INIT
IO L 160, 7.5.2021, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/743 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Bealtaine 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(2) |
Ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
I Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 36:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“36. |
Nizar AL-ASSAD (dá ngairtear freisin al-Asad, Assad, Asad, Assaad, Asaad, Al-Assaad) ( اسعد, الاسعد,الاسد;نزار) |
Dáta Breithe: 2.3.1948 nó 23.3.1948 nó Márta 1948; Náisiúntachtaí: Siriach, Liobánach, agus Ceanadach; Pas Siriach dar uimhir 011090258; Pas Liobánach dar uimhir RL0003434; Pas Ceanadach dar uimhir AG629220; Inscne: fireann |
Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria a bhfuil dlúthbhaint aige leis an réimeas. Bainteach le teaghlaigh Assad agus Makhlouf. Mar sin, bhí sé rannpháirteach i réimeas na Siria, ag baint tairbhe as, nó bhí sé ag tacú ar bhealach eile le réimeas na Siria. Mórinfheisteoirí ola é, bunaitheoir agus ceann na cuideachta darbh ainm Lead Contracting & Trading Ltd. |
23.8.2011” |