Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0699

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, táirgeadh páirteanna lena n-úsáid le linn cothabhála agus breithniú a dhéanamh ar ghnéithe aosaithe aerárthaí le linn deimhniúcháin

    C/2020/9326

    IO L 145, 28.4.2021, p. 1–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/699/oj

    28.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 145/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/699 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Nollaig 2020

    lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, táirgeadh páirteanna lena n-úsáid le linn cothabhála agus breithniú a dhéanamh ar ghnéithe aosaithe aerárthaí le linn deimhniúcháin

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19 (1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais maidir le forbairt agus infhaighteacht treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, maidir le táirgeadh páirteanna agus fearas lena suiteáil in aerárthaí sibhialta, maidir leis na sonraí, na nósanna imeachta, na treoracha agus na lámhleabhair is gá chun aeracmhainneacht leanúnach aerárthaigh shibhialta a áirithiú a bheith á gcur ar fáil ag sealbhóirí an fhormheasta dearaidh, agus maidir leis na hathruithe agus na deisiúcháin ar dheimhnithe cineáil agus deimhnithe cineáil srianta a fhormheas.

    (2)

    Ní mór do shealbhóirí an fhormheasta dearaidh treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach a fhorbairt mar chuid de dheimhniú an táirge nó na páirte, ar treoracha iad, má chuirtear i bhfeidhm i gceart iad, ar cheart go n-áiritheofaí leo go leanfaidh an táirge nó an pháirt de bheith aeracmhainneach i rith na saolré a beartaíodh dó nó di. Ós rud é nach bhfuil na rialacha atá ann cheana sách soiléir, is féidir le sealbhóirí deimhnithe cineáil bríonna éagsúla a bhaint as a bhfuil i gceist le sraith treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach agus as an leibhéal ar a bhfuil ceangal orthu rialú a dhéanamh ar na sonraí arb ionann iad agus na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach.

    (3)

    Dá bhrí sin, is gá sainmhíniú a thabhairt ar “threoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach” agus treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach a bhunú mar chuid den deimhniú cineáil chun an smacht atá ag sealbhóir an fhormheasta dearaidh orthu a neartú, lena n-áirítear na leasuithe ar na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach.

    (4)

    Tá na ceanglais maidir le taifid a choinneáil, lámhleabhair agus treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach scaipthe i measc na bhfochodanna éagsúla d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, rud as a dtagann dúbláil ar cheanglais chomhchosúla. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sin a chumasc in aon cheanglas amháin le haghaidh gach ceann de na hábhair sin.

    (5)

    Níl páirt nó fearas incháilithe lena suiteáil nó lena shuiteáil i dtáirge a bhfuil deimhniú cineáil déanta air ach amháin i gcás ina bhfuil sí nó sé sábháilte lena hoibriú nó lena oibriú agus ina n-eisítear Foirm 1 de chuid EASA chun a dheimhniú gur monaraíodh an pháirt nó an fearas i gcomhréir le sonraí formheasta an deartha, mura rud é gur páirt chaighdeánach í nó é nó go gcomhlíonann sí nó sé ceanglais áirithe agus go bhfuil sí nó sé suiteáilte in ELA 1 nó in ELA 2.

    (6)

    Maidir le Foirm 1 de chuid EASA, ní féidir ach le heagraíocht táirgthe atá formheasta i gcomhréir le Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, nó eagraíocht táirgthe a léiríonn comhréireacht a cuid páirteanna agus fearas le sonraí an deartha is infheidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear i bhFochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, an fhoirm sin a eisiúint. Sa dara cás sin, caithfidh an t-údarás inniúil bailíochtú a dhéanamh ar Fhoirm 1 de chuid EASA a d’eisigh an eagraíocht táirgthe. I gcás na bpáirteanna agus na bhfearas ar beag a dtionchar ar oibriú aerárthaí i gcás neamh-chomhréireacht lena ndearadh, ní dhéanann ardchaighdeán táirgeachta, mar a dheimhnítear le Foirm 1 de chuid EASA, sábháilteacht bhreise a sholáthar d’oibríochtaí aeir, agus cruthaítear ualach riaracháin nach bhfuil gá leis nuair a eisítear Foirm 1 de chuid EASA.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ann páirteanna agus fearais áirithe a tháirgeadh gan é a bheith riachtanach a gcomhréireacht le sonraí formheasta an deartha a dheimhniú trí Fhoirm 1 de chuid EASA a eisiúint, agus cead a bheith ann na páirteanna agus na fearais sin a shuiteáil i dtáirgí a bhfuil deimhniú cineáil déanta orthu.

    (8)

    D’fhéadfaí a mheas go bhfuil aon aerárthach ag dul in aois ó thráth a mhonaraithe. Braitheann aosú aerárthaigh ar thosca amhail aois, líon na dtimthriallta eitilte agus líon na n-uaireanta eitilte. Is léir ón taithí sheirbhíse a fuarthas gur gá an t-eolas faoi shláine struchtúrach na n-aerárthaí atá ag dul in aois a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 ón gCoimisiún (3) tugadh ceanglais nua isteach maidir le haerárthaí atá i seirbhís chun an t-eolas faoi thosca aosaithe a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn taithí oibríochtúil fíor-ama agus trí úsáid a bhaint as uirlisí nua-aimseartha anailíse agus tástála. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais sin go gcloífidh sealbhóirí an fhormheasta dearaidh leis na nósanna imeachta, go gcuirfidh siad na sonraí ar fáil agus go ndéanfaidh siad na treoracha agus na lámhleabhair le haghaidh an dearaidh atá ann cheana a chur ar fáil d’oibreoirí go pras chun cosc a chur ar theipeanna sa struchtúr aosaithe.

    (9)

    Nuair a dhéantar struchtúr eitleáin mhóir a bhfuil deimhniú cineáil déanta air a mhodhnú agus tar éis Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 a bheith comhlíonta, ní bhíonn formheas na n-athruithe nó na ndeisiúchán sin sa todhchaí faoi réir na gceanglas sin maidir le sláine struchtúrach leanúnach. Thairis sin, nuair a dhéantar iarratas ar dheimhniú cineáil nua nó deimhniú cineáil srianta le haghaidh eitleáin mhóra, ní ann d’aon cheanglas chun a áirithiú go leanfaidh an clár um shláine struchtúrach leanúnach de bheith bailí i rith shaolré oibríochtúil an eitleáin.

    (10)

    Dá bhrí sin, is gá na rialacha atá ann cheana a leasú chun an leibhéal céanna sábháilteachta a bhaint amach nuair a bheidh struchtúir mhóra eitleán faoi réir athruithe struchtúracha nó deisiúchán sa todhchaí arna bhforbairt agus arna bhformheas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, agus ceanglas a chur isteach go n-áiritheoidh aon sealbhóir deimhnithe cineáil nó deimhnithe cineáil shrianta le haghaidh eitleán mór sa todhchaí go leanfaidh an clár um shláine struchtúrach leanúnach de bheith bailí i rith shaolré oibríochtúil an eitleáin.

    (11)

    Thairis sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1383 ón gCoimisiún (4), tugadh riail isteach gurb é an duine nó an eagraíocht a dhéanann athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí faoi réir ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (5) an té a eisíonn an Deimhniú ar Athbhreithniú Aeracmhainneachta (ARC) freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, pointí 21.A.174 agus 21.B.325 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú chun iad a ailíniú leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

    (12)

    Thairis sin, ní úsáidtear an téarma “aeracmhainneacht leanúnach” go comhsheasmhach i Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 nuair a dhéantar tagairt do na sonraí arna mbunú ag sealbhóir an fhormheasta dearaidh. Dá bhrí sin, is gá pointí 21.A.181, 21.A.211 agus 21.A.431B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a cheartú.

    (13)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/897 ón gCoimisiún (6), leasaíodh pointí 21.A.15, 21.A.93 agus 21.A.432C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012. I bpointí (b) agus (d) de phointe 21.A.15, i bpointe (b) de phointe 21.A.93 agus i bpointe (b) de phointe 21.A.432C, rinneadh botún gramadaí nuair a bhíothas ag tagairt don fhéidearthacht a bhaineann leis an iarratas tosaigh a fhorlíonadh leis an gclár deimhniúcháin níos déanaí. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a cheartú dá bhrí sin.

    (14)

    Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme go cuí, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí lena mbaineann a gcuid nósanna imeachta a chur in oiriúint don chreat rialála nua sula mbeidh feidhm ag an Rialachán seo.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le Tuairimí 12/2016 (7) agus 7/2019 (8) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh arna dtíolacadh de bhun Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

    1.

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d’Airteagal 9:

    “1.   Déanfaidh eagraíocht atá freagrach as monarú táirgí, páirteanna agus fearas a cumas a léiriú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn I (Cuid 21). Ní gá an léiriú cumais sin i gcás na bpáirteanna nó na bhfearas a mhonaraíonn eagraíocht atá incháilithe, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn I (Cuid 21), lena suiteáil i dtáirge a bhfuil deimhniú cineáil déanta air agus nach gá go mbeadh deimhniú údaraithe um scaoileadh (i.e. Foirm 1 de chuid EASA) ag gabháil leis.”;

    2.

    Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 18 Bealtaine 2022, cé is moite d’Airteagal 2 agus pointe 4, pointe 6, pointe 9 agus pointe 15 d’Iarscríbhinn I a mbeidh feidhm acu ón 18 Bealtaine 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas gaolmhar, agus le haghaidh deimhniú eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 an 5 Lúnasa 2020 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014 agus (AE) 2015/640 a mhéid a bhaineann le ceanglais aeracmhainneachta nua bhreise a thabhairt isteach (IO L 257, 6.8.2020, lch. 14).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1383 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le córais bainistithe sábháilteachta in eagraíochtaí bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí agus maoluithe le haghaidh aerárthaí ginearálta eitlíochta a bhaineann le cothabháil agus bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí (IO L 228, 4.9.2019, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

    (6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/897 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le fíorú comhlíontachta rioscabhunaithe a áireamh in Iarscríbhinn I agus cur chun feidhme na gceanglas maidir le cosaint an chomhshaoil (IO L 144, 3.6.2019, lch. 1).

    (7)  Tuairim 12/2016: Struchtúir aerárthaí atá ag dul in aois.

    (8)  Tuairim 07/2019: Treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach – Suiteáil páirteanna agus fearas a scaoiltear gan Foirm 1 de chuid EASA nó a comhionann.


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chláir:

    Clár

    21.1

    General

    ROINN A – CEANGLAIS THEICNIÚLA

    FOCHUID A – FORÁLACHA GINEARÁLTA

    21.A.1

    Raon Feidhme

    21.A.2

    Gealltanas arna dhéanamh ag duine eile seachas an t-iarratasóir, nó ag an sealbhóir, le haghaidh deimhnithe

    21.A.3A

    Teipeanna, mífheidhmithe agus fabhtanna

    21.A.3B

    Treoracha maidir le haeracmhainneacht

    21.A.4

    Comhordú idir an dearadh agus an táirgeadh

    21.A.5

    Coimeád taifead

    21.A.6

    Lámhleabhair

    21.A.7

    Treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach

    FOCHUID B – DEIMHNITHE CINEÁIL AGUS DEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.A.11

    Raon Feidhme

    21.A.13

    Incháilitheacht

    21.A.14

    Léiriú acmhainne

    21.A.15

    Cur i bhfeidhm

    21.A.19

    Athruithe a éilíonn deimhniú cineáil nua

    21.A.20

    Léiriú go bhfuil an bonn deimhnithe cineáil, an bonn le haghaidh na sonraí oiriúnachta oibríochtúla agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil á gcomhlíonadh

    21.A.21

    Ceanglais maidir le heisiúint deimhnithe cineáil nó deimhnithe shrianta cineáil

    21.A.31

    Dearadh cineáil

    21.A.33

    Cigireachtaí agus tástálacha

    21.A.35

    Tástálacha eitilte

    21.A.41

    Deimhniú cineáil

    21.A.44

    Oibleagáidí an tsealbhóra

    21.A.47

    Inaistritheacht

    21.A.51

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.62

    Infhaighteacht shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla

    21.A.65

    Sláine struchtúrach leanúnach le haghaidh struchtúir eitleáin

    (FOCHUID C – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID D – ATHRUITHE AR DHEIMHNITHE CINEÁIL AGUS AR DHEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.A.90A

    Raon Feidhme

    21.A.90B

    Athruithe caighdeánacha

    21.A.90C

    Athruithe neamhspleácha ar na Treoracha maidir le hAeracmhainneacht Leanúnach

    21.A.91

    Aicmiú na n-athruithe ar dheimhniú cineáil

    21.A.92

    Incháilitheacht

    21.A.93

    Cur i bhfeidhm

    21.A.95

    Ceanglais maidir le mionathrú a fhormheas

    21.A.97

    Ceanglais maidir le mórathrú a fhormheas

    21.A.101

    Bonn an deimhnithe cineáil, bonn shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil do mhórathrú ar dheimhniú cineáil

    21.A.108

    Infhaighteacht shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla

    21.A.109

    Oibleagáidí agus marcáil EPA

    FOCHUID E – DEIMHNITHE FORLÍONTACHA CINEÁIL

    21.A.111

    Raon Feidhme

    21.A.112A

    Incháilitheacht

    21.A.112B

    Léiriú acmhainne

    21.A.113

    Iarratas ar dheimhniú forlíontach cineáil

    21.A.115

    Ceanglais maidir le mórathrú a fhormheas i bhfoirm deimhniú forlíontach cineáil

    21.A.116

    Inaistritheacht

    21.A.117

    Athruithe ar an gcuid den táirge arna cumhdach le deimhniú forlíontach cineáil

    21.A.118A

    Oibleagáidí agus marcáil EPA

    21.A.118B

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.120B

    Infhaighteacht shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla

    FOCHUID F – TÁIRGEADH GAN FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.A.121

    Raon Feidhme

    21.A.122

    Incháilitheacht

    21.A.124

    Cur i bhfeidhm

    21.A.125A

    Eisiúint litir an chomhaontaithe

    21.A.125B

    Torthaí

    21.A.125C

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.126

    Córas chigireacht an táirgthe

    21.A.127

    Tástálacha: aerárthaí

    21.A.128

    Tástálacha: innill agus liáin

    21.A.129

    Oibleagáidí an mhonaróra

    21.A.130

    Ráiteas comhréireachta

    FOCHUID G – FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.A.131

    Raon Feidhme

    21.A.133

    Incháilitheacht

    21.A.134

    Cur i bhfeidhm

    21.A.135

    Eisiúint fhormheas na heagraíochta táirgthe

    21.A.139

    Córas cáilíochta

    21.A.143

    Tuairisc

    21.A.145

    Ceanglais maidir le formheas

    21.A.147

    Athruithe ar an eagraíocht fhormheasta an táirgthe

    21.A.148

    Athrú ar an suíomh

    21.A.149

    Inaistritheacht

    21.A.151

    Téarmaí an fhormheasa

    21.A.153

    Athruithe ar théarmaí an fhormheasa

    21.A.157

    Iniúchtaí

    21.A.158

    Torthaí

    21.A.159

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.163

    Pribhléidí

    21.A.165

    Oibleagáidí an tsealbhóra

    FOCHUID H – DEIMHNITHE AERACMHAINNEACHTA AGUS DEIMHNITHE SRIANTA AERACMHAINNEACHTA

    21.A.171

    Raon Feidhme

    21.A.172

    Incháilitheacht

    21.A.173

    Aicmiú

    21.A.174

    Cur i bhfeidhm

    21.A.175

    Teanga

    21.A.177

    Leasú nó modhnú

    21.A.179

    Inaistritheacht agus atheisiúint laistigh de na Ballstáit

    21.A.180

    Cigireachtaí

    21.A.181

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.182

    Aitheantas aerárthaí

    FOCHUID I – DEIMHNITHE TORAINN

    21.A.201

    Raon Feidhme

    21.A.203

    Incháilitheacht

    21.A.204

    Cur i bhfeidhm

    21.A.207

    Leasú nó modhnú

    21.A.209

    Inaistritheacht agus atheisiúint laistigh de na Ballstáit

    21.A.210

    Cigireachtaí

    21.A.211

    Fad agus bailíocht leanúnach

    FOCHUID J– FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA DEARTHA

    21.A.231

    Raon Feidhme

    21.A.233

    Incháilitheacht

    21.A.234

    Cur i bhfeidhm

    21.A.235

    Eisiúint fhormheas na heagraíochta deartha

    21.A.239

    Córas um dhearbhú dearatha

    21.A.243

    Sonraí

    21.A.245

    Ceanglais maidir le formheas

    21.A.247

    Athruithe ar an gcóras um dhearbhú deartha

    21.A.249

    Inaistritheacht

    21.A.251

    Téarmaí an fhormheasa

    21.A.253

    Athruithe ar théarmaí an fhormheasa

    21.A.257

    Iniúchtaí

    21.A.258

    Torthaí

    21.A.259

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.263

    Pribhléidí

    21.A.265

    Oibleagáidí an tsealbhóra

    FOCHUID K – PÁIRTEANNA AGUS FEARAIS

    21.A.301

    Raon Feidhme

    21.A.303

    Comhlíonadh an gceanglas is infheidhme

    21.A.305

    Formheas páirteanna agus fearas

    21.A.307

    Incháilitheacht páirteanna agus fearas le haghaidh suiteála

    (FOCHUID L – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID M – DEISIÚCHÁIN

    21.A.431A

    Raon Feidhme

    21.A.431B

    Deisiúcháin chaighdeánacha

    21.A.432A

    Incháilitheacht

    21.A.432B

    Léiriú acmhainne

    21.A.432C

    Iarratas ar fhormheas le haghaidh dearadh deisiúcháin

    21.A.433

    Ceanglais maidir le dearadh deisiúcháin a fhormheas

    21.A.435

    Aicmiú agus formheas deartha deisiúcháin

    21.A.439

    Táirgeadh páirteanna deisiúcháin

    21.A.441

    Corprú deisiúcháin

    21.A.443

    Teorainneacha

    21.A.445

    Damáiste neamhdheisithe

    21.A.451

    Oibleagáidí agus marcáil EPA

    (FOCHUID N– NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID O – ÚDARUITHE I dTAOBH ORDUITHE CAIGHDEÁNACHATEICNIÚLA EORPACHA

    21.A.601

    Raon Feidhme

    21.A.602A

    Incháilitheacht

    21.A.602B

    Léiriú acmhainne

    21.A.603

    Cur i bhfeidhm

    21.A.604

    Údarú ETSO le haghaidh aonad cumhachta cúnta (APU)

    21.A.605

    Ceanglais maidir le sonraí

    21.A.606

    Ceanglais maidir húdarú ETSO a eisiúint

    21.A.607

    Pribléidí údarú ETSO

    21.A.608

    Dearbhú Deartha agus Feidhmíochta (DDP)

    21.A.609

    Oibleagáidí shealbhóirí údaruithe ETSO

    21.A.610

    Formheas le haghaidh diallais

    21.A.611

    Athruithe ar an dearadh

    21.A.615

    Cigireacht ag an nGníomhaireacht

    21.A.619

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.621

    Inaistritheacht

    FOCHUID P – CEAD EITILTE

    21.A.701

    Raon Feidhme

    21.A.703

    Incháilitheacht

    21.A.705

    Údarás inniúil

    21.A.707

    Iarratas ar chead eitilte

    21.A.708

    Dálaí eitilte

    21.A.709

    Iarratas ar fhormheas dálaí eitilte

    21.A.710

    Formheas dálaí eitilte

    21.A.711

    Eisiúint ceada eitilte

    21.A.713

    Athruithe

    21.A.715

    Teanga

    21.A.719

    Inaistritheacht

    21.A.721

    Cigireachtaí

    21.A.723

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.725

    Athnuachan ceada eitilte

    21.A.727

    Oibleagaidí an tsealbhóra ceada eitilte

    21.A.729

    Coimeád taifead

    FOCHUID Q – SAINAITHINT TÁIRGÍ, PÁIRTEANNA AGUS FEARAS

    21.A.801

    Sainaithint táirgí

    21.A.803

    Láimhseáil na sonraí sainaitheantais

    21.A.804

    Sainaithint páirteanna agus fearas

    21.A.805

    Sainaithint páirteanna criticiúla

    21.A.807

    Sainaithint earraí ETSO

    FOCHUID B – DEIMHNITHE CINEÁIL AGUS DEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    FOCHUID A – FORÁLACHA GINEARÁLTA

    21.B.5

    Raon Feidhme

    21.B.20

    Oibleagáidí an údaráis inniúil

    21.B.25

    Ceanglais maidir le heagrú an údaráis inniúil

    21.B.30

    Nósanna imeachta doiciméadaithe

    21.B.35

    Athruithe ar eagrú agus nósanna imeachta

    21.B.40

    Réiteach díospóidí

    21.B.45

    Tuairisciú/comhordú

    21.B.55

    Coimeád taifead

    21.B.60

    Treoracha maidir le haeracmhainneacht

    FOCHUID B – DEIMHNITHE CINEÁIL AGUS DEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.B.70

    Sonraíochtaí deimhniúcháin

    21.B.75

    Coinníollacha speisialta

    21.B.80

    Bonn an deimhnithe cineáil le haghaidh deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil

    21.B.82

    Bonn shonraí na hoiriúnachta oibríochtaúla le haghaidh deimhniú cineáil aerárthaigh nó deimhniú srianta cineáil aerárthaigh

    21.B.85

    Ainmniú na gceanglas costas comhshaoil is infheidhme agus na sonraíochtaí deimhnithe le haghaidh deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil

    21.B.100

    Leibhéal rannpháirtíochta

    21.B.103

    eisiúint deimhnithe cineáil nó deimhnithe shrianta cineáil

    (FOCHUID C – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID D – ATHRUITHE AR DHEIMHNITHE CINEÁIL AGUS AR DHEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.B.105

    Bonn an deimhnithe cineáil, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus bonn shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla do mhórathrú ar dheimhniú cineáil

    21.B.107

    Eisiúint formheasa le haghaidh deimhniú cineáil

    FOCHUID E – DEIMHNITHE FORLÍONTACHA CINEÁIL

    21.B.109

    Bonn an deimhnithe cineáil, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus deimhniú shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla do dheimhniú forlíontach cineáil

    21.B.111

    Eisiúint deimhnithe fhorlíontaigh cineáil

    FOCHUID F – TÁIRGEADH GAN FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.B.120

    Iniúchadh

    21.B.125

    Torthaí

    21.B.130

    Eisiúint litir an chomhaontaithe

    21.B.135

    Cothabháil litir an chomhaontaithe

    21.B.140

    Leasú litir an chomhaontaithe

    21.B.145

    Teorannú, fionraí agus cúlghairm litir an chomhaontaithe

    21.B.150

    Coimeád taifead

    FOCHUID G – FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.B.220

    Iniúchadh

    21.B.225

    Torthaí

    21.B.230

    Eisiúint deimhnithe

    21.B.235

    Faireachas leanúnach

    21.B.240

    Leasú fhormheas na heagraíochta táirgthe

    21.B.245

    Fionraí agus cúlghairm fhormheas na heagraíochta táirgthe

    21.B.260

    Coimeád taifead

    FOCHUID H – DEIMHNITHE AERACMHAINNEACHTA AGUS DEIMHNITHE SRIANTA AERACMHAINNEACHTA

    21.B.320

    Iniúchadh

    21.B.325

    Eisiúint deimhnithe aeracmhainneachta

    21.B.326

    Deimhniú aeracmhainneachta

    21.B.327

    Deimhniú srianta aeracmhainneachta

    21.B.330

    Fionraí agus cúlghairm deimhnithe aeracmhainneachta agus deimhnithe srianta aeracmhainneachta

    21.B.345

    Coimeád taifead

    FOCHUID I – DEIMHNITHE TORAINN

    21.B.420

    Iniúchadh

    21.B.425

    Eisiúint deimhnithe torainn

    21.B.430

    Fionraí agus cúlghairm deimhnithe torainn

    21.B.445

    Coimeád taifead

    FOCHUID J– FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA DEARTHA

    FOCHUID K – PÁIRTEANNA AGUS FEARAIS

    (FOCHUID L – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID M – DEISIÚCHÁIN

    21.B.450

    Bonn an deimhnithe cineáil, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil d’fhormheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin

    21.B.453

    Eisiúint formheasa le haghaidh dearadh deisiúcháin

    (FOCHUID N– NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID O – ÚDARUITHE I DTAOBH ORDUITHE CAIGHDEÁNACHATEICNIÚLA EORPACHA

    21.B.480

    Eisiúint údarú ETSO

    FOCHUID P – CEAD EITILTE

    21.B.520

    Iniúchadh

    21.B.525

    Eisiúint ceadanna eitilte

    21.B.530

    Cúlghairm ceadanna eitilte

    21.B.545

    Coimeád taifead

    FOCHUID Q – SAINAITHINT TÁIRGÍ, PÁIRTEANNA AGUS FEARAS

    Foscríbhinní

    Foscríbhinn I – Foirm 1 EASA – Deimhniú Scaoilte Údaraithe;

    Foscríbhinn II – Foirm 15 EASA – Deimhniú um Athbhreithniú Aeracmhainneachta;

    Foscríbhinn III – Foirm 20a EASA – Cead Eitilte;

    Foscríbhinn IV – Foirm 20b EASA – Cead Eitilte (arna heisiúint ag eagraíochtaí formheasta);

    Foscríbhinn V – Foirm 24 EASA – Deimhniú Srianta Aeracmhainneachta;

    Foscríbhinn VI – Foirm 25 EASA – Deimhniú Aeracmhainneachta;

    Foscríbhinn VII – Foirm 45 EASA – Deimhniú Torainn;

    Foscríbhinn VIII – Foirm 52 EASA – Ráiteas Comhréireachta Aerárthaí;

    Foscríbhinn IX – Foirm 53 EASA – Deimhniú um Scaoileadh chun Seirbhíse;

    Foscríbhinn X – Foirm 55 EASA – Deimhniú Fhormheas na hEagraíochta Táirgthe;

    Foscríbhinn XI – Foirm 65 EASA – Litir an Chomhaontaithe maidir le táirgeadh gan formheas na heagraíochta táirgthe;

    Foscríbhinn XII – Catagóirí na dtástálacha eitilte agus na cáilíochta gaolmhaire don fhoireann tástála eitilte 85.”;

    (2)

    cuirtear isteach na pointe 21.A.5, 21.A.6 agus 21.A.7 seo a leanas:

    “21.A.5   Coimeád taifead

    Déanfaidh sealbhóir deimhnithe cineáil, deimhnithe shrianta cineáil, deimhnithe fhorlíontaigh cineáil, athraithe deartha nó formheasa deartha deisiúcháin gach faisnéis ábhartha maidir le dearadh, gach líníocht agus gach tuarascáil tástála, lena n-áirítear taifid chigireachta don táirge nó don earra a ndéantar tástáil air a choinneáil ar fáil don Ghníomhaireacht chun críche deimhniúcháin, agus coinneofar iad chun an fhaisnéis is gá a sholáthar chun aeracmhainneacht leanúnach, bailíocht leanúnach shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla agus comhlíonadh cheanglais infheidhme an táirge nó na míre maidir le cosaint an chomhshaoil a áirithiú.

    21.A.6   Lámhleabhair

    Déanfaidh sealbhóir deimhnithe cineáil, deimhnithe shrianta cineáil, nó deimhnithe fhorlíontaigh cineáil máistirchóipeanna de na lámhleabhair nó de na hathruithe uile sna lámhleabhair a cheanglaítear leis an mbonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme, leis an mbonn deimhniúcháin infheidhme ar shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla agus leis na ceanglais cosanta comhshaoil don táirge nó don earra a tháirgeadh, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta, agus soláthróidh sé cóipeanna, arna iarraidh sin, don Ghníomhaireacht.

    21.A.7   Treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach

    (a)

    Déanfaidh sealbhóir deimhnithe cineáil, deimhnithe shrianta cineáil, deimhnithe fhorlíontaigh cineáil, athraithe deartha nó formheasa deartha deisiúcháin na treoracha a fhorbairt nó a tharchur a bheidh riachtanach chun a áirithiú go gcoinneofar ar bun an caighdeán aeracmhaineachta a bhaineann leis an gcineál aerárthaigh agus le haon pháirt ghaolmhar i rith shaolré oibríochtúil an aerárthaigh, nuair a bheidh comhlíonadh an bhoinn deimhniúcháin cineáil is infheidhme á léiriú aige arna bhunú agus arna fhógairt ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe 21.B.80.

    (b)

    Déanfar ar a laghad sraith iomlán amháin de threoracha maidir le haeracmhaineacht leanúnach a chur ar fáil mar seo a leanas:

    1.

    cuirfidh sealbhóir deimhnithe cineáil nó deimhnithe shrianta cineáil an tsraith treoracha sin ar fáil do gach úinéir aitheanta táirge amháin nó níos mó tráth a sheachadta nó nuair a eiseofar an chéad deimhniú aeracmhainneachta nó deimhniú srianta aeracmhainneachta don aerárthach a ndéantar difear dó, cibé acu is déanaí,

    2.

    déanfaidh sealbhóir deimhnithe fhorlíontaigh cineáil nó athraithe formheasa athraithe deartha an tsraith sin a sholáthar do gach oibreoir aitheanta den táirge a ndéanann an t-athrú difear dó nuair a scaoiltear chun seirbhíse an táirge modhnaithe,

    3.

    déanfaidh sealbhóir formheasa deartha deisiúcháin an tsraith sin a sholáthar do gach oibreoir aitheanta an táirge a ndéanfaidh an deisiúchán difear dó tar éis scaoileadh chun seirbhíse an táirge ina bhfuil an dearadh deisiúcháin corpraithe. Féadfar an táirge, an pháirt nó an fearas deisithe a scaoileadh chun seirbhíse sula mbeidh na treoracha gaolmhara maidir le haeracmhainneacht leanúnach curtha i gcrích, ach is ar feadh tréimhse theoranta seirbhíse a tharlóidh sé sin, agus le comhaontú na Gníomhaireachta.

    Ina dhiaidh sin, cuirfidh na sealbhóirí formheasa deartha na treoracha sin ar fáil arna iarraidh sin d’aon duine eile a gceanglaítear air nó uirthi na treoracha sin a chomhlíonadh.

    (c)

    De mhaolú ar phointe (b), féadfaidh sealbhóir an deimhnithe cineáil nó sealbhóir an deimhnithe shrianta cineáil moill a chur ar infhaighteacht cuid de na treoracha i leith na haeracmhainneachta leanúnaí, ag déileáil le treoracha maidir le cur i gcrích aga fhada de chineál sceidealta, go dtí go mbeidh an táirge nó an táirge modhnaithe curtha chun seirbhíse, ach cuirfidh sé na treoracha sin ar fáil sula mbeidh gá leis na sonraí sin a úsáid don táirge nó don táirge modhnaithe.

    (d)

    Déanfaidh sealbhóir an fhormheasa deartha, a gceanglaítear air treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach a sholáthar i gcomhréir le pointe (b), athruithe ar na treoracha sin a chur ar fáil freisin d’oibreoirí uile an táirge a ndéanann an t-athrú difear dóibh, arna iarraidh sin, d’aon duine eile a gceanglaítear air na hathruithe sin a chomhlíonadh. Léireoidh an sealbhóir formheasa dearatha don Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin, leorgacht an phróisis chun athruithe a chur ar fáil ar na treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach i gcomhréir leis an bpointe seo.”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.41:

    “21.A.41   Deimhniú cineáil

    Áirítear ar an deimhniú cineáil agus ar an deimhniú srianta cineáil an dearadh cineáil, na teorainneacha oibriúcháin, treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach, bileog sonraí an deimhnithe cineáil i leith aeracmhainneachta agus astaíochtaí, an bonn don deimhniú cineáil agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a ndéanann an Ghníomhaireacht taifead ar chomhlíonadh ina leith, agus aon choinníollacha nó teorainneacha eile a fhorordaítear don táirge sna sonraíochtaí deimhniúcháin is infheidhme agus sna ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil. Chomh maith leis sin, áireofar i ndeimhniú cineáil agus i ndeimhniú srianta cineáil an aerárthaigh an bonn is infheidhme do dheimhniú sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla, sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla agus bileog sonraí an deimhnithe cineáil le haghaidh torainn. Áireofar ar an deimhniú cineáil aerárthaigh agus ar bhileog sonraí an deimhnithe shrianta cineáil an taifead ar chomhlíonadh astaíochtaí CO2 agus beidh taifead ar chomhlíonadh astaíochtaí sceite san áireamh i mbileog sonraí deimnithe cineáil an innill.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.44:

    “21.A.44   Oibleagáidí an tsealbhóra

    Déanfaidh gach sealbhóir deimhnithe cineáil nó deimhnithe shrianta cineáil an méid seo a leanas:

    (a)

    na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.55, 21.A.57, 21.A.61, 21.A.62 agus 21.A.65 a ghabháil de láimh; agus, chun na críche sin, leanfaidh siad de na ceanglais cháilíochta le haghaidh incháilitheachta faoi phointe 21.A.14 a chomhlíonadh; agus

    (b)

    an mharcáil a shonrú i gcomhréir le Fochuid Q.”;

    Amhail ón 18 Bealtaine 2022, tuigfear gurb ionann an oibleagáid chun na hoibleagáidí a liostaítear faoi phointe a) a chomhlíonadh agus tagairt do phointe 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.5, 21.A.6, 21.A.7, 21.A.62 agus 21.A.65; agus, chun na críche sin, leanfaidh gach sealbhóir deimnithe cineáil nó deimhnithe shrianta cineáil de na ceanglais cháilíochta le haghaidh incháilitheachta faoi phointe 21.A.14 a chomhlíonadh.

    (5)

    scriostar pointe 21.A.55, 21.A.57 agus 21.A.61;

    (6)

    cuirtear isteach pointe 21.A.65 seo a leanas:

    “21.A.65   Sláine struchtúrach leanúnach le haghaidh struchtúir eitleán

    Áiritheoidh sealbhóir deimhnithe cineáil nó an deimhnithe shrianta cineáil d’eitleán mór go leanfaidh an clár leanúnach sláine struchtúraí de bheith bailí i rith shaolré oibríochtúil an eitleáin, agus taithí seirbhíse agus oibríochtaí reatha á gcur san áireamh”;

    (7)

    i bpointe 21.A.90B(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

    “2.

    go leanfaidh siad na sonraí maidir le dearadh a áirítear i sonraíochtaí deimhniúcháin arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht, ina mbeidh modhanna, teicnící agus cleachtais inghlactha chun deisiúcháin chaighdeánacha a chur i gcrích agus a shainaithint, lena n-áirítear na treoracha gaolmhara maidir le haeracmhainneacht leanúnach; agus”;

    (8)

    cuirtear isteach pointe 21.A.90C seo a leanas:

    “21.A.90C   Athruithe neamhspleácha ar na Treoracha maidir le hAeracmhainneacht Leanúnach

    (a)

    Is éard atá in athruithe neamhspleácha ar na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach ná athruithe nach n-ullmhaítear go díreach mar thoradh ar athrú ar dhearadh cineáil nó ar dhearadh deisiúcháin.

    (b)

    Ní féidir ach le sealbhóir an fhormheasa deartha ar bunaíodh na treoracha sin ina leith athruithe neamhspleácha a dhéanamh ar na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach.

    (c)

    Ní bheidh feidhm ag pointe 21.A.91 go 21.A.109 maidir le hathruithe neamhspleácha ar na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach, ar athruithe iad:

    1.

    nach ndéanfaidh difear do roinn na dteorainneacha aeracmhainneachta de chuid na dtreoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach, agus

    2.

    nach gcuirfidh de cheangal ar an sealbhóir formheasa an deartha aon léiriú breise a dhéanamh go bhfuil an bonn deimhniúcháin á chomhlíonadh.

    (d)

    Is é sealbhóir formheasa an deartha a fhormheasfaidh athruithe neamhspleácha ar na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach dá dtagraítear i bpointe (c) faoi nósanna imeachta arna gcomhaontú leis an nGníomhaireacht.”

    (9)

    leasaítear pointe 21.A.101 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe (b):

    “(b)

    Ach amháin mar a fhoráiltear i bpointe (h), de mhaolú ar phointe (a), féadfar leasú a rinneadh roimhe sin ar shonraíocht deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) agus ar aon sonraíocht deimhniúcháin eile atá gaolmhar go díreach a úsáid in aon cheann de na cásanna seo a leanas, mura rud é gur tháinig an leasú a bhí ann ní ba luaithe i bhfeidhm roimh an dáta a tháinig na sonraíochtaí deimhniúcháin comhfhreagracha arna n-ionchorprú de réir tagairtí i bhfeidhm sa deimhniú cineáil:”;

    (b)

    cuirtear pointe (h) seo a leanas isteach:

    “(h)

    I gcás eitleáin mhóra atá faoi réir phointe 26.300 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 (*1), comhlíonfaidh an t-iarratasóir sonraíochtaí deimhniúcháin a sholáthraíonn ar a laghad leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach, le pointe 26.300, 26.320 agus 26.330 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640, cé is moite d’iarratasóirí ar dheimhnithe forlíontacha cineáil nach gceanglaítear orthu pointe 26.303 a chur san áireamh.

    (*1)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18)”."

    (10)

    scriostar pointe 21.A.105 agus pointe 21.A.107;

    (11)

    i bpointe 21.A.109, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 21.A.4, 21.A.5, 21.A.7 agus 21.A.108 a ghabháil de láimh; agus”;

    (12)

    i bpointe 21.A.118A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(1):

    “1.

    a leagtar síos i bpointe 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.5, 21.A.6, 21.A.7, agus 21.A.120B;”;

    (13)

    scriostar pointe 21.A.119 agus pointe 21.A.120A;

    (14)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.307:

    “21.A.307   Incháilitheacht páirteanna agus fearas le haghaidh suiteála

    (a)

    Tá páirt nó fearas incháilithe lena shuiteáil nó lena suiteáil i dtáirge cineál-dheimhnithe nuair atá a riocht sábháilte lena oibriú nó lena hoibriú go sábháilte, marcáilte i gcomhréir le Fochuid Q agus go bhfuil deimhniú scaoilte údaraithe (Foirm EASA 1) ag gabháil leis nó léi, á dheimhniú gur monaraíodh an t-earra i gcomhréir le sonraí deartha arna bhformheas.

    (b)

    De mhaolú ar phointe (a) agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (c), ní cheanglaítear Foirm 1 EASA leis na páirteanna ná leis na fearais seo a leanas chun bheith incháilithe le haghaidh suiteála i dtáirge cineál-dheimhnithe:

    (1)

    páirt chaighdeánach;

    (2)

    i gcás ELA1 nó ELA2, páirt nó fearas:

    (i)

    nach bhfuil a ré teoranta, ná mar chuid den phríomhstruchtúr, ná mar chuid de na rialuithe eitilte;

    (ii)

    go bhfuil sé nó sí sainaitheanta le haghaidh suiteála san aerárthach ar leith;

    (iii)

    le bheith suiteáilte in aerárthach a bhfuil a úinéir tar éis comhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme in (i) agus (ii) a fhíorú, agus freagracht as an gcomhlíonadh sin a ghlacadh;

    (3)

    páirt nó fearas ar beag an éifeacht sábháilteachta a bhíonn ag neamh-chomhréireacht a sonraí deartha arna bhformheas ar an táirge agus a shainaithníonn sealbhóir an fhormheasa deartha mar sin sna treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach. Chun na héifeachtaí sábháilteachta a bhaineann le páirt nó fearas neamh-chomhréireach a chinneadh, féadfaidh sealbhóir an deartha na gníomhaíochtaí fíoraithe a bhaineann go sonrach le haeracmhainneacht leanúnach a bhunú sna treoracha a bheidh le déanamh ag suiteálaí na páirte nó an fhearais ar an táirge;

    (4)

    i gcás ina ndéantar athrú ar chaighdeán i gcomhréir le pointe 21.A.90B nó deisiú caighdeánach i gcomhréir le pointe 21.A.431B, páirt nó fearas a mbaineann éifeacht dhiomaibhseach sábháilteachta ar an táirge leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamh-chomhréireacht a shonraí nó a sonraí deartha, agus a shainaithnítear mar sin sna sonraíochtaí deimhniúcháin le haghaidh athruithe caighdeánacha agus deisiúcháin chaighdeánacha arna n-eisiúint i gcomhréir le pointe (a)(2) de phointe 21.A.90B agus pointe (a)(2) de phointe 21.A.431B. Chun éifeachtaí sábháilteachta páirte neamhchomhréirí nó fearais neamhchomhréirigh a chinneadh, féadfar gníomhaíochtaí fíoraithe sonracha a bheidh le cur i gcrích ag an duine a shuiteálann an chuid nó an fearas ar an táirge a bhunú sna sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear thuas;

    (5)

    cuid nó fearas atá díolmhaithe ó fhormheas aeracmhainneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (*2); agus

    (6)

    páirt nó fearas ar mír é nó í de chóimeáil níos airde a shainaithnítear i bpointe (b)(1) go (b)(5).

    (c)

    Tá páirteanna agus fearais a liostaítear i bpointe (b) incháilithe le haghaidh suiteála i dtáirge cineál-dheimhnithe gan Foirm EASA 1 a bheith ag gabháil leis, ar choinníoll go bhfuil ag an suiteálaí doiciméad arna eisiúint ag an duine nó ag an eagraíocht a mhonaraigh an pháirt nó an fearas, lena ndearbhaítear ainm na páirte nó an fhearais, uimhir na páirte nó an fhearais, agus comhréireacht na páirte nó an fhearais lena sonraí deartha, agus ina bhfuil an dáta eisiúna.

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 379/2014 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 123, 24.4.2014, lch. 1).”."

    (15)

    i bpointe 21.A.433, leasaítear pointe (a) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

    “3.

    i gcás nach n-aithneofar aon ghné nó saintréith a d’fhéadfadh an táirge a dhéanamh neamhshábháilte do na húsáidí a n-iarrtar deimhniú ina leith;”;

    (b)

    cuirtear pointe (5) seo a leanas isteach:

    “5.

    más rud é, maidir le deisiú eitleáin atá faoi réir phointe 26.302 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640, gur léiríodh go bhfuil sláine struchtúrach an deisiúcháin agus an struchtúir a ndéantar difear dó coibhéiseach, ar a laghad, le leibhéal na sláine struchtúraí arna bhunú don struchtúr bonnlíne le pointe 26.302 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640.”;

    (16)

    scriostar pointe 21.A.447 agus 21.A.449;

    (17)

    leasaítear pointe 21.A.451 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(1)(i):

    “(i)

    a leagtar síos i bpointe 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.5, 21.A.7, 21.A.439, 21.A.441, agus 21.A.443;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(1):

    “1.

    na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 21.A.4, 21.A.5 agus 21.A.7 a ghabháil de láimh; agus”;

    (18)

    i bpointe 21.A.609, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    maidir le gach múnla de gach earra ar eisíodh údarú ETSO ina leith, comhad reatha de shonraí teicniúla iomlána agus de thaifid theicniúla iomlána a ullmhú agus a chothabháil i gcomhréir le pointe 21.A.5;”;

    (19)

    scriostar pointe 21.A.613;

    (20)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.804:

    21.A.804 Sainaithint páirteanna agus fearas

    (a)

    Déanfar gach páirt nó fearas atá incháilithe le haghaidh suiteála i dtáirge cineál-dheimhnithe a mharcáil go buan agus go soléite leis na nithe seo a leanas:

    1.

    ainm, trádmharc nó siombail a shainaithníonn an monaróir ar bhealach a aithnítear le sonraí an deartha is infheidhme;

    2.

    uimhir na páirte, mar atá sainithe i sonraí an deartha is infheidhme; agus

    3.

    litreacha EPA maidir le páirteanna nó fearais arna dtáirgeadh i gcomhréir le sonraí deartha arna bhformheas nach mbaineann le sealbhóir an deimhnithe cineáil ar an táirge gaolmhar, cé is moite d’earraí ETSO agus do pháirteanna agus d’fhearais a chumhdaítear faoi phointe (b) de phointe 21.A.307.

    (b)

    De mhaolú ar phointe (a), má aontaíonn an Ghníomhaireacht go bhfuil cuid nó fearas róbheag nó nach bhfuil sé praiticiúil ar shlí eile páirt nó fearas a mharcáil le haon chuid den fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a), áireofar sa doiciméad scaoilte údaraithe a ghabhann leis an bpáirt nó leis an bhfearas nó lena choimeádán an fhaisnéis nach bhféadfaí a mharcáil ar an taobh nó ar an bhfearas.”;


    (*1)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18)”.

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 379/2014 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 123, 24.4.2014, lch. 1).”.”


    IARSCRÍBHINN II

    Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

    (1)

    ceartaítear pointe 21.A.15 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe (b):

    “(b)

    Áireofar in iarratas ar dheimhniú cineáil nó ar dheimhniú srianta ar chineál, ar a laghad, réamhshonraí tuairisciúla an táirge, úsáid bheartaithe an táirge agus cineál na n-oibríochtaí a n-iarrtar deimhniú ina leith. Ina theannta sin, áireofar leis clár deimhniúcháin lena léireofar comhlíonadh i gcomhréir le pointe 21.A.20, , nó déanfar é a fhorlíonadh leis sin tar éis an chéad iarratais a dhéanamh, agus beidh an méid seo a leanas ann:”;***

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    Beidh forlíonadh iarratais ar fhormheas ar shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla san iarratas ar dheimhniú cineáil nó ar dheimhniú cineáil srianta le haghaidh aerárthaigh, nó déanfar é a fhorlíonadh leis an bhforlíonadh iarratas sin tar éis an chéad iarratais a dhéanamh.”;

    (2)

    ceartaítear pointe 21.A.93 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe (b):

    “(b)

    Beidh clár deimhniúcháin san iarratas lena léireofar comhlíonadh i gcomhréir le pointe 21.A.20, nó déanfar é a fhorlíonadh leis an gclár deimhniúcháin sin tar éis an chéad iarratais a dhéanamh, agus beidh an méid seo a leanas ann:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2) de phointe (c):

    “2.

    iarratas a dhéanamh ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama dá bhforáiltear sa chéad abairt de phointe (c) don bhuniarratas agus dáta nua a mholadh chun an formheas a eisiúint. Sa chás sin, comhlíonfaidh an t-iarratasóir an bonn leis an deimhniú cineáil, an bonn le deimhniú sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, arna mbunú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe 21.A.101 agus arna fhógairt i gcomhréir le pointe 21.B.105, ar dháta a roghnóidh an t-iarratasóir. Ní thiocfaidh an dáta sin, áfach, roimh an dáta nua arna mholadh ag an iarratasóir chun an formheas a eisiúint le níos mó ná cúig bliana d’iarratas ar athrú ar dheimhniú cineáil nó ar dheimhniú cineáil srianta d’eitleán mór nó do rótarárthach, agus níos mó ná trí bliana d’iarratas ar athrú ar aon deimhniú cineáil eile nó ar dheimhniú cineáil srianta.”;

    (3)

    i bpointe 21.A.174, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de phointe (b)(3):

    “(ii)

    neamh-Bhallstát:

    ráiteas ó údarás inniúil an Stáit ina bhfuil nó ina raibh an t-aerárthach cláraithe, ráiteas a léireoidh stádas aeracmhainneachta an aerárthaigh ar a chlár tráth an aistrithe;

    tuarascáil meáchain agus cothromaíochta le sceideal lódála;

    an lámhleabhar eitilte nuair a cheanglaítear an lámhleabhar sin de réir chód aeracmhainneachta an aerárthaigh;

    taifid stairiúla chun caighdeán táirgthe, modhnaithe agus cothabhála an aerárthaigh a bhunú, lena n-áirítear na teorainneacha go léir a bhaineann le deimhniú srianta aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le pointe 21.B.327;

    moladh maidir le deimhniú aeracmhainneachta nó deimhniú srianta aeracmhainneachta agus deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint de bhun athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 (*1) nó deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

    an dáta ar eisíodh an chéad deimhniú aeracmhainneachta agus, más rud é go mbeidh feidhm ag caighdeáin Imleabhar III d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, na sonraí maidir le luach méadrach CO2.;

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).”;"

    (4)

    i bpointe 21.A.181, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1) de phointe (a):

    “1.

    comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le cineál-dearadh agus le haeracmhainneachta leanúnach; agus”;

    (5)

    i bpointe 21.A.211, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1) de phointe (a):

    “1.

    comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le cineál-dearadh, cosaint an chomhshaoil agus aeracmhainneacht leanúnach; agus”;

    (6)

    i bpointe 21.A.431B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2) de phointe (a):

    “(2)

    go leanfaidh siad na sonraí maidir le dearadh a áirítear i sonraíochtaí deimhniúcháin arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht, ina mbeidh modhanna, teicnící agus cleachtais inghlactha chun deisiúcháin chaighdeánacha a chur i gcrích agus a shainaithint, lena n-áirítear na treoracha gaolmhara maidir le haeracmhainneacht leanúnach; agus”;

    (7)

    i bpointe 21.A.432C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe (b):

    “(b)

    Beidh clár deimhniúcháin in iarratas ar fhormheas deartha ar mhórdheisiúcháin, nó déanfar é a fhorlíonadh leis an gclár deimhniúcháin sin tar éis an chéad iarratais a dhéanamh, agus beidh an méid seo a leanas ann.”;

    (8)

    i bpointe 21.A.711, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    Féadfaidh eagraíocht fhormheasta ceadúnas eitilte (Foirm 20b EASA, féach Foscríbhinn IV) a eisiúint faoin bpribhléid a dheonaítear i gcomhréir le pointe M.A.711 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún nó pointe CAMO.A.125 d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún nó pointe CAO.A.095 d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, nuair a dhéanfar na dálaí eitilte dá dtagraítear i bpointe 21.A.708 den Iarscríbhinn sin a fhormheas i gcomhréir le pointe 21.A.710 den Iarscríbhinn sin;”;

    (9)

    i bpointe 21.B.325, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    I gcás aerárthaí a thagann ó neamh-Bhallstát, sa bhreis ar an deimhniú aeracmhainneachta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b), eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit chláraithe an méid seo a leanas:

    1.

    i gcás aerárthaí nua nó aerárthaí athláimhe atá faoi réir Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, deimhniú tosaigh ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15a EASA, Iarscríbhinn II);

    2.

    i gcás aerárthaí nua atá faoi réir Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, deimhniú tosaigh ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15c EASA, Iarscríbhinn II);

    3.

    i gcás aerárthaí athláimhe atá faoi réir Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, deimhniú tosaigh ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15c EASA, Foscríbhinn II), nuair a bheidh an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta déanta ag an údarás inniúil.”;

    (10)

    i bhFoscríbhinn II, EASA 15c – cuirtear an méid seo a leanas in ionad an deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta:

    Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta - Foirm 15c EASA

    NÓTA: féadfaidh na daoine agus na heagraíochtaí a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhar leis an gcigireacht bhliantúil 100-h an taobh cúil den fhoirm seo a úsáid chun CRS dá dtagraítear i bpointe ML.A.801 a eisiúint a chomhfhreagraíonn do chigireacht bhliantúil100-h.

    DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (ARC) (i gcás aerárthaí a chomhlíonann Cuid-ML)

    Tagairt ARC ………..

    De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Deimhníonn (AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL) (**)

    leis seo:

    ☐…...go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aige i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

    (nó)

    ☐.….maidir leis na haerárthaí nua seo a leanas:

    Monaróir aerárthaigh:................................................................Ainmniú an mhonaróra:................................

    Clárú aerárthaí:..........................Sraithuimhir aerárthaigh:................................................................

    agus meastar (go bhfuil an t-aerárthach seo) aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

    Dáta eisiúna: ..................................................................Dáta éaga: …………………………………………..

    Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta an athbhreithnithe (*): ………………………………………………………………..

    Sínithe: ............................................................................Uimhir Údaraithe (más infheidhme): ……………………….

    (NÓ)

    (AINM NA hEAGRAÍOCHTA FORMHEASTA, SEOLADH AGUS TAGAIRT FORMHEASTA) (**)

    (nó)

    (AINM IOMLÁN PHEARSANRA AN DEIMHNITHE AGUS UIMHIR CHEADÚNAIS CUID-66 (NÓ UIMHIR NÁISIÚNTA CHOIBHÉISEACH)) (**)

    a dheimhniú leis seo go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aige i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

    Monaróir aerárthaigh:................................................................Ainmniú an mhonaróra:................................

    Clárú aerárthaí:..........................Sraithuimhir aerárthaigh:................................................................

    agus meastar go bhfuil an t-aerárthach seo aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

    Dáta eisiúna: ..................................................................Dáta éaga: …………………………………………..

    Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta an athbhreithnithe (*): ………………………………………………………………..

    Sínithe: ............................................................................Uimhir Údaraithe (más infheidhme): ……………………….

    ================================================================================

    1ú síneadh: Comhlíonann an t-aerárthach seo coinníollacha ML.A.901(c) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML)

    Dáta eisiúna: ..................................................................Dáta éaga: …………………………………………..

    Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta an eisiúna (*): …………………………………………………… ………………

    Sínithe: ............................................................................Uimhir Údaraithe: ………………………

    Ainm na Cuideachta: .............................................................Tagairt formheasa: ……………………………………...

    ================================================================================

    2ú síneadh: Comhlíonann an t-aerárthach seo coinníollacha ML.A.901(c) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML)

    Dáta eisiúna: ..................................................................Dáta éaga: …………………………………………..

    Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta an eisiúna (*): …………………………………………………… ………………

    Sínithe: ............................................................................Uimhir Údaraithe: ………………………

    Ainm na Cuideachta: .............................................................Tagairt formheasa: ……………………………………...

    (*)

    Seachas balúin agus aerlonga

    (**)

    Is féidir le heisitheoir na Foirme í a chur in oiriúint dá riachtanas tríd an ainm, an ráiteas deimhniúcháin, an tagairt don aerárthach is ábhar don tástáil agus na mionsonraí eisiúna nach bhfuil ábhartha dá úsáid nó dá húsáid a scriosadh.

    EASA Foirm 15c, Eagrán 4”.


    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).”;”


    Top