Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0528

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/528 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híosmhéid faisnéise an doiciméid atá le foilsiú le haghaidh díolúine ó réamheolaire i dtaca le táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumasc nó deighilt (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2020/8822

    IO L 106, 26.3.2021, p. 32–46 (BG, ES, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO L 106, 26.3.2021, p. 34–48 (CS)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/528/oj

    26.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 106/32


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/528 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Nollaig 2020

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híosmhéid faisnéise an doiciméid atá le foilsiú le haghaidh díolúine ó réamheolaire i dtaca le táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumasc nó deighilt

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (1), agus go háirithe Airteagal 1(7) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun na caighdeáin is airde i dtaca le cosaint infheisteoirí a sholáthar ar fud an Aontais agus chun cabhrú le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh, sa doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 1(4), i bpointe (f) agus i bpointe (g) d’Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, i bpointe (e) agus i bpointe (f), de Rialachán (AE) 2017/1129 (“doiciméad díolúine”) ba cheart go mbeadh faisnéis leordhóthanach, oibiachtúil agus intuigthe maidir leis na cuideachtaí atá páirteach san idirbheart, na cearta a ghabhann leis na hurrúis chothromais sin, ionchais eisitheoir na n-urrús cothromais sin agus, ag brath ar chineál idirbheart na cuideachta is táirgí, nó na cuideachta atá á fáil nó na cuideachta atá á deighilt.

    (2)

    Chun a áirithiú go soláthrófar an fhaisnéis is gá d’infheisteoirí chun cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh, ba cheart doiciméad díolúine níos cuimsithí a bheith ina cheangal i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint mhalartaithe a chomhlíonann coinníoll Airteagal 1(6ú), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129 i gcás nach bhfuil na hurrúis chothromais a thairgtear idirmhalartach le hurrúis ar ann dóibh cheana a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an táthcheangal agus an t-idirbheart atá gaolmhar leis, nó i ngcás ina meastar gur idirbheart éadála droim ar ais an táthcheangal. I gcás den sórt sin, ba cheart inneachar leathnaithe an doiciméid díolúine a shonrú.

    (3)

    Chun costais ar infheisteoirí nach gá a theorannú, ba cheart doiciméad díolúine a bheith níos éadroime, i gcás, i ndáil le hidirbheart, ina bhfuil na hurrúis chothromais a thairgtear don phobal nó atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte idirmhalartach le hurrúis chothromais a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus nach bhfuil iontu ach céatadán beag de na hurrúis chothromais sin. I gcás den sórt sin, ba cheart inneachar leathnaithe an doiciméid díolúine a shonrú. Mar sin féin, i gcás den sórt sin, níor cheart cosc a chur ar eisitheoir leas a bhaint as na díolúintí a leagtar síos sa chéad fhomhír d’ Airteagal 1(5), i bpointe (a) nó i bpointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129.

    (4)

    Chun dréachtú an doiciméid díolúine a shimpliú agus chun laghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann lena tháirgeadh, ba cheart cead a bheith ag eisitheoirí faisnéis áirithe a foilsíodh cheana i bhfoirm leictreonach a chorprú sa doiciméad sin de réir tagairtí, ar choinníoll go bhfuil rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin agus go bhfuil sí scríofa sa teanga chéanna leis an doiciméad díolúine.

    (5)

    Ba cheart go dtuigfeadh infheisteoirí do chás eisitheora a bhfuil stair chasta airgeadais aige nó a thug tiomantas suntasach airgeadais, agus sa chás sin d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le faisnéis a nochtadh faoi eintiteas eile seachas an t-eisitheoir. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé d’oibleagáid ar eisitheoirí tuairisc a thabhairt ar a stair chasta airgeadais nó ar éifeachtaí an tiomantais shuntasaigh airgeadais a tugadh ar an eisitheoir nó ar ghnó an eisitheora sa doiciméad díolúine.

    (6)

    D’fhonn a áirithiú gur doiciméad inúsáidte ag infheisteoirí a bheidh i ndoiciméad díolúine, is gá a shonrú gur faoin údarás inniúil náisiúnta atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an teanga ina ndréachtófar an doiciméad sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    Ciallaíonn “idirbheart” táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumasc nó roinnt dá dtagraítear in Airteagal 1(4), i bpointe (f) nó i bpointe (g) d’Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, i bpointe (e) nó i bpointe (f) de Rialachán (AE) 2017/1129, idirbheart ar comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos ina leith in Airteagal 1(6a) nó in Airteagal 1(6b) den Rialachán sin;

    (b)

    Ciallaíonn “doiciméad díolúine” doiciméad atá le cur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2017/1129 a bheidh i dteideal díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás idirbhirt;

    (c)

    ciallaíonn “cuideachta is táirgí” cuideachta is táirgí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

    (d)

    Ciallaíonn “cuideachta atá á fáil” cuideachta a aistríonn sócmhainní agus dliteanais chuig cuideachta éadála de thoradh aon chumasc ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos ina leith in Airteagal 1(6b) de Rialachán (AE) 2017/1129;

    (e)

    Ciallaíonn “cuideachta atá á deighilt” cuideachta a aistríonn sócmhainní agus dliteanais chuig cuideachta a fhaigheann ranníocaíochtaí de thoradh aon chumasc ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos ina leith in Airteagal 1(6b) de Rialachán (AE) 2017/1129;

    (f)

    ciallaíonn “tuairisceoir” tairgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(i) de Rialachán (AE) 2017/1129.

    Airteagal 2

    Íosmhéid faisnéise an doiciméid díolúine

    1.   I ndoiciméad díolúine beidh an fhaisnéis ábhartha is gá chun cabhrú le hinfheisteoirí na nithe seo a leanas a thuiscint:

    (a)

    ionchais eisitheoir na cuideachta, agus, ag brath ar chineál an idirbhirt, ionchais na cuideachta is táirgí, na cuideachta atá á fáil nó na cuideachta atá á deighilt, agus aon athrú suntasach ar staid ghnó agus airgeadais gach ceann de na cuideachtaí sin a tharla ó dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin;

    (b)

    na cearta a théann leis na hurrúis chothromais;

    (c)

    tuairisc ar an idirbheart agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir.

    Déanfar an fhaisnéis atá i ndoiciméad díolúine a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus cabhróidh sí le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh.

    I ndoiciméad díolúine beidh an t-íosmhéid fhaisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    San áireamh i ndoiciméad díolúine, áfach, beidh an t-íosmhéid faisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    baineann an doiciméad díolúine le táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos ina leith in Airteagal 1(6a), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129;

    (b)

    níl na hurrúis chothromais idirmhalartach le hurrúis ar ann dóibh cheana a ligeadh isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an táthcheangal nó an t-idirbheart atá gaolmhar leis, nó ní mheastar gur idirbheart éadála droim ar ais an táthcheangal de réir bhrí mhír B19 de na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (IFRS) 3, Comhcheangail Ghnó, arna ghlacadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (3).

    2.   De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar do phointe (a) ná do phointe (b) Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, Rialachán (AE) 2017/1129, i gcás, i ndáil le hidirbheart, ina dtairgtear na hurrúis chothromais don phobal nó ina bhfuil siad le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus go bhfuil siad idirmhalartach le hurrúis chothromais a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus nach mó ná 10 % de na hurrúis chothromais iad, ní bheidh sa doiciméad díolúine ach an t-íosmhéid faisnéise dá dtagraítear i roinn 1, i roinn 3 agus i roinn 5 agus i míreanna 2.2 agus 4.2 d’iarscríbhinn I.

    Airteagal 3

    Corprú de réir tagairtí

    1.   Féadfar faisnéis a chorprú de réir tagairtí i ndoiciméad díolúine i gcás inár foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, inár tarraingíodh suas í i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagal 5 den Rialachán seo agus i gcás ina bhfuil sí le fáil i gceann de na doiciméid seo a leanas:

    (a)

    doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/1129;

    (b)

    doiciméid a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2004/25/CE;

    (c)

    doiciméid a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

    (d)

    doiciméid eile a fhoilsítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina bhfuil na doiciméid sin ábhartha don idirbheart.

    Is í an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don eisitheoir, don chuideachta is táirgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt.

    2.   I gcás nach ndéantar ach míreanna áirithe faisnéise a chorprú de réir tagairtí, beidh ráiteas sa doiciméad díolúine á rá nach bhfuil na codanna neamhchorpraithe ábhartha don infheisteoir nó go bhfuil siad san áireamh in áit eile sa doiciméad díolúine.

    3.   Áiritheoidh na daoine atá freagrach as an doiciméad díolúine go mbeidh rochtain éasca ar fhaisnéis a corpraíodh sa doiciméad díolúine sin de réir tagairtí.

    4.   I ndoiciméad díolúine ina bhfuil faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí, beidh liosta crostagartha a chabhróidh le hinfheisteoirí míreanna sonracha faisnéise a shainaithint go héasca agus beidh hipearnaisc ann chuig gach doiciméad ina bhfuil faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí.

    Airteagal 4

    Stair chasta airgeadais agus tiomantas suntasach airgeadais

    1.   I gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag eisitheoir na n-urrús cothromais dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (5), nó más rud é gur thug sé tiomantas suntasach airgeadais dá dtagraítear in 18(4) den Rialachán, is í an fhaisnéis uile dá dtagraítear is in Iarscríbhinn I a bheidh sa doiciméad díolúine seo nó, i gcás i gcás inarb infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an eintiteas seachas an t-eisitheoir amhail gurbh é an t-eintiteas sin eisitheoir na n-urrús cothromais, a mhéid go dteastaíonn an fhaisnéis sin ó na hinfheisteoirí chun cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo.

    San fhaisnéis bhreise sin sonrófar na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag an idirbheart, mar a shainítear in Airteagal 1(a) den Rialachán seo, ar an eisitheoir nó ar ghnólacht an eisitheora, agus na héifeachtaí a bheidh ag an stair chasta airgeadais ag an tiomantas suntasach airgeadais ar an eisitheoir nó ar ghnó an eisitheora.

    2.   Beidh míniú soiléir ag gabháil leis an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfáth a bhfuil an fhaisnéis sin de dhíth ar infheisteoirí chun cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh.

    3.   Eisitheoir nach bhfuil in ann an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, míneoidh sé an chúis atá leis sin sa doiciméad díolúine.

    Airteagal 5

    Teangacha atá le húsáid

    Déanfar doiciméad díolúine a tharraingt suas i dteanga a nglacann an t-údarás inniúil léi mar a shainítear i bpointe (o) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1129.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 168, 30.6.2017, lch. 12.

    (2)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).

    (4)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169 30.6.2017, lch. 46).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, inneachar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).


    IARSCRÍBHINN I

    ÍOSMHÉID FAISNÉISE AN DOICIMÉID DÍOLÚINE

    Airteagal 2(1), tríú fomhír, agus Airteagal 2(2)

    ROINN 1

    DAOINE ATÁ FREAGRACH AS AN DOICIMÉAD DÍOLÚINE, FAISNÉIS TRÍÚ PÁIRTÍ AGUS TUARASCÁIL Ó SHAINEOLAITHE A THARRAINGT SUAS

    Mír 1.1

    Sainaithint na ndaoine atá freagrach as an doiciméad díolúine a tharraingt suas

    Na daoine uile atá freagrach as an bhfaisnéis nó as aon chuid di, a thugtar sa doiciméad díolúine, a shainaithint, agus, sa chás sin, léiriú ar na codanna sin. I gcás daoine nádúrtha, lena n-áirítear comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an eisitheora, ainm agus feidhm an duine a shainaithint; i gcás daoine dlítheanacha, an t-ainm agus an oifig chláraithe a shainaithint.

    Mír 1.2

    Ráiteas freagrachta

    Dearbhú uathu siúd atá freagrach as an doiciméad díolúine go bhfuil an fhaisnéis atá sa doiciméad díolúine, chomh fada lena n-eolas, i gcomhréir leis na fíorais agus nach bhfuil aon easnamh sa doiciméad díolúine a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

    I gcás inarb infheidhme, dearbhú uathu siúd atá freagrach as codanna áirithe den doiciméad díolúine go bhfuil an fhaisnéis sna codanna sin den doiciméad díolúine a bhfuil siad freagrach astu, chomh fada lena n-eolas, i gcomhréir leis na fíorais agus nach bhfuil aon easnamh sna codanna sin den doiciméad díolúine a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

    Mír 1.3

    Ráiteas nó tuarascáil ó shaineolaí

    I gcás ina bhfuil ráiteas nó tuarascáil a luaitear le duine mar shaineolaí san áireamh sa doiciméad díolúine, na mionsonraí a leanas a sholáthar i leith an duine sin:

    (a)

    ainm;

    (b)

    seoladh gnó;

    (c)

    cáilíochtaí;

    (d)

    leas ábhartha, más ann dó, i leith an eisitheora.

    I gcás inar táirgeadh an ráiteas nó an tuarascáil arna iarraidh sin don eisitheoir, luafar ann gur cuireadh an ráiteas nó an tuarascáil sin san áireamh sa doiciméad díolúine le toiliú an duine a d’údaraigh a bhfuil sa chuid sin den doiciméad díolúine.

    Mír 1.4

    Faisnéis a fuair tríú páirtí

    I gcás ina bhfuarthas faisnéis ó thríú páirtí, deimhniú a thabhairt gur atáirgeadh an fhaisnéis sin go cruinn agus a mhéid is eol don eisitheoir agus gur féidir leis a fháil amach ó fhaisnéis a d’fhoilsigh an tríú páirtí sin, nár fágadh aon fhíoras ar lár a d’fhágfadh go mbeadh an fhaisnéis a atáirgeadh míchruinn nó míthreorach. Ina theannta sin, foinse nó foinsí na faisnéise a shainaithint.

    Mír 1.5

    Ráitis rialála

    Ráiteas:

    (a)

    nach réamheolaire de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/1129 atá sa doiciméad díolúine;

    (b)

    nach raibh an doiciméad díolúine faoi réir an ghrinnscrúdaithe ná an fhormheasa ag an údarás inniúil ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/1129;

    (c)

    de bhun Airteagal 1(6a), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129, i gcás inarb infheidhme, gur eisigh an t-údarás maoirseachta a bhfuil sé d’inniúlacht aige athbhreithniú a dhéanamh ar an doiciméad tairisceana faoi Threoir 2004/25/CEformheas roimh ré ar an doiciméad díolúine.

    ROINN 2

    FAISNÉIS FAOIN EISITHEOIR AGUS FAOIN gCUIDEACHTA IS TAIRGÍ, FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á FÁIL NÓ FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á DEIGHILT

    Mura luaitear a mhalairt, soláthrófar na míreanna a liostaítear i Roinn 2 don eisitheoir agus, ag brath ar chineál an idirbhirt, don chuideachta is tairgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt. I gcás gur grúpa é ceann de na heintitis réamhluaite agus inar foilsíodh na ráitis airgeadais chomhdhlúite cheana, cuirfear an fhaisnéis a liostaítear sa roinn seo i láthair ar bhonn comhdhlúite.

    I gcás urrúis chothromais seachas scaireanna, cuirfear na míreanna a liostaítear i Roinn 2 ar fáil freisin d’eisitheoir na scaireanna foluiteacha, i gcás nach ionann iad agus eisitheoir na n-urrús cothromais.

    I gcás táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh faoin gcuideachta is tairgí ar fáil, cuirfear ráiteas á rá sin ar fáil.

    Mír 2.1

    Faisnéis ghinearálta

    Mír 2.1.1

    An t-ainm dlítheanach agus tráchtála

    Mír 2.1.2

    (a)

    sainchónaí agus foirm dhlíthiúil;

    (b)

    aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (“LEI”);

    (c)

    dlí thír an chorpraithe;

    (d)

    tír an chorpraithe, agus seoladh, uimhir theileafóin na hoifige cláraithe (nó a príomháit ghnó murab ionann í agus an oifig chláraithe);

    (e)

    hipearnasc chuig an suíomh gréasáin le séanadh nach cuid den doiciméad díolúine an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura bhfuil an fhaisnéis sin ionchorpraithe trí thagairt sa doiciméad díolúine.

    Mír 2.1.3

    Ainmneacha na n-iniúchóirí le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear leis na ráitis airgeadais agus ainm an chomhlachta ghairmiúil nó na gcomhlachtaí gairmiúla ar comhaltaí de nó díobh iad.

    Mír 2.2

    Forléargas gnó

    Mír 2.2.1

    Na príomhghníomhaíochtaí, lena n-áirítear na príomhchatagóirí táirgí a díoladh agus/nó seirbhísí a rinneadh sa bhliain airgeadais dheireanach.

    Mír 2.2.2

    Aon athrú suntasach a bhfuil tionchar aige ar na hoibríochtaí agus ar na príomhghníomhaíochtaí ó dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis na ráitis airgeadais iniúchta is déanaí a foilsíodh.

    Mír 2.2.3

    Tuairisc ghairid ar na príomh-mhargaí, lena n-áirítear miondealú ar an ioncam iomlán de réir deighleog oibriúcháin agus de réir margadh geografach don bhliain airgeadais dheireanach.

    I gcás deighilte, tagróidh an tuairisc dá dtagraítear sa chéad mhír do na príomh-mhargaí ina bhfuil sócmhainní príomha agus dliteanais príomha na cuideachta atá á deighilt lonnaithe.

    Mír 2.3

    Infheistíochtaí

    Tuairisc ar na hinfheistíochtaí ábhartha a rinneadh ón dáta ar foilsíodh na ráitis airgeadais dheireanacha agus atá ar siúl agus/nó a bhfuil gealltanais dhaingne déanta cheana ina leith, mar aon le foinse na gcistí réamh-mheasta.

    Mír 2.4

    Rialachas corparáideach

    Mír 2.4.1

    Ainmneacha, seoltaí gnó agus feidhmeanna laistigh den eisitheoir nó, ag brath ar chineál an idirbhirt, an fhaisnéis sin faoin gcuideachta is tairgí, faoin gcuideachta atá á fáil nó faoin gcuideachta atá á deighilt, faoi chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus, i gcás comhpháirtíocht theoranta le scairchaipiteal, faoi chomhpháirtithe ag a mbeidh dliteanas neamhtheoranta.

    Mír 2.4.2

    Céannacht na scairshealbhóirí móra

    Mír 2.4.3

    Líon na bhfostaithe

    Mír 2.5

    Faisnéis airgeadais

    Mír 2.5.1

    Ráitis airgeadais

    Ráitis airgeadais (ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla) a foilsíodh sna 12 mhí roimh fhoilsiú an doiciméid díolúine.

    I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní theastóidh ach na ráitis bhliantúla i gcás ina n-iardhátaíonn siad na ráitis airgeadais leathbhliantúla.

    Beidh na tuarascálacha iniúchóireachta ar áireamh sna ráitis airgeadais.

    I gcás inar dhiúltaigh iniúchóirí reachtúla tuarascálacha iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais nó ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an chúis atá leis sin a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó an bhéim ar ábhar sin a atáirgeadh ina n-iomláine.

    Mír 2.5.1.a

    (Cumaisc amháin)

    De mhaolú ar mhír 2.5.1, i gcás nach bhfuil urrúis chothromais ag an gcuideachta atá á fáil a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana féin ar mhargadh rialáilte, soláthróidh an chuideachta na ráitis airgeadais iniúchta (na cinn bhliantúla agus leathbhliantúla) a glacadh thar na 12 mhí roimh fhoilsiú an doiciméid díolúine.

    I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní theastóidh ach na ráitis bhliantúla i gcás ina n-iardhátaíonn siad na ráitis airgeadais leathbhliantúla.

    Beidh na tuarascálacha iniúchóireachta ar áireamh sna ráitis airgeadais.

    I gcás inar dhiúltaigh iniúchóirí reachtúla tuarascálacha iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais nó ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an chúis atá leis sin a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó an bhéim ar ábhar sin a atáirgeadh ina n-iomláine.

    I gcás nach mbeidh ráitis airgeadais iniúchta ag an gcuideachta atá á fáil, soláthróidh sí ráitis airgeadais a ullmhaíodh le 12 mhí anuas agus ráiteas diúltach á rá nach ndearnadh athbhreithniú ná iniúchadh ar na ráitis airgeadais.

    Mír 2.5.2

    Caighdeáin chuntasaíochta

    Ullmhófar an fhaisnéis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais mar a formhuiníodh san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    I gcás nach bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, déanfar an fhaisnéis airgeadais a ullmhú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta Ballstáit d’eisitheoirí ó LEE, mar a cheanglaítear le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

    (b)

    caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta tríú tír atá coibhéiseach le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 maidir le heisitheoirí tríú tír. Mura bhfuil caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta an tríú tír coibhéiseach le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, déanfar na ráitis airgeadais a athlua i gcomhréir leis an Rialachán sin.

    Mír 2.5.3

    Ina theannta sin, cuirfear san áireamh tuairisc ar aon athrú suntasach ar an riocht airgeadais atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó i gcás nár tharla aon athrú suntasach den sórt sin, ráiteas á rá sin.

    I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi aon treocht, neamhchinnteacht, éileamh, gealltanas nó teagmhas aitheanta ar dócha le réasún go mbeadh éifeacht ábhartha acu ar an eisitheoir agus, ag brath ar chineál an idirbhirt, ar an gcuideachta is tairgí, ar an gcuideachta atá á fáil nó ar an gcuideachta atá á deighilt don bhliain airgeadais reatha ar a laghad.

    Mír 2.5.4

    I gcás inarb infheidhme, an tuarascáil bainistíochta dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 29 de Threoir 2013/34/AE.

    Mír 2.6

    Imeachtaí dlí agus eadrána

    Faisnéis faoi aon imeachtaí rialtasacha, dlíthiúla nó eadrána (lena n-áirítear aon imeachtaí den sórt sin atá ar feitheamh nó faoi bhagairt, a bhfuil an t-eisitheoir, an chuideachta is tairgí, an chuideachta atá á fáil nó an chuideachta atá á deighilt ar an eolas fúthu), le linn tréimhse a chuimsíonn ar a laghad na 12 mhí roimhe sin a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith acu, nó a raibh éifeachtaí suntasacha acu sa tréimhse a chuaigh thart le déanaí, ar an eisitheoir, ar an gcuideachta is tairgí, ar an gcuideachta atá á fáil, ar an gcuideachta atá á deighilt nó ar riocht nó brabúsacht an ghrúpa, nó ráiteas diúltach iomchuí a sholáthar.

    I gcás deighilte, san fhaisnéis faoi imeachtaí dlíthiúla agus eadrána tagrófar do na sócmhainní agus do na dliteanais ar cuspóir na deighilte iad.

    Mír 2.7

    Achoimre na faisnéise a nochtar faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (3)

    I gcás eintitis a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, achoimre ar an bhfaisnéis a nochtadh faoin Rialachán sin le 12 mhí anuas, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha ar dháta an doiciméid díolúine.

    Cuirfear an achoimre i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus ní bheidh sí ina macasamhlú ar fhaisnéis a foilsíodh cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Cuirfear an achoimre i láthair i líon teoranta catagóirí, ag brath ar a n-ábhar.

    ROINN 3

    TUAIRISC AR AN IDIRBHEART

    Mír 3.1

    Feidhm agus cuspóirí an idirbhirt

    Mír 3.1.1

    Cuspóir an idirbhirt don eisitheoir agus dá scairshealbhóirí.

    Mír 3.1.2

    Cuspóir an idirbhirt don chuideachta is tairgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt agus dá scairshealbhóirí.

    Mír 3.1.3

    Tuairisc ar aon sochar a mheastar a eascróidh as an idirbheart.

    Mír 3.2

    Coinníollacha an idirbhirt

    Mír 3.2.1

    Faisnéis faoi nósanna imeachta agus faoi théarmaí an idirbhirt agus faoi dhlí rialaithe an chomhaontaithe lena bhforghníomhaítear an t-idirbheart.

    I gcás táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 6(3) de Threoir 2004/25/CE sa doiciméad díolúine, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh.

    I gcás cumaisc, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 91(2) nó le hAirteagal 122 de Threoir (AE) 2017/1132, ag brath ar an gcineál cumaisc, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh.

    I gcás deighilte, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 137(2) de Threoir (AE) 2017/1132 sa doiciméad díolúine, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh.

    Mír 3.2.2

    I gcás inarb infheidhme, aon choinníoll a bhfuil éifeachtacht an idirbhirt faoina réir, lena n-áirítear aon ráthaíocht.

    Mír 3.2.3

    I gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis maidir le táillí briste nó pionóis eile a d’fhéadfadh a bheith iníoctha mura gcuirtear an t-idirbheart i gcrích.

    Mír 3.2.4

    I gcás ina mbeidh an t-idirbheart faoi réir aon fhógra agus/nó aon iarraidh ar údaruithe, tuairisc ar na fógraí sin agus/nó iarrataí ar údaruithe.

    Mír 3.2.5

    I gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis uile is gá chun struchtúr maoinithe an idirbhirt a thuiscint ina hiomláine.

    Mír 3.2.6

    Tráthchlár an idirbhirt.

    Mír 3.3

    Fachtóirí priacail

    Tuairisc, i líon teoranta catagóirí, ar na priacail ábhartha a bhaineann go sonrach leis an idirbheart, i roinn dar ceannteideal “Fachtóirí priacail a bhaineann leis an idirbheart”.

    I ngach catagóir, luafar ar dtús na fachtóirí priacail is ábhartha agus measúnú á dhéanamh ar an eisitheoir, an tionchar diúltach ar an eisitheoir agus dóchúlacht a dtarlaithe á gcur san áireamh.

    Comhthacófar leis na fachtóirí priacail le hinneachar an doiciméid díolúine.

    Mír 3.4

    Coinbhleacht leasa

    Mionsonraí faoi aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ag an eisitheoir, ag an gcuideachta is tairgí, ag an gcuideachta atá á fáil nó ag an gcuideachta atá á deighilt agus aon cheann dá scairshealbhóirí i leith an idirbhirt.

    Mír 3.5

    Comaoin tairisceana

    Mír 3.5.1

    Seolaithe na tairisceana nó leithroinnt na n-urrús cothromais a bhaineann leis an idirbheart.

    Mír 3.5.2

    An chomaoin a tairgeadh le haghaidh gach urrús cothromais nó aicme urrús cothromais, agus go háirithe an cóimheas malairte agus méid aon íocaíochta airgid.

    Mír 3.5.3

    Faisnéis maidir le haon chomaoin theagmhasach a comhaontaíodh i gcomhthéacs an idirbhirt, lena n-áirítear, i gcás cumaisc, aon oibleagáid atá ar an gcuideachta atá á fáil chun urrúis bhreise nó airgead tirim a aistriú chuig iar-úinéirí na cuideachta atá á fáil má tharlaíonn teagmhais amach anseo nó má chomhlíontar coinníollacha.

    Mír 3.5.4

    Na modhanna luachála agus na toimhdí a úsáideadh chun an chomaoin atá á tairiscint i leith gach urrúis chothromais nó i leith gach aicme urrús cothromais a chinneadh, agus go háirithe maidir leis an gcóimheas malairte.

    Mír 3.5.5

    Léiriú ar aon mheastóireacht nó tuarascáil a d’ullmhaigh saineolaithe neamhspleácha agus faisnéis faoin áit a bhféadfar teacht ar na meastóireachtaí nó na tuarascálacha sin chun iad a léamh.

    I gcás cumaisc, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagail 96 nó 125 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa doiciméad díolúine, ag brath ar an gcineál cumaisc, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh.

    I gcás deighilte, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 142 de Threoir (AE) 2017/1132 sa doiciméad díolúine, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh.

    ROINN 4

    URRÚIS CHOTHROMAIS A THAIRGTEAR DON PHOBAL NÓ A LIGTEAR ISTEACH CHUN A dTRÁDÁLA AR MHARGADH RIALÁILTE CHUN CRÍOCH AN IDIRBHIRT

    I gcás urrúis chothromais seachas scaireanna, beidh an fhaisnéis a thabharfar cuimsitheach agus áireofar inti an fhaisnéis a liostaítear thíos maidir leis na scaireanna foluiteacha.

    Mír 4.1

    Fachtóirí priacail

    Tuairisc ar na priacail ábhartha a bhaineann go sonrach leis na hurrúis chothromais atá á dtairiscint agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála i líon teoranta catagóirí, i roinn dar ceannteideal “Fachtóirí priacail a bhaineann leis na hurrúis chothromais”.

    I ngach catagóir de na priacail is ábhartha, sa mheasúnú ar an eisitheoir, ar an tairgeoir nó ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, leagfar amach ar dtús iad, agus an tionchar diúltach ar an eisitheoir agus ar na hurrúis chothromais agus dóchúlacht a dtarlaithe á gcur san áireamh.

    Comhthacófar leis na fachtóirí priacail le hinneachar an doiciméid díolúine.

    Mír 4.2

    Ráiteas caipitil oibre

    Ráiteas ón eisitheoir gurb é a thuairim gur leor an caipiteal oibre do cheanglais reatha an eisitheora nó, murar leor, conas a bheartaíonn sé an caipiteal oibre breise is gá a sholáthar.

    Mír 4.3

    Faisnéis faoi na hurrúis chothromais atá le tairiscint agus/nó le ligean isteach chun a dtrádála

    Mír 4.3.1

    Faisnéis ghinearálta atá le cur ar fáil:

    (a)

    tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na n-urrús cothromais atá á dtairiscint agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála, lena n-áirítear an uimhir aitheantais slándála idirnáisiúnta (‘ISIN’);

    (b)

    airgeadra na n-urrús cothromais a eisíodh.

    Mír 4.3.2

    Ráiteas maidir leis na rúin, na húdaruithe agus na formheasanna ar dá mbua a cruthaíodh nó a eisíodh na hurrúis chothromais, nó ar dá mbua a dhéanfar sin.

    Mír 4.3.3

    Tuairisc ar aon srian ar inaistritheacht shaor na n-urrús cothromais.

    Mír 4.3.4

    Léiriú ar thairiscintí táthcheangail poiblí a rinne tríú páirtithe i leith chothromas an eisitheora a tharla le linn na bliana airgeadais deireanaí agus na bliana airgeadais reatha. Luafar na téarmaí praghais nó malartaithe a ghabhann leis na tairiscintí sin agus an toradh a bheidh orthu.

    Mír 4.4

    Cead trádála agus socruithe um dhéileáil

    Mír 4.4.1

    Ráiteas á thabhairt le fios an bhfuil nó an mbeidh na hurrúis chothromais a tairgeadh ina n-ábhar iarratais chun iad a ligean isteach chun a dtrádála, d’fhonn iad a dháileadh ar mhargadh rialáilte, nó ar mhargaí coibhéiseacha eile tríú páirtí mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (4), ina bhfuil léiriú ar na margaí atá i gceist.

    I gcás inar fios sin, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis chothromais isteach chun a dtrádála.

    Mír 4.4.2

    Na margaí rialáilte uile, nó margaí coibhéiseacha tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, ina bhfuil, chomh fada le heolas an eisitheora, urrúis chothromais den aicme chéanna de na hurrúis chothromais atá le tairiscint nó le ligean isteach chun a dtrádála ligthe isteach cheana chun a dtrádála lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, admhálacha taisclainne agus scaireanna foluiteacha.

    Mír 4.4.3

    Mionsonraí faoi na heintitis a thug gealltanas daingean gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil thánaisteach, agus leachtacht á soláthar trí rátaí tairisceana agus ofrála agus tuairisc ar phríomhthéarmaí a ngealltanais.

    Mír 4.4.4

    Comhaontuithe glasála:

    (a)

    na páirtithe atá páirteach;

    (b)

    ábhar agus eisceachtaí an chomhaontaithe;

    (c)

    tréimhse an ghlasála a léiriú.

    Mír 4.5

    Caolú

    Mír 4.5.1

    Comparáid idir glanluach sócmhainní na scaire ó dháta an chláir chomhardaithe is déanaí roimh an idirbheart agus praghas eisiúna na scaire san idirbheart sin.

    Mír 4.5.2

    Faisnéis bhreise i gcás ina ndéantar urrúis chothromais den aicme chéanna a thairiscint nó a ligean isteach chun a dtrádála san am céanna nó beagnach san am céanna.

    Mír 4.5.3

    Tábla ina léirítear líon na n-urrús cothromais agus na gceart vótála mar aon leis an scairchaipiteal roimh an idirbheart agus ina dhiaidh araon. Léiriú ar an gcaolú (lena n-áirítear an caolú i gcearta vótála) a tharlóidh i leith scairshealbhóirí reatha an eisitheora de dheasca na tairsceana.

    Mír 4.6

    Comhairleoirí

    I gcás ina dtagraítear do chomhairleoirí a bhfuil baint acu le saincheist sa doiciméad díolúine, ráiteas maidir leis an gcáil inar ghníomhaigh na comhairleoirí.

    ROINN 5

    TIONCHAR AN IDIRBHIRT AR AN EISITHEOIR

    Mír 5.1

    Straitéis agus cuspóirí

    Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar a bhfuil ar intinn aige maidir leis an ngnó todhchaí tar éis an idirbhirt, lena n-áirítear léiriú ar aon athrú suntasach lena n-imrítear tionchar ar na hoibríochtaí, ar na príomhghníomhaíochtaí chomh maith leis na táirgí agus seirbhísí de thoradh an idirbheart.

    I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin tuairisc ar na hionchais ghnó agus ar aon athstruchtúrú agus/nó atheagrú.

    Mír 5.2

    Conarthaí tábhachtacha

    Achoimre ghairid ar chonarthaí tábhachtacha uile an eisitheora, na cuideachta is tairgí, na cuideachta atá á fáil nó na cuideachta atá á deighilt, seachas conarthaí a rinneadh i ngnáthchúrsa gnó, a ndéanann an t-idirbheart difear ábhartha dóibh.

    Mír 5.3

    Dí-infheistiú

    Mír 5.3.1

    A mhéid is eol sin, faisnéis faoi dhí-infheistíochtaí ábhartha amhail díolacháin ábhartha fochuideachtaí nó aon phríomhréim gnó tar éis don idirbheart teacht in éifeacht, mar aon le tuairisc ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar ghrúpa an eisitheora.

    Mír 5.3.2

    Faisnéis faoi aon chealú ábhartha ar infheistíochtaí nó dí-infheistíochtaí amach anseo a fógraíodh roimhe sin.

    Mír 5.4

    Rialachas corparáideach

    (a)

    a mhéid is eol don eisitheoir, ainmneacha, seoltaí gnó agus feidhmeanna laistigh d’eisitheoir na ndaoine a bheidh, díreach tar éis an idirbhirt, ina gcomhaltaí de na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus, i gcás comhpháirtíocht theoranta le scairchaipiteal, ina gcomhpháirtithe ag a mbeidh dliteanas neamhtheoranta;

    (b)

    luafar go soiléir aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh aon dualgas a bheith á dhéanamh ag na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) thar ceann an eisitheora, chomh maith lena leasanna príobháideacha nó dualgais eile. I gcás nach ann do choinbhleachtaí den sórt sin, déanfar ráiteas á rá sin;

    (c)

    mionsonraí faoi aon srian a chomhaontaigh na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) ar dhiúscairt a sealúchas in urrúis chothromais an eisitheora laistigh de thréimhse áirithe tar éis an idirbhirt.

    Mír 5.5

    Scairshealbhaíocht

    An struchtúr scairshealbhaíochta díreach tar éis an idirbhirt.

    Mír 5.6

    Faisnéis airgeadais pro forma

    Mír 5.6.1

    I gcás athrú comhlán suntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, tuairisc ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag an idirbheart ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar thuillimh an eisitheora, i gcás ina ndearnadh an t-idirbheart tráth thús na tréimhse a bhfuiltear a thuairisciú nó ar an dáta a tuairiscíodh.

    Comhlíonfar an ceanglas sin de ghnáth trí fhaisnéis airgeadais pro forma a áireamh. Cuirfear an fhaisnéis airgeadais pro forma sin i láthair mar a leagtar amach i míreanna 5.7 go 5.9 agus áireofar inti an fhaisnéis a luaitear iontu.

    Beidh tuarascáil a d’ullmhaigh cuntasóirí nó iniúchóirí neamhspleácha ag gabháil le faisnéis airgeadais pro forma.

    Mír 5.6.2

    I gcás nach bhfuil faisnéis airgeadais pro forma infheidhme, soláthróidh an t-eisitheoir insint agus faisnéis airgeadais maidir leis an tionchar tábhachtach a bheidh ag an idirbheart ar ráitis airgeadais an eisitheora. Ní gá iniúchadh a dhéanamh ar an insint ná ar an bhfaisnéis airgeadais sin.

    Ullmhófar an insint agus an fhaisnéis airgeadais ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an gcreat tuairiscithe airgeadais is infheidhme agus leis na beartais chuntasaíochta atá glactha ag an eisitheoir ina ráitis airgeadais dheireanacha nó ina chéad ráitis airgeadais eile. I gcás ina ndéantar iniúchadh ar an bhfaisnéis sin, nochtfar sa doiciméad díolúine go ndearnadh iniúchadh ar an bhfaisnéis sin chomh maith le faisnéis faoi na hiniúchóirí a thug faoin iniúchadh sin.

    Mír 5.7

    Ábhar na faisnéise airgeadais pro forma

    Is éard a bheidh i bhfaisnéis airgeadais pro forma:

    (a)

    réamhrá ina leagtar amach:

    (i)

    an cuspóir dar ullmhaíodh an fhaisnéis airgeadais pro forma, lena n-áirítear tuairisc ar an táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumaisc nó deighilte nó gealltanas suntasach agus gnólachtaí nó eintitis lena mbaineann;

    (ii)

    an tréimhse agus/nó an dáta a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais pro forma;

    (iii)

    gur ullmhaíodh an fhaisnéis airgeadais pro forma chun críoch léiriúcháin amháin;

    (iv)

    míniú lena gcuirtear in iúl:

    (A)

    go léiríonn an fhaisnéis airgeadais pro forma tionchar an idirbhirt dá mba rud é go ndearnadh an t-idirbheart ar dháta níos luaithe;

    (B)

    go bhféadfadh an riocht airgeadais hipitéiseach nó na torthaí a áirítear san fhaisnéis airgeadais pro forma a bheith éagsúil le riocht airgeadais iarbhír an eintitis nó le torthaí airgeadais iarbhír an eintitis;

    (b)

    cuntas brabúis agus caillteanais, clár comhardaithe nó an dá cheann, ag brath ar na himthosca, curtha i láthair i bhformáid cholúin atá comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

    (i)

    faisnéis stairiúil gan choigeartú;

    (ii)

    coigeartuithe beartas cuntasaíochta, i gcás inar gá;

    (iii)

    coigeartuithe pro forma;

    (iv)

    torthaí na faisnéise airgeadais pro forma sa cholún deiridh;

    (c)

    nótaí a ghabhann leo ina mínítear:

    (i)

    na foinsí ar baineadh an fhaisnéis airgeadais neamhchoigeartaithe astu agus cibé acu ar foilsíodh nó nár foilsíodh tuarascáil iniúchóra nó athbhreithniúcháin ar an bhfoinse;

    (ii)

    an bonn ar a n-ullmhaítear an fhaisnéis airgeadais pro forma;

    (iii)

    foinse agus míniú gach coigeartaithe;

    (iv)

    an meastar go mbeidh tionchar leanúnach ag gach coigeartú i leith ráiteas brabúis agus caillteanais pro forma ar an eisitheoir nó nach meastar;

    (d)

    i gcás inarb infheidhme, a mhéid nach gcumhdaítear in aon áit eile sa doiciméad díolúine í, áireofar sa doiciméad díolúine faisnéis airgeadais agus faisnéis airgeadais eatramhach na ngnólachtaí nó na n-eintitis (a bheidh) faighte a úsáideadh in ullmhú na faisnéise airgeadais pro forma. Ar an gcuma chéanna, i gcás deighilte, áireofar faisnéis airgeadais na cuideachta atá á deighilt.

    Mír 5.8

    Prionsabail maidir le faisnéis airgeadais pro forma a ullmhú agus a chur i láthair

    Mír 5.8.1

    Sainaithneofar an fhaisnéis airgeadais pro forma chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an fhaisnéis airgeadais stairiúil.

    Ullmhófar an fhaisnéis airgeadais pro forma ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na beartais chuntasaíochta atá glactha ag an eisitheoir ina ráitis airgeadais dheireanacha nó ina chéad ráitis airgeadais eile.

    Mír 5.8.2

    Ní fhéadfar faisnéis pro forma a fhoilsiú ach i leith ceachtar de na nithe seo a leanas:

    (a)

    an tréimhse airgeadais is deireanaí a cuireadh i gcrích;

    (b)

    an tréimhse eatramhach is déanaí ar foilsíodh faisnéis ábhartha neamhchoigeartaithe ina leith nó a áirítear sa doiciméad díolúine.

    Mír 5.8.3

    Maidir le coigeartuithe pro forma:

    (a)

    déanfar iad a thaispeáint agus a mhíniú go soiléir;

    (b)

    cuirfear i láthair iontu na héifeachtaí suntasacha go léir atá inchurtha go díreach i leith an idirbhirt;

    (c)

    beifear in ann tacú leo le fíorais.

    Mír 5.9

    Ceanglais maidir le cuntasóir/tuarascáil iniúchóra

    Áireofar sa doiciméad díolúine tuarascáil a d’ullmhaigh cuntasóirí nó iniúchóirí neamhspleácha ina luafar a dtuairim maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil an fhaisnéis airgeadais pro forma tiomsaithe i gceart ar an mbonn atá luaite;

    (b)

    go bhfuil an bonn dá dtagraítear i bpointe (a) comhsheasmhach le beartais chuntasaíochta an eisitheora.

    ROINN 6

    DOICIMÉID ATÁ AR FÁIL

    Mír 6.1

    Faisnéis faoin áit inar féidir na doiciméid seo a leanas a léamh sna 12 mhí tar éis fhoilsiú an doiciméid díolúine, i gcás inarb infheidhme:

    (a)

    meabhrán agus airteagail chomhlachais an eisitheora atá cothrom le dáta;

    (b)

    gach tuarascáil, litir agus doiciméad, faisnéis stairiúil airgeadais, luacháil agus ráiteas eile a d’ullmhaigh aon saineolaí arna iarraidh sin don eisitheoir a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó má thagraítear d’aon chuid díobh sa doiciméad díolúine;

    (c)

    gach tuarascáil, litir agus gach doiciméad, luacháil agus ráiteas eile nach gcumhdaítear le pointí (a) nó (b) den mhír seo nó le haon phointe eile san Iarscríbhinn seo, a ullmhaíodh i gcomhréir le Treoir 2004/25/CE nó le Treoir (AE) 2017/1132.

    Léiriú maidir leis an suíomh gréasáin ar a bhféadfar na doiciméid a léamh.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

    (2)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, inneachar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) ón gCoimisiún Uimh. 809/2004 (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).


    IARSCRÍBHINN II

    ÍOSMHÉID FAISNÉISE AN DOICIMÉID DÍOLÚINE

    Airteagal 2(1), an ceathrú fomhír

    ROINN 1

    FAISNÉIS ÓN EISITHEOIR

     

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

    (a)

    an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (b)

    an fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, cé is moite de Roinn 1 den Iarscríbhinn sin. I gcás inarb infheidhme, soláthrófar an fhaisnéis sin d’eisitheoir na scaireanna foluiteacha freisin, i gcás nach ionann é agus eisitheoir na n-urrús cothromais.

    Forléireofar aon tagairt do “doiciméad clárúcháin” nó do “réamheolaire” atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 mar thagairt do dhoiciméad díolúine dá dtagraítear sa Rialachán seo.

    ROINN 2

    FAISNÉIS FAOIN gCUIDEACHTA IS TAIRGÍ, FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á FÁIL NÓ FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á DEIGHILT

     

    Cuirfear an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar fáil, ag brath ar an gcineál idirbhirt, don chuideachta is tairgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt.

    I gcás gur grúpa é ceann de na heintitis réamhluaite, agus inar foilsíodh na ráitis airgeadais chomhdhlúite cheana, cuirfear an fhaisnéis a liostaítear sa roinn seo i láthair ar bhonn comhdhlúite.

    I gcás táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh faoin gcuideachta is tairgí ar fáil, cuirfear ráiteas á rá sin ar fáil.

    ROINN 3

    FAISNÉIS FAOI NA hURRÚIS CHOTHROMAIS A THAIRGTEAR DON PHOBAL NÓ A LIGTEAR ISTEACH CHUN A dTRÁDÁLA AR MHARGADH RIALÁILTE CHUN CRÍOCH AN IDIRBHIRT

    Mír 3.1

    Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, cé is moite de Roinn 1 den Iarscríbhinn sin.

    I gcás inarb infheidhme, soláthrófar an fhaisnéis sin freisin maidir leis na scaireanna foluiteacha.

    Forléireofar aon tagairt do “nóta urrús” nó do “réamheolaire” atá in Iarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 mar thagairt don doiciméad díolúine dá dtagraítear sa Rialachán seo.

    Mír 3.2

    De mhaolú ar mhír 3.1, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas ar fáil sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    maidir leis na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 19, míreanna 1 nó 2, nó in Airteagal 20, míreanna 1 nó 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, i gcás nach scaireanna ná urrúis inaistrithe eile iad na hurrúis sin atá coibhéiseach le scaireanna, soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn 14 a ghabhann leis an Rialachán sin (cé is moite de Roinn 1 den Iarscríbhinn sin), chomh maith leis an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 19, i míreanna 1 nó 2, nó in Airteagal 20, míreanna 1 nó 2;

    (b)

    maidir le hadmhálacha taisclainne a eisíodh i leith scaireanna, cuirfear ar fáil an fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980.

    Déanfar aon tagairt do ‘nóta urrús’ nó do ‘réamheolaire’ atá sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 a fhorléiriú mar thagairt do dhoiciméad díolúine dá dtagraítear sa Rialachán seo.

    ROINN 4

    TUAIRISC AR AN IDIRBHEART

     

    Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    ROINN 5

    TIONCHAR AN IDIRBHIRT AR AN EISITHEOIR

     

    Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.


    Top