Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0464

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/464 ón gCoimisiún an 17 Márta 2021 maidir le neamh-fhormheas Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha don LEE)

    C/2021/1591

    IO L 94, 18.3.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/464/oj

    18.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 94/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/464 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Márta 2021

    maidir le neamh-fhormheas Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

    (Téacs atá ábhartha don LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 14 Márta 2018, fuair an Coimisiún iarratas ón gcuideachta Bio Natural Protect le formheas a dhéanamh ar Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne mar shubstaint bhunúsach le húsáid mar éarthach i gcoinne mamaigh agus éin a itheann síolta. Fuarthas iarratas athbhreithnithe an 23 Bealtaine 2019, iarratas a raibh fianaise ag gabháil leis, is é sin an fhaisnéis a cheanglaítear faoin dara fomhír d’Airteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (2)

    D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”). Chuir an tÚdarás tuarascáil theicniúil ar fáil don Choimisiún maidir le Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne an 31 Márta 2020 (2). Is é conclúid a bhain an tÚdarás as an tuarascáil nach maith an sainiú a bhí déanta ar shonraíocht Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne, ná ar an gcomhpháirt is tábhachtaí atá ann, is é sin an chapsaicin. Chomh maith leis sin, de réir an Údaráis, airíonna na cinniúna agus na hiompraíochta sa chomhshaol a bhain le cuid de na comhpháirteanna eastósctha„ lena n-áirítear an chapsaicin, bhí siad éiginnte agus bhí staidéir bhreise ar an tocsaineacht ag teastáil i gcás gach speicis nach spriocspeiceas é. Thug an tÚdarás dá aire go raibh fianaise curtha ar fáil ag cuideachtaí don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán freisin, fianaise gurbh fhéidir gur ghá comhpháirteanna de Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne a aicmiú mar shubstaintí a dhéanann damáiste mór do na súile, atá díobhálach má shlogtar iad, agus ar cúis le greannú ar an gcraiceann iad.

    (3)

    Mar aon leis sin, an acmhainneacht ghéineathocsaineach atá sa chapsaicin, is rud é atá sainaitheanta ag an gCoiste Eolaíoch um Bia (3).

    (4)

    Ní raibh aon mheastóireacht ábhartha ar fáil a bhí déanta i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (5)

    Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithnithe (4) agus an dréacht den Rialachán seo maidir le neamh-fhormheas Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne, faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 17 Iúil 2020.

    (6)

    D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúil féin a thíolacadh i leith thuarascáil theicniúil an Údaráis agus i leith dhréacht-tuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir a bharúil isteach, agus scrúdaíodh go cúramach í.

    (7)

    Mar sin féin, ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní féidir an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint a chur as an áireamh.

    (8)

    Dá bhrí sin, faoi mar a leagtar síos i dtuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin, níl sé suite go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 comhlíonta. Dá bhrí sin, is iomchuí gan Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne a fhormheas mar shubstaint bhunúsach.

    (9)

    Ní dhéanann an Rialachán seo dochar d’iarratas eile a d’fhéadfaí a chur isteach ar fhormheas Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (10)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Níl an tsubstaint Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne formheasta mar shubstaint bhunúsach.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le EFSA maidir leis an iarratas substainte bunúsaí ar fhormheas Capsicum annuum L. var. annuum, grúpa longum, eastóscán cayenne, lena úsáid i gcosaint na bplandaí mar éarthach i gcoinne mamaigh agus éin a itheann síolta. Foilseachán tacaíochta EFSA 2020:EN-1838. 77pp. doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1838.

    (3)  Tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Bia maidir leis an gCapsaicin (tuairim a glacadh an 26 Feabhra 2002); https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/safety/docs/fs_food-improvement-agents_flavourings-out120.pdf

    (4)  https://ec.europa.eu/food/plant/pesticides/eu-pesticides-db_en


    Top