EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0724

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/724 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cumarsáidí is gá do na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán sin

C/2021/1344

IO L 155, 5.5.2021, p. 3–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/724/oj

5.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/724 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cumarsáidí is gá do na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 20 agus Airteagal 44(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(6) de Rialachán (AE) 2019/787 gur faoi mhaoirseacht ioncaim Ballstáit nó faoi mhaoirseacht lena soláthraítear ráthaíochtaí coibhéiseacha a dhéanfar na hoibríochtaí chun deochanna biotáilleacha a aosú.

(2)

Chun na críche sin, ceapfaidh na Ballstát na comhlachtaí a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe sin agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi ionas go bhféadfaidh sé clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí ceaptha sin.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/787 gurb iad na Ballstáit atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dheochanna biotáilleacha. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán sin agus ainmneoidh siad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán sin.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid éifeachtúil ann idir an Coimisiún agus na comhlachtaí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as a áirithiú go comhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787, is iomchuí a cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí teagmhála a gcomhlachtaí faoi seach atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe agus na n-údarás inniúil atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú.

(5)

Chun a áirithiú gur ar bhealach simplí éifeachtúil a chuirfidh na Ballstáit cumarsáidí chuig an gCoimisiún, i gcás ina gceapfaidh Ballstát níos mó ná comhlacht amháin le maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha nó níos mó ná údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787, is iomchuí a cheangal go n-ainmneoidh an Ballstát sin comhlacht idirchaidrimh mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoi shonraí teagmhála a gcomhlachtaí idirchaidrimh.

(6)

Chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis a chur in iúl go héifeachtúil idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ba cheart rialacha a leagan síos freisin maidir le foirm agus le spriocdhátaí na gcumarsáidí sin.

(7)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dheochanna Biotáilleacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis a mbeidh fógra le tabhairt don Choimisiún faoi

1.   Maidir leis na comhlachtaí a ceapadh le maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha i gcomhréir le hAirteagal 13(6) de Rialachán (AE) 2019/787, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh na faisnéise seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist an chomhlachta a ceapadh le maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha;

(b)

i gcás ina gceaptar roinnt comhlachtaí chun maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha, an fhreagracht ar leith a bheidh ar gach ceann acu;

(c)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist an chomhlachta idirchaidrimh a ainmníodh i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 2.

2.   Maidir leis na húdaráis inniúla atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787 i gcomhréir le hAirteagal 43(1) den Rialachán sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh na faisnéise seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist an údaráis inniúil;

(b)

i gcás ina n-ainmnítear roinnt údarás inniúil, an fhreagracht ar leith a bheidh ar gach ceann acu;

(c)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist an chomhlachta idirchaidrimh a ainmníodh i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 2.

Airteagal 2

Comhlachtaí idirchaidrimh a ainmniú

I gcás ina gceapfaidh Ballstát níos mó ná comhlacht amháin chun maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha, ainmneoidh sé comhlacht idirchaidrimh le haghaidh na gcomhlachtaí sin a dhéanann maoirseacht ar phróisis aosaithe.

I gcás ina gceapfaidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787, ainmneoidh sé comhlacht idirchaidrimh le haghaidh na n-údarás inniúil sin.

Beidh an dá chomhlacht idirchaidrimh freagrach as faisnéis a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Spriocdháta agus módúlachtaí maidir le fógraí a thabhairt do na comhlachtaí a ceapadh le maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus do na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 1 faoin 25 Lúnasa 2021.

2.   Aon athrú a dhéanfar ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra faoi, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi laistigh de 3 mhí ón dáta a tharla an t-athrú.

3.   Déanfar na fógraí sin trí úsáid a bhaint as na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh faisnéise a bhaineann leis na comhlachtaí a ceapadh le maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus in Iarscríbhinn II le haghaidh faisnéise a bhaineann leis na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 25 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

An fhoirm le haghaidh an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 1(1)

Ballstát:

Dáta an fhógra:

Líontar isteach Cuid A más rud é go ceaptar comhlacht aonair le maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe deochanna biotáilleacha nó Cuid B más rud é go gceaptar roinnt comhlachtaí le maoirseacht a dhéanamh ar na próisis sin. Sa dara cás, líontar isteach Cuid C freisin.

CUID A

COMHLACHT A CEAPADH LE MAOIRSEACHT A DHÉANAMH AR NA PRÓISIS AOSAITHE LE hAGHAIDH DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Ainm:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:

CUID B

LIOSTA COMHLACHTAÍ A CEAPADH LE MAOIRSEACHT A DHÉANAMH AR NA PRÓISIS AOSAITHE LE hAGHAIDH DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

I gcás gach comhlachta, tugtar an fhaisnéis seo a leanas:

Ainm:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:

Freagracht ar leith:

CUID C

COMHLACHT IDIRCHAIDRIMH

Ainm:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:


IARSCRÍBHINN II

An fhoirm le haghaidh an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

Ballstát:

Dáta an fhógra:

Líontar isteach Cuid A más rud é go n-ainmnítear údarás inniúil aonair chun a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2019/787 nó Cuid B más rud é go n-ainmnítear níos mó ná údarás inniúil amháin. Sa dara cás, líontar isteach Cuid C freisin.

CUID A

ÚDARÁS INNIÚIL A BHEIDH FREAGRACH AS A ÁIRITHIÚ GO gCOMHLÍONFAR RIALACHÁN (AE) 2019/787

Ainm:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:

CUID B

LIOSTA ÚDARÁS INNIÚIL A BHEIDH FREAGRACH AS A ÁIRITHIÚ GO gCOMHLÍONFAR RIALACHÁN (AE) 2019/787

I gcás gach údaráis inniúil, tugtar an fhaisnéis seo a leanas:

Ainm:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:

Freagracht ar leith:

CUID C

COMHLACHT IDIRCHAIDRIMH

Ainm:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:


Top