Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0663

    Rialachán (AE) 2021/663 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar chlóirdeacóin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2661

    IO L 139, 23.4.2021, p. 148–160 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/663/oj

    23.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 139/148


    RIALACHÁN (AE) 2021/663 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Aibreán 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar chlóirdeacóin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 16(1)(a) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagadh síos uasteorainneacha iarmhar (MRLanna) i gcás clóirdeacóin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

    (2)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cuireadh cosc ar tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil clóirdeacón. Eascraíonn iarmhair chlóirdeacóin as éilliú comhshaoil san ithir, éilliú atá ann toisc gur baineadh úsáid as an gcomhdhúil mharthanach seo san am atá thart.

    (3)

    An 12 Iúil 2019, thug údaráis inniúla na Fraince fógra don Choimisiún faoi dhá bheart éigeandála (3) (4) a glacadh ar an leibhéal náisiúnta de bhun Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I bhfianaise na dtuairimí (6) (7) ó Ghníomhaireacht na Fraince um Shláinte agus Sábháilteacht Ceirde, Comhshaoil agus Bia (ANSES), shocraigh an Fhrainc MRLanna náisiúnta i gcás clóirdeacóin i dtáirgí bó-ainmhí, caorach, gabhair, muc-ainmhí agus éineola ag luachanna níos ísle ná na luachanna is infheidhme faoi láthair faoi Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, chun cosaint tomhaltóirí i nGuadalúip agus i Martinique a áirithiú.

    (4)

    D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar nochtadh tomhaltóirí maidir leis na MRLanna a mhol ANSES le haghaidh clóirdeacóin i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch.

    (5)

    Chuir an tÚdarás ráiteas eolaíoch isteach maidir le clóirdeacón i dtáirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch (8) i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Sa ráiteas sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil na MRLanna a mholtar i dtuairimí ANSES le haghaidh táirgí ainmhithe, arna slánú i gcomhréir le treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) i dtaca le MRL a ríomh, go bhfuil na MRLanna sin inghlactha maidir le sábháilteacht tomhaltóirí. Le teagmháil ar feadh an tsaoil agus le teagmháil ghearrthéarmach i ngeall ar go leor de na táirgí ábhartha sin a chaitheamh, léiríodh nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha. Ba cheart MRLanna clóirdeacóin a shocrú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ar bhonn sealadach. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 10 mbliana ó fhoilsiú an Rialacháin seo.

    (6)

    Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

    (8)

    Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnó bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 13 Samhain 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).

    (3)  Arrêté du 25 janvier 2019 modifiant l’arrêté du 30 juin 2008 relatif aux limites maximales applicables aux résidus de chlordécone que ne doivent pas dépasser certaines denrées alimentaires d’origine végétale et animale pour être reconnues propres à la consommation humaine (NOR: [Ordú an 25 Eanáir 2019 lena leasaítear Ordú an 30 Meitheamh 2008 maidir le huasteorainneacha iarmhar clóirdeacóin. Níor cheart d’ábhar bia áirithe de bhunadh plandúil agus ainmhíoch a bheith níos mó ná na huasteorainneacha sin chun go n-aithneofaí é mar ábhar bia atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine]. AGRG1901040A).

    (4)  Arrêté du 23 mai 2019 modifiant l’arrêté du 25 janvier 2019 relatif aux limites maximales applicables aux résidus de chlordécone que ne doivent pas dépasser certaines denrées alimentaires d’origine végétale et animale pour être reconnues propres à la consommation humaine (NOR: [Ordú an 23 Bealtaine 2019 lena leasaítear ordú an 25 Eanáir 2019 maidir le huasteorainneacha iarmhar clóirdeacóin. Níor cheart d’ábhar bia áirithe de bhunadh plandúil agus ainmhíoch a bheith níos mó ná na huasteorainneacha sin chun go n-aithneofaí é mar ábhar bia atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine]. AGRG1913466A).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

    (6)  Note providing the scientific and technical support of the French Agency for Food, Environmental and Occupational Health and Safety in respect of the fixing of a maximum residue limit for chlordecone in fat for meat products (2018-SA-0202). [Meabhrán lena soláthraítear tacaíocht eolaíoch agus theicniúil Ghníomhaireacht na Fraince um Shláinte agus Sábháilteacht Ceirde, Comhshaoil agus Bia maidir le huasteorainn iarmhar a shocrú i gcás clóirdeacóin i saill le haghaidh táirgí feola (2018-SA-0202)].

    (7)  Opinion of the French Agency for Food, Environmental and Occupational Health and Safety on the fixing of a maximum residue limit for chlordecone in muscle and fat for meat products (2018-SA-0265). [Tuairim ó Ghníomhaireacht na Fraince um Shláinte agus Sábháilteacht Ceirde, Comhshaoil agus Bia maidir le huasteorainn iarmhar a shocrú i gcás matáin agus saille le haghaidh táirgí feola (2018-SA-0265)].

    (8)  Ráiteas maidir leis an measúnú ar nochtadh bia i ndáil leis na huasleibhéil iarmhar shealadacha i gcás clóirdeacóin i dtáirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch. EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(3):6052.


    IARSCRÍBHINN

    I gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an cholúin a bhaineann le clóirdeacón:

    "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

    Códuimhir

    Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

    Clóirdeacón (F)

    (1)

    (2)

    (3)

    0100000

    TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

     

    0110000

    Torthaí citris

    0,02

    0110010

    Seadóga

     

    0110020

    Oráistí

     

    0110030

    Líomóidí

     

    0110040

    Líomaí

     

    0110050

    Mandairíní

     

    0110990

    Eile (2)

     

    0120000

    Cnónna crann

     

    0120010

    Almóinní

    0,01 (*1)

    0120020

    Cnónna Brasaíleacha

    0,02

    0120030

    Cnónna caisiú

    0,02

    0120040

    Castáin

    0,01 (*1)

    0120050

    Cnónna cócó

    0,02

    0120060

    Cnónna coill

    0,01 (*1)

    0120070

    Macadaimia

    0,01 (*1)

    0120080

    Cnónna peacáin

    0,01 (*1)

    0120090

    Eithní cnónna péine

    0,01 (*1)

    0120100

    Cnónna pistéise

    0,01 (*1)

    0120110

    Gallchnónna

    0,01 (*1)

    0120990

    Eile (2)

    0,01 (*1)

    0130000

    Torthaí póma

    0,01 (*1)

    0130010

    Úlla

     

    0130020

    Piorraí

     

    0130030

    Cainchí

     

    0130040

    Torthaí ón meispeal Gearmánach

     

    0130050

    Locuatanna

     

    0130990

    Eile (2)

     

    0140000

    Torthaí cloiche

    0,01 (*1)

    0140010

    Aibreoga

     

    0140020

    Silíní (iad milis)

     

    0140030

    Péitseoga

     

    0140040

    Plumaí

     

    0140990

    Eile (2)

     

    0150000

    Caora agus torthaí beaga

     

    0151000

    (a)

    fíonchaora

     

    0151010

    Fíonchaora boird

    0,02

    0151020

    Fíniúnacha coiteanna

    0,01 (*1)

    0152000

    (b)

    sútha talún

    0,02

    0153000

    (c)

    torthaí cána

    0,01 (*1)

    0153010

    Sméara dubha

     

    0153020

    Eithreoga

     

    0153030

    Sútha craobh (iad dearg agus buí)

     

    0153990

    Eile (2)

     

    0154000

    (d)

    torthaí beaga eile agus caora eile

    0,01 (*1)

    0154010

    Fraocháin

     

    0154020

    Mónóga

     

    0154030

    Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

     

    0154040

    Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

     

    0154050

    Mogóirí róis

     

    0154060

    Maoildearga (iad dubh agus bán)

     

    0154070

    Torthaí ón sceach gheal asaróil

     

    0154080

    Caora troim

     

    0154990

    Eile (2)

     

    0160000

    Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

    0,02

    0161000

    (a)

    craiceann inite

     

    0161010

    Dátaí

     

    0161020

    Figí

     

    0161030

    Ológa boird

     

    0161040

    Cumcuait

     

    0161050

    Torthaí réaltúla

     

    0161060

    Dátphlumaí Seapánacha

     

    0161070

    Plumaí láva

     

    0161990

    Eile (2)

     

    0162000

    (b)

    craiceann do-ite, é beag

     

    0162010

    Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

     

    0162020

    Lítsíonna

     

    0162030

    Páiseoga

     

    0162040

    Piorraí deilgneacha

     

    0162050

    Réalt-úlla

     

    0162060

    Dátphlumaí Meiriceánacha

     

    0162990

    Eile (2)

     

    0163000

    (c)

    craiceann do-ite, é mór

     

    0163010

    Abhacáid

     

    0163020

    Bananaí

     

    0163030

    Mangónna

     

    0163040

    Papánna

     

    0163050

    Pomagránaití

     

    0163060

    Céiriomoighe

     

    0163070

    Guábhaí

     

    0163080

    Anainn

     

    0163090

    Torthaí aráin

     

    0163100

    Duraígh

     

    0163110

    Úlla deilgneacha

     

    0163990

    Eile (2)

     

    0200000

    GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

     

    0210000

    Glasraí fréimhe agus tiúbair

    0,02

    0211000

    (a)

    prátaí

     

    0212000

    (b)

    glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

     

    0212010

    Casabhaigh

     

    0212020

    Prátaí milse

     

    0212030

    Ionaim

     

    0212040

    Ararút

     

    0212990

    Eile (2)

     

    0213000

    (c)

    glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

     

    0213010

    Meacain bhiatais

     

    0213020

    Meacain dhearga

     

    0213030

    Soiliriac/soilire tornapa

     

    0213040

    Meacain ragaim

     

    0213050

    Bliosáin ghréine

     

    0213060

    Meacain bhána

     

    0213070

    Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

     

    0213080

    Raidisí

     

    0213090

    Salsabh

     

    0213100

    Svaeideanna

     

    0213110

    Tornapaí

     

    0213990

    Eile (2)

     

    0220000

    Glasraí bleibíní

    0,02

    0220010

    Gairleog

     

    0220020

    Oinniúin

     

    0220030

    Seallóidí

     

    0220040

    Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

     

    0220990

    Eile (2)

     

    0230000

    Glasraí a thugann torthaí

    0.02

    0231000

    (a)

    Solanaceae and Malvaceae

     

    0231010

    Trátaí

     

    0231020

    Piobair

     

    0231030

    Ubhthorthaí

     

    0231040

    Ocra

     

    0231990

    Eile (2)

     

    0232000

    (b)

    guird a bhfuil craiceann inite acu

     

    0232010

    Cúcamair

     

    0232020

    Gircíní

     

    0232030

    Cúirséid

     

    0232990

    Eile (2)

     

    0233000

    (c)

    guird a bhfuil craiceann do-ite acu

     

    0233010

    Mealbhacáin

     

    0233020

    Puimcíní

     

    0233030

    Mealbhacáin uisce

     

    0233990

    Eile (2)

     

    0234000

    (d)

    arbhar milis

     

    0239000

    (e)

    glasraí a thugann torthaí

     

    0240000

    Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

    0,02

    0241000

    (a)

    praiseach bhlátha

     

    0241010

    Brocailí

     

    0241020

    Cóilis

     

    0241990

    Eile (2)

     

    0242000

    (b)

    praiseach chinn

     

    0242010

    Bachlóga Bruiséile

     

    0242020

    Cabáistí cinn

     

    0242990

    Eile (2)

     

    0243000

    (c)

    praiseach dhuilleach

     

    0243010

    Cabáistí Síneacha

     

    0243020

    Cáil

     

    0243990

    Eile (2)

     

    0244000

    (d)

    cálráibí

     

    0250000

    Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

     

    0251000

    (a)

    leitísí agus plandaí sailéid

    0,02

    0251010

    Ceathrúna uain

     

    0251020

    Leitísí

     

    0251030

    Searbháin muc

     

    0251040

    Biolair agus eascróga agus peacáin eile

     

    0251050

    Biolair thalún

     

    0251060

    Roicéad Rómánach/rucola

     

    0251070

    Mustard dearg

     

    0251080

    Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

     

    0251990

    Eile (2)

     

    0252000

    (b)

    spionáistí agus duillí dá samhail

    0,02

    0252010

    Spionáistí

     

    0252020

    Puirsleáin

     

    0252030

    Seardas/duilleoga biatais

     

    0252990

    Eile (2)

     

    0253000

    (c)

    duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

    0,01 (*1)

    0254000

    (d)

    biolair uisce

    0,02

    0255000

    (e)

    sreabháin na Beilge

    0,01 (*1)

    0256000

    (f)

    luibheanna agus bláthanna inite

    0,02

    0256010

    Costóg

     

    0256020

    Síobhas

     

    0256030

    Duilleoga soilire

     

    0256040

    Peirsil

     

    0256050

    Sáiste

     

    0256060

    Marós

     

    0256070

    Tím

     

    0256080

    Basal agus bláthanna inite

     

    0256090

    Duilleog labhrais

     

    0256100

    Dragan

     

    0256990

    Eile (2)

     

    0260000

    Léagúim

    0,02

    0260010

    Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

     

    0260020

    Pónairí (gan faighneoga)

     

    0260030

    Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

     

    0260040

    Piseanna (gan faighneoga)

     

    0260050

    Lintilí

     

    0260990

    Eile (2)

     

    0270000

    Glasraí gais

    0,02

    0270010

    Lus súgach

     

    0270020

    Cardúin

     

    0270030

    Soilirí

     

    0270040

    Finéal Fhlórans

     

    0270050

    Bliosáin chruinne

     

    0270060

    Cainneanna

     

    0270070

    Biabhóg

     

    0270080

    Péacáin bhambú

     

    0270090

    Croíthe pailme

     

    0270990

    Eile (2)

     

    0280000

    Fungais, caonaigh agus léicin

     

    0280010

    Fungais shaothraithe

    0,01 (*1)

    0280020

    Fungais fhiáine

    0,02

    0280990

    Caonaigh agus léicin

    0,01 (*1)

    0290000

    Algaí agus orgánaigh phrócaróit

    0,01 (*1)

    0300000

    PISEÁNAIGH

     

    0300010

    Pónairí

    0,02

    0300020

    Lintilí

    0,02

    0300030

    Piseanna

    0,01 (*1)

    0300040

    Lúipíní/pónairí lúipíní

    0,01 (*1)

    0300990

    Eile (2)

    0,01 (*1)

    0400000

    OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

     

    0401000

    Olashíolta

     

    0401010

    Ros lín

    0,01 (*1)

    0401020

    Piseanna talún

    0,02

    0401030

    Síolta poipín

    0,01 (*1)

    0401040

    Síolta seasamain

    0,01 (*1)

    0401050

    Síolta lus na gréine

    0,01 (*1)

    0401060

    Síolta ráibe

    0,01 (*1)

    0401070

    Pónairí soighe

    0,02

    0401080

    Síolta mustaird

    0,01 (*1)

    0401090

    Síolta cadáis

    0,02

    0401100

    Síolta puimcín

    0,02

    0401110

    Síolta cróch bréige

    0,01 (*1)

    0401120

    Síolta borráiste

    0,01 (*1)

    0401130

    Caimilín

    0,01 (*1)

    0401140

    Síolta cnáibe

    0,01 (*1)

    0401150

    Pónairí ricne

    0,02

    0401990

    Eile (2)

    0,01 (*1)

    0402000

    Olathorthaí

     

    0402010

    Ológa le haghaidh táirgeadh ola

    0,01 (*1)

    0402020

    Eithní pailme ola

    0,01 (*1)

    0402030

    Torthaí pailme oila

    0,02

    0402040

    Capac

    0,02

    0402990

    Eile (2)

    0,01 (*1)

    0500000

    GRÁNAIGH

     

    0500010

    Eorna

    0,01 (*1)

    0500020

    Ruán agus bréag-ghránaigh eile

    0,01 (*1)

    0500030

    Arbhar Indiach/arbhar

    0,02

    0500040

    Muiléad coiteann

    0,02

    0500050

    Coirce

    0,01 (*1)

    0500060

    Rís

    0,01 (*1)

    0500070

    Seagal

    0,01 (*1)

    0500080

    Sorgam

    0,01 (*1)

    0500090

    Cruithneacht

    0,01 (*1)

    0500990

    Eile (2)

    0,01 (*1)

    0600000

    TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

    0,02

    0610000

    Taenna

     

    0620000

    Pónairí caife

     

    0630000

    Insiltí luibhe ó

     

    0631000

    (a)

    bláthanna

     

    0631010

    Camán meall

     

    0631020

    Roiseog

     

    0631030

    Rós

     

    0631040

    Seasmain

     

    0631050

    Teile

     

    0631990

    Eile (2)

     

    0632000

    (b)

    duilleoga agus luibheanna

     

    0632010

    Sú talún

     

    0632020

    Rooibos

     

    0632030

    Maité

     

    0632990

    Eile (2)

     

    0633000

    (c)

    fréamhacha

     

    0633010

    Caorthann corraigh

     

    0633020

    Ginsing

     

    0633990

    Eile (2)

     

    0639000

    (d)

    aon chuid eile den phlanda

     

    0640000

    Pónairí cócó

     

    0650000

    Carúib

     

    0700000

    LEANNLUSANNA

    0,02

    0800000

    SPÍOSRAÍ

    0,02

    0810000

    Spíosraí ó shíolta

     

    0810010

    Ainís

     

    0810020

    Calaindí

     

    0810030

    Soilire

     

    0810040

    Lus an choire

     

    0810050

    Cuimín

     

    0810060

    Lus mín

     

    0810070

    Finéal

     

    0810080

    Feinigréag

     

    0810090

    Noitmig

     

    0810990

    Eile (2)

     

    0820000

    Spíosraí ó thorthaí

     

    0820010

    Ilspíosra/pimeantó

     

    0820020

    Piobar Szechuan

     

    0820030

    Cearbhas

     

    0820040

    Cardamam

     

    0820050

    Caor aitil

     

    0820060

    Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

     

    0820070

    Fanaile

     

    0820080

    Tamarain

     

    0820990

    Eile (2)

     

    0830000

    Spíosraí ó choirt

     

    0830010

    Cainéal

     

    0830990

    Eile (2)

     

    0840000

    Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

     

    0840010

    Liocras

     

    0840020

    Sinséar (10)

     

    0840030

    Tuirmiric/curcuma

     

    0840040

    Meacain ragaim (11)

     

    0840990

    Eile (2)

     

    0850000

    Spíosraí ón mbachlóg

     

    0850010

    Clóibh

     

    0850020

    Caprais

     

    0850990

    Eile (2)

     

    0860000

    Spíosraí ó phistil bláthanna

     

    0860010

    Cróch

     

    0860990

    Eile (2)

     

    0870000

    Spíosraí arail

     

    0870010

    Maicis

     

    0870990

    Eile (2)

     

    0900000

    PLANDAÍ SIÚCRA

     

    0900010

    Fréamhacha biatas siúcra

    0,01 (*1)

    0900020

    Cánaí siúcra

    0,02

    0900030

    Fréamhacha siocaire

    0,01 (*1)

    0900990

    Eile (2)

    0,01 (*1)

    1000000

    TÁIRGÍ AR DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH IAD - AINMHITHE TALÚN

     

    1010000

    Tráchtearraí ó

    (+)

    1011000

    (a)

    mucra

    0,02

    1011010

    Matán

     

    1011020

    Saill

     

    1011030

    An t-ae

     

    1011040

    An duán

     

    1011050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1011990

    Eile (2)

     

    1012000

    (b)

    bó-ainmhí

     

    1012010

    Matán

    0,02

    1012020

    Saill

    0,03

    1012030

    An t-ae

    0,02

    1012040

    An duán

    0,02

    1012050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

    0,02

    1012990

    Eile (2)

    0,02

    1013000

    (c)

    caoirigh

    0,02

    1013010

    Matán

     

    1013020

    Saill

     

    1013030

    An t-ae

     

    1013040

    An duán

     

    1013050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1013990

    Eile (2)

     

    1014000

    d)

    gabhar

    0,02

    1014010

    Matán

     

    1014020

    Saill

     

    1014030

    An t-ae

     

    1014040

    An duán

     

    1014050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1014990

    Eile (2)

     

    1015000

    (e)

    each-ainmhí

    0,02

    1015010

    Matán

     

    1015020

    Saill

     

    1015030

    An t-ae

     

    1015040

    An duán

     

    1015050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1015990

    Eile (2)

     

    1016000

    (f)

    éanlaith chlóis

    0,02

    1016010

    Matán

     

    1016020

    Saill

     

    1016030

    An t-ae

     

    1016040

    An duán

     

    1016050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1016990

    Eile (2)

     

    1017000

    (g)

    ainmhithe talún feirme eile

    0,02

    1017010

    Matán

     

    1017020

    Saill

     

    1017030

    An t-ae

     

    1017040

    An duán

     

    1017050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1017990

    Eile (2)

     

    1020000

    Bainne

    0,02

    1020010

    Eallach

     

    1020020

    Caoirigh

     

    1020030

    Gabhar

     

    1020040

    Capall

     

    1020990

    Eile (2)

     

    1030000

    Uibheacha éan

    0,02

    1030010

    An chearc

     

    1030020

    Lacha

     

    1030030

    Géanna

     

    1030040

    Gearg

     

    1030990

    Eile (2)

     

    1040000

    Mil agus táirgí beachaireachta eile (7)

    0,02

    1050000

    Débheathaigh agus Reiptílí

    0,02

    1060000

    Ainmhithe inveirteabracha talún

    0,02

    1070000

    Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

    0,02

    1100000

    TÁIRGÍ AR DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH IAD - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

     

    1200000

    TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

     

    1300000

    TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

     

    (F) = Intuaslagtha i saill

    Clóirdeacón (F)

    (+)

    Léiríonn sonraí monatóireachta go dtarlaíonn traséilliú dosheachanta. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil 10 mbliana ó dháta an fhoilsithe.

    1010000 Tráchtearraí ó

    1011000 (a) muc-ainmhithe

    1012000 (b) bó-ainmhithe

    1013000 (c) caoirigh

    1014000 d) gabhair

    1015000 (e) each-ainmhithe

    1016000 (f) éanlaith chlóis

    1017000 (g) ainmhithe talún feirme eile"


    (*1)  Teorainn cinnidh anailísigh

    (1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.


    Top