This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0507
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/507 of 23 March 2021 concerning the renewal of the authorisation of pyridoxine hydrochloride (vitamin B6) as a feed additive for all animal species and repealing Implementing Regulation (EU) No 515/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/507 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 maidir le húdarú hidreaclóiríde pireadocsaín (vitimín B6) mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/507 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 maidir le húdarú hidreaclóiríde pireadocsaín (vitimín B6) mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/1783
IO L 102, 24.3.2021, p. 8–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/507 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Márta 2021
maidir le húdarú hidreaclóiríde pireadocsaín (vitimín B6) mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear d’údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus don fhoras agus do na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011 ón gCoimisiún (2) údaraíodh hidreaclóiríd phireadocsaín (vitimín B6) ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú hidreaclóiríde pireadocsaín mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chothaitheacha”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 30 Meán Fómhair 2020 (3) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha údaraithe atá ann cheana. Chinn an tÚdarás nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag hidreaclóiríd phireadocsaín ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha údaraithe reatha maidir lena húsáid. Chinn sé freisin nach bhfuil an breiseán ina ghreannaitheoir don chraicinn ná do na súile agus nach bhfuil sé ina íogróir craicinn ach go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le fóta-íogrú agus in éagmais staidéar maidir le tocsaineacht ionanálaithe, ní fhéadfaí éifeachtaí díobhálacha sa chonair riospráide a eisiamh go hiomlán. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Chinn an tÚdarás freisin nach bhfuil aon ghá le measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin i gcomhthéacs athnuachan an údaraithe. |
(5) |
Léirítear leis an measúnú ar hidreaclóiríd phireadocsaín go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. |
(6) |
Mar thoradh ar údarú hidreaclóiríde pireadocsaín mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011 a aisghairm. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le húdarú an bhreiseáin a shonraítear san Iarscríbhinn, a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu” le haghaidh gach speicis ainmhíoch, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 maidir le húdarú vitimín B6 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 138, 26.5.2011, lch. 40).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(11):6289.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíseach |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Aois uasta |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
mg de bhreiseán/kg d'ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán cothaitheach Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu |
||||||||||||||
3a831 |
“Hidreaclóiríd phireadocsaín” nó “vitimín B6” |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Hidreaclóiríd phireadocsaín C8H11NO3.HCl Critéir íonachta: nach lú ná 98,5 % Tréithriú na substainte gníomhaí Hidreaclóiríd phireadocsaín |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
13 Aibreán 2031 |
||||||
Modh anailíseach (1) Chun hidreaclóiríd phireadocsaín (Vitimín B6) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Chun hidreaclóiríd phireadocsaín (Vitimín B6) i réamh-mheascáin a chinneadh:
Chun hidreaclóiríd phireadocsaín (Vitimín B6) in ábhair bheatha agus in uisce a chinneadh:
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports