EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0445

Rialachán (AE) 2021/445 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt

ST/6322/2021/INIT

IO L 87, 15.3.2021, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 16/03/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/445/oj

15.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/17


RIALACHÁN (AE) 2021/445 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Márta 2021

lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/449 an 12 Márta 2021 ón gComhairle lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/172/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/172/CBES (2).

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 ón gComhairle (3), tugtar éifeacht do Chinneadh 2011/172/CBES.

(3)

An 12 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/449 , lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/172/CBES.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (AE) Uimh. 270/2011.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Féach leathanach 46 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Cinneadh 2011/172/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO L 76, 22.3.2011, lch. 63).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO L 76, 22.3.2011, lch. 4).


Top