This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0412
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/412 of 8 March 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2017/962 as regards the review of the suspension of the authorisation of ethoxyquin as a feed additive (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/412 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe a chur ar fionraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/412 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe a chur ar fionraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/1435
IO L 81, 9.3.2021, p. 30–31
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 27/08/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R1375
9.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 81/30 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/412 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe a chur ar fionraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 ón gCoimisiún (2) cuireadh ar fionraí údarú an bhreiseáin eatocsacuin ar bhonn thuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 21 Deireadh Fómhair 2015 (3), ar tuairim í nach bhféadfadh teacht ar aon chonclúid maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin mar gheall ar easpa sonraí ar an iomlán a bheith curtha isteach ag an iarratasóir faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le húdarú. |
(2) |
Cuireadh údarú an bhreiseáin eatocsacuin ar fionraí go dtí go gcuirfeadh an t-iarratasóir sonraí forlíontacha isteach agus go mbeadh measúnú déanta orthu, i gcomhréir le sceideal ama ina liostaítear in ord tosaíochta na staidéir atá le déanamh i ndiaidh a chéile. De réir an sceidil ama sin, bheadh teacht ar thoradh na staidéar deiridh sin faoi mhí Iúil 2018. |
(3) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962, athbhreithneofar an beart fionraíochta faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, tar éis measúnú cuí ar na sonraí forlíontacha ba ghá. |
(4) |
Cé gur chuir an t-iarratasóir isteach pacáistí sonraí forlíontacha comhleanúnacha, tharla moilleanna móra ar shraith sonraí a ghiniúint, go háirithe i dtaca le léiriú maidir le sábháilteacht an bhreiseáin eatocsacuin i dtaobh an chomhshaoil. I measc na bhfáthanna a bhaineanna leis na moilleanna sin tá an gá atá le staidéir bhreise a thionscnamh chun na ceanglais shonracha sonraí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún (4) a chomhlíonadh, agus treoir mhionsonraithe an Údaráis lena mbaineann, agus na deacrachtaí a bhaineann le saotharlanna iomchuí nó saoráidí tástála a aimsiú chun staidéir áirithe a dhéanamh. |
(5) |
Is mí Mheán Fómhair 2020 an uair dheiridh a chuir an t-iarratasóir sonraí forlíontacha isteach maidir leis an measúnú riosca comhshaoil. Ag brath ar an toradh a bheidh ar an measúnú a dhéanfaidh an tÚdarás maidir leis na sonraí forlíontacha sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí a iarraidh fós ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise agus sonraí a sholáthar. |
(6) |
I bhfianaise a bhfuil luaite roimhe seo, ba cheart am leordhóthanach a thabhairt don Údarás chun an próiseas measúnaithe a chur i gcrích maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí forlíontacha go léir a chuir an t-iarratasóir isteach nó an fhaisnéis agus na sonraí sin atá fós le cur isteach aige chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin a léiriú. Dá bhrí sin, is iomchuí an measúnú ar an mbeart fionraíochta a chur ar athló go dtí go gcuirfear an próiseas measúnaithe i gcrích. Ba cheart an tréimhse ama nua le haghaidh an athbhreithnithe a chinneadh agus an uastréimhse mheasta is gá chun é a chur i gcrích á tabhairt san áireamh. In aon chas, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeart fionraíochta i gcás ina nglacfaidh an tÚdarás tuairim neamhfhabhrach maidir le sábháilteacht nó éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin, le linn an phróisis measúnaithe. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a leasú dá réir. |
(8) |
Ag cur san áireamh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun aon fholús dlíthiúil atá ann a íoslaghdú. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962:
“Airteagal 5
Athbhreithniú
Athbhreithneofar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí agus in aon chás tar éis don Údarás tuairim neamhfhabhrach a ghlacadh maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin.”.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena gcuirtear ar fionraí údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis agus catagóir ainmhíoch (IO L 145, 8.6.2017, lch. 13).
(3) Iris EFSA 2015;13(11):4272.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).