Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0642

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/642 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis áirithe atá le soláthar ar lipéadú táirgí orgánacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2020/7397

    IO L 133, 20.4.2021, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/642/oj

    20.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 133/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/642 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Deireadh Fómhair 2020

    lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis áirithe atá le soláthar ar lipéadú táirgí orgánacha

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(2)(a) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gCaibidil III de Rialachán (AE) 2018/848, leagtar síos rialacha táirgthe is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach, agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, leagtar amach rialacha maidir le, inter alia, pacáistiú agus iompar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú. Go háirithe, ceanglaítear le pointe 2.1. den Iarscríbhinn sin go soláthrófar faisnéis áirithe ar an lipéad nó ar dhoiciméad tionlacain.

    (2)

    Ar cheann de phrionsabail an táirgthe orgánaigh, tá beostoc agus ainmhithe uisceacha a bheathú le beatha orgánach. Mar sin féin, ceadaítear leis na rialacha táirgthe, faoi choinníollacha áirithe, ábhair bheatha neamhorgánacha áirithe agus ábhair bheatha áirithe atá á dtiontú a úsáid.

    (3)

    Chun na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a chomhlíonadh, ba cheart na hoibreoirí a chur ar an eolas go hiomchuí a mhéid a bhaineann leis an mbeatha a úsáideann siad. Go háirithe, ba cheart a fhios a bheith acu an údaraítear úsáid na beatha i dtáirgeadh orgánach, cén comhdhéanamh beacht atá uirthi agus cad é cion na gcomhdhúl orgánach, na gcomhdhúl atá á dtiontú agus na gcomhdhúl neamhorgánach atá sa bheatha.

    (4)

    Ní mór ábhar atáirgthe plandaí, lena n-áirítear síolta, a úsáidtear le haghaidh táirgeadh orgánach plandaí nó táirgeadh orgánach táirgí plandaí a bheith orgánach i gcomhréir le pointe 1.8.1. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Mar sin féin, toisc nach bhfuil fáil ar ábhar orgánach atáirgthe plandaí i gcás speicis, fospeicis nó cineálacha áirithe, ceadaítear le pointe 1.8.5. de Chuid I den Iarscríbhinn sin ábhar atáirgthe plandaí atá á dtiontú a úsáid agus lena ndéantar foráil maidir leis an údarú chun ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí a úsáid faoi choinníollacha áirithe.

    (5)

    De bhun Threoir 66/401/CEE ón gComhairle (2), féadfar síolta i meascáin éagsúla géineas, speiceas nó cineálacha plandaí farae a chur ar an margadh, ar choinníoll, inter alia, go ndéanfar an céatadán de réir mheáchan na gcomhábhar éagsúil, mar a léirítear de réir speicis agus, i gcás inarb iomchuí, de réir cineáil, a thuairisciú ar an lipéad oifigiúil.

    (6)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá sé meascáin síolta plandaí farae a úsáid chun ardcháilíocht chothaitheach farae a dheonú, agus lena n-áirítear nuair nach bhfuil siad beartaithe lena n-úsáid mar phlandaí farae, chun feabhas a chur ar inoiriúnaitheacht na bplandaí i dtaca leis na dálaí agranamaíocha réigiúnacha agus chun torthúlacht na hithreach agus bithéagsúlacht ithreach a mhéadú, go háirithe nuair a úsáidtear na meascáin síolta i gcleachtais agranamaíocha chun ithir agus uisce a chaomhnú, amhail barra cumhdaigh, agus an easpa síolta orgánacha nó síolta atá á dtiontú atá ar fáil á gcur san áireamh, is féidir meascáin síolta a úsáid i gcomhréir le rialacha maidir le táirgeadh orgánach, fiú amháin nuair atá síolta orgánacha, síolta atá á dtiontú agus síolta neamhorgánacha údaraithe de speicis plandaí éagsúla iontu. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis bheacht maidir le méid na gcomhábhar orgánach agus na gcomhábhar atá á dtiontú sna meascáin a bheith ar fáil do na húsáideoirí, gan dochar do na ceanglais agus don fhaisnéis a cheanglaítear faoi Threoir 66/401/CEE.

    (7)

    Mar sin féin, ba cheart a léiriú ar lipéad an phacáistithe le haghaidh meascáin den sórt sin nach gceadaítear na meascáin a úsáid ach amháin laistigh de raon feidhme an údaraithe a eisíodh faoi phointe 1.8.5. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 agus, dá bhrí sin, nach gceadaítear iad a úsáid ach amháin ar chríoch Bhallstát an údaráis inniúil a dheonaigh é.

    (8)

    Thairis sin, chun úsáid síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú a chur chun cinn agus íostairseach chainníochtúil chomhchuibhithe a áirithiú, is iomchuí céatadán iomlán íosta de réir meáchan síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú a leagan síos, ar síolta iad ba cheart a bheith mar chuid den mheascán nuair a dhéanfar tagairt ar an lipéad do chomhábhair orgánacha agus do chomhábhair atá á dtiontú.

    (9)

    Ba cheart, dá bhrí sin, pointe 2.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir sin.

    (10)

    Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear pointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

    (2)  Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2298).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848:

    “2.1.   Faisnéis atá le soláthar

    2.1.1

    Áiritheoidh oibreoirí go n-iomprófar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú go dtí oibreoirí nó aonaid eile, lena n-áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí, i bpacáistíocht, i gcoimeádáin nó i bhfeithiclí iomchuí amháin atá dúnta ar bhealach nach féidir an t-ábhar a athrú, lena n-áirítear an t-ábhar a ionadú, gan an séala a láimhsiú nó damáiste a dhéanamh dó agus go mbeidh lipéad ag gabháil leo, gan dochar d’aon tásca eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ar a gcuirtear na nithe seo a leanas in iúl:

    (a)

    ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás nach ionann iad, ainm agus seoladh úinéir nó dhíoltóir an táirge;

    (b)

    ainm an táirge;

    (c)

    ainm nó códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhfuil an t-oibreoir faoina réir; agus

    (d)

    i gcás inarb ábhartha, an comhartha sainaitheantais baisce i gcomhréir le córais mharcála arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta nó arna chomhaontú leis an údarás rialaithe nó leis an gcomhlacht rialaithe agus lenar féidir an bhaisc a nascadh leis na taifid dá dtagraítear in Airteagal 34(5).

    2.1.2

    Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh lipéad, lena sonraítear na nithe seo a leanas, i dteannta aon tásc eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ag gabháil le beatha chumaisc atá údaraithe lena húsáid i dtáirgeadh orgánach a iompraítear go dtí oibreoirí nó gabháltais eile, lena n-áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí:

    (a)

    an fhaisnéis a sholáthraítear i bpointe 2.1.1;

    (b)

    i gcás inarb ábhartha, de réir mheáchan an ábhair thirim:

    (i)

    céatadán iomlán na n-ábhar beatha orgánach;

    (ii)

    céatadán iomlán na n-ábhar beatha atá á dtiontú;

    (iii)

    céatadán iomlán na n-ábhar beatha nach gcumhdaítear le pointí (i) agus (ii);

    (iv)

    céatadán iomlán na beatha de thionscnamh talmhaíochta;

    (c)

    i gcás inarb ábhartha, ainmneacha na n-ábhar beatha orgánach;

    (d)

    i gcás inarb ábhartha, ainmneacha na n-ábhar beatha atá á dtiontú; agus

    (e)

    i gcás beatha chumaisc nach féidir a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 30(6), an tásc lena bhféadfar beatha den sórt sin a úsáid i dtáirgeadh orgánach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.1.3

    Gan dochar do Threoir 66/401/CEE, agus i ndáil le lipéad an phacáistithe le haghaidh meascán síolta plandaí farae ina bhfuil síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú nó síolta neamhorgánacha speiceas plandaí éagsúla ar eisíodh údarú ina leith faoi na coinníollacha ábhartha a leagtar síos i bpointe 1.8.5. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, áiritheoidh oibreoirí go soláthrófar faisnéis ar an lipéad sin maidir le comhábhair bheachta an mheascáin, mar a léirítear le céatadán de réir mheáchan gach speicis comhábhair, agus i gcás inarb iomchuí, de réir meáchan cineálacha comhábhair.

    I dteannta na gceanglas ábhartha faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 66/401/CEE, áireofar san fhaisnéis sin, chomh maith leis na tásca a cheanglaítear sa chéad mhír den phointe seo, liosta de speicis chomhábhair an mheascáin a lipéadaítear mar speicis orgánacha nó mar speicis atá á dtiontú. Is é 70 % ar a laghad an céatadán iomlán íosta de réir meáchain a bheidh sna síolta orgánacha agus sna síolta atá á dtiontú sa mheascán.

    I gcás ina bhfuil síolta neamhorgánacha sa mheascán, beidh an ráiteas seo a leanas ar an lipéad freisin: ‘Ní cheadaítear úsáid an mheascáin ach amháin laistigh de raon feidhme an údaraithe agus ar chríoch Bhallstát an údaráis inniúil a d’údaraigh úsáid an mheascáin seo i gcomhréir le pointe 1.8.5. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.’

    Ní fhéadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 2.1.1 agus 2.1.2 a léiriú ach amháin ar dhoiciméad tionlacain, más féidir an doiciméad sin a nascadh gan amhras le pacáistíocht, le coimeádán nó le hiompar feithicle an táirge. Sa doiciméad tionlacain sin, beidh faisnéis maidir leis an soláthraí nó leis an iompróir.”


    Top