This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0479
Council Regulation (EU) 2021/479 of 22 March 2021 amending Regulation (EU) No 401/2013 concerning restrictive measures in respect of Myanmar/Burma
Rialachán (AE) 2021/479 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma
Rialachán (AE) 2021/479 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma
ST/6791/2021/INIT
IO L 99I, 22.3.2021, p. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 99/13 |
RIALACHÁN (AE) 2021/479 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/482 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES (3). |
(2) |
An 22 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/482, inar leasaigh sí Cinneadh 2013/184/CBES, lena n-áirítear a theideal. Leathnaigh sí freisin na critéir ainmniúcháin chun go bhféadfaí bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus i gcoinne daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe astu, agus ar an gcaoi sin a rannchuidíonn le, nó a bhaineann tairbhe as, gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma nó le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. |
(3) |
Tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun na bearta a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/482 a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na bearta sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 401/2013 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008’; |
(2) |
in Airteagal 4a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Áireofar an méid seo a leanas in Iarscríbhinn IV:
|
(3) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 4da 1. De mhaolú ar Airteagal 4a, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú go scaoilfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe, nó go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá le cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin a sholáthar chun críocha daonnúla, amhail cúnamh a chur ar fáil nó cur ar fáil cúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, agus bia, d'aistriú oibrithe daonnúla agus cúnaimh ghaolmhair nó le haghaidh aslonnaithe ó Mhaenmar/Bhurma. 2. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún laistigh de 4 seachtaine ón údarú.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Féach leathanach37 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (IO L 121, 3.5.2013, lch. 1).
(3) Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/232/CBES (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).