EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0726

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/726 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Adoxophyes orana granulovirus agus flutríafól (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2994

IO L 155, 5.5.2021, p. 20–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/726/oj

5.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/726 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Bealtaine 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Adoxophyes orana granulovirus agus flutríafól

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 17 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (2) ón gCoimisiún na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí flutríafól ón 31 Bealtaine 2021 go dtí an 31 Bealtaine 2024 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1266 (3) agus ina theannta sin go dtí an 31 Lúnasa 2024 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (4). Cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí Adoxophyes orana granulovirus ón 31 Eanáir 2023 go dtí an 31 Eanáir 2024 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007.

(3)

Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5). I gcás na substaintí gníomhacha Adoxophyes orana granulovirus agus flutríafól, áfach, tá sé deimhnithe ag na hiarratasóirí nach dtacaíonn siad a thuilleadh leis an iarratas ar fhormheas a athnuachan.

(4)

I bhfianaise aidhm na chéad mhíre d’Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níl údar a thuilleadh le faduithe ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin, dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go rachaidh formheasanna Adoxophyes orana granulovirus agus flutríafól in éag ar na dátaí a rachadh siad in éag gan an síneadh a chur leis.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1266 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, carbocsain, cleataidim, cioglocsaidim, dasaimeit, déchlófop, déthianón, dóidín, feanasacuin, fluometuron, flutríafól, heicsitiasocs, himeacsasól, aigéad iondoiliolbútarach, iosocsaibein, sulfar aoil, meataildéad, paclabútrasól, peinciocúrón, sintifein, tó-fluvailionáit agus teabúifeanóisíd (IO L 238, 21.9.2018, lch. 81).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le síneadh a chur le tréimhsí ceadaithe na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, tréithchineál O de Candida oleophila, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíde, fluaimeatúrón, flucsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, L-aigéad ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, tréithchineál FE 9901 Paecilomyces fumosoroseus, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití déshóidiam, prósulfúrón, tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spineatoram, spiriteitreamat, tréithchineál WYEC 108 Streptomyces lydicus, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 26, Adoxophyes orana granulovirus, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 353, flutríafól, cuirtear “31 Bealtaine 2021” in ionad an dáta.


Top