EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0599

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/599 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is iad sin (“Rheinisches Zuckerrübenkraut”/“Rheinischer Zuckerrübensirup”/“Rheinisches Rübenkraut” (TGFC))

C/2021/2539

IO L 127, 14.4.2021, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/599/oj

14.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 127/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/599 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is iad sin (“Rheinisches Zuckerrübenkraut”/“Rheinischer Zuckerrübensirup”/“Rheinisches Rübenkraut” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe mír 2 d’Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gearmáine maidir le formheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tásc geografach faoi chosaint “Rheinisches Zuckerrübenkraut”/“Rheinischer Zuckerrübensirup”/“Rheinisches Rübenkraut” atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 628/2012 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/356 ón gCoimisiún (3).

(2)

Ós rud é nach mionleasú atá i gceist de réir bhrí mhír 2 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le mír 2, pointe (a) d’Airteagal 50 den Rialachán sin (4).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, is é is iomchuí formheas a dhéanamh ar an leasú ar an tsonraíocht,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Rheinisches Zuckerrübenkraut”/“Rheinischer Zuckerrübensirup”/“Rheinisches Rübenkraut” (STFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 628/2012 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2012 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint [Rheinisches Zuckerrübenkraut/Rheinischer Zuckerrübensirup/Rheinisches Rübenkraut (TGFC)] (IO L 182, 13.7.2012, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/356 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2017 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Rheinisches Zuckerrübenkraut/Rheinischer Zuckerrübensirup/Rheinisches Rübenkraut (TGFC)] (IO L 54, 1.3.2017, lch. 2).

(4)  IO C 424, 8.12.2020, lch. 43.


Top