Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0374

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/374 ón gCoimisiún an27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 agus lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéid a bhaineann leis an earnáil fíona i dtaca le paindéim COVID-19, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

    C/2021/371

    IO L 72, 3.3.2021, p. 3–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/374/oj

    3.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 72/3


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/374 ÓN gCOIMISIÚN

    an27 Eanáir 2021

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 agus lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéid a bhaineann leis an earnáil fíona i dtaca le paindéim COVID-19, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 62(1) agus Airteagal 64(6) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (2), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 53(b) agus (h) in éineacht le hAirteagal 227 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 (3) ón gCoimisiún, tugadh isteach roinnt maoluithe ar na rialacha reatha san earnáil fíona, inter alia, maoluithe a bhí dírithe ar fhaoiseamh a thabhairt d’oibreoirí fíona chun cuidiú leo tionchar phaindéim COVID-19 a láimhseáil. Mar sin féin, cé go raibh na bearta sin an-úsáideach, níor éirigh leis an margadh fíona teacht ar chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh arís, agus níltear ag súil leis go dtiocfaidh sé uirthi sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma, de dheasca na paindéime nach bhfuil deireadh léi fós.

    (2)

    Ar a bharr sin, táthar ag leanúint de na bearta a glacadh chun dul i ngleic le paindéim COVID-19 sa chuid is mó de na Ballstáit agus in áiteanna ar fud an domhain. Ar na bearta sin tá srianta a fhorchur maidir le méid na gcruinnithe agus na n-ócáidí ceiliúrtha sóisialta, agus maidir leis na deiseanna a bheidh ann a bheith ag ithe agus ag ól lasmuigh den áitreabh pearsanta. Táthar ag forchur dianghlasálacha fós i gceantair áirithe, agus ag cealú ócáidí poiblí agus cóisireacha príobháideacha mar chuid de sin. De bharr thionchar tánaisteach na srianta sin tháinig laghdú breise ar thomhaltas an fhíona san Aontas agus laghdú deimhnithe ar onnmhairiú an fhíona chuig tríú tíortha. Lena chois sin, de bharr na héiginnteachta maidir le cá fhad a mhairfidh an ghéarchéim, a bhfuiltear ag súil leis go leanfaidh sí ar aghaidh tar éis dheireadh na bliana 2020, tá damáiste fadtéarmach á dhéanamh d’earnáil fíona an Aontais ó nach dócha go dtiocfaidh tomhaltas an fhíona ar ais chuig an leibhéal a bhí ann roimhe agus ó chaillfear margaí onnmhairiúcháin. Tá drochthionchar mór ag na fachtóirí sin le chéile ar an bpraghsáil i margadh fíona an Aontais. Méadaíodh ar stoic a bhí faoin am sin féin ar leibhéal ní b’airde ná mar a bhí riamh i dtús na bliana margaíochta 2019/2020. Ar deireadh, is in olcas a rachaidh an scéal arís de bharr fhómhar mórbhairr 2020, a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh 10 milliún heictilítear níos mó fíona ann ná mar a bhí i bhfómhar 2019.

    (3)

    Dá bhrí sin, ós marthanach na srianta atá forchurtha ag na Ballstáit chun dul i ngleic le paindéim COVID-19 agus gur gá srianta a choinneáil ar bun, is measa arís an cur isteach mór eacnamaíoch ar na hionaid díolta fíona agus an drochéifeacht a thagann as ar an éileamh ar an bhfíon.

    (4)

    Ós rud é go bhfuil an cur isteach as cuimse sin ar an margadh ann agus gur carnadh na cúiseanna deacrachta san earnáil fíona, arb é is bun dóibh gur fhorchuir na Stáit Aontaithe taraifí ar allmhairithe fíona as an Aontas i mí Dheireadh Fómhair 2019, taraifí a bhfuiltear ag leanúint dár bhforchur mar gheall ar thorthaí na mbeart sriantach de bharr phaindéim dhomhanda COVID-19 atá ar bun fós, tá deacrachtaí as cuimse ann fós d’oibreoirí in earnáil fíona an Aontais. Dá bhrí sin, tá údar maith le cúnamh breise a thabhairt don earnáil fíona.

    (5)

    Chun an tsolúbthacht is gá chun cláir thacaíochta a chur chun feidhme in earnáil fíona an Aontais, meastar go bhfuil sé fíor-riachtanach leanúint de bheith ag cur chun feidhme na mbeart atá ann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim in earnáil fíona an Aontais, bearta a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884. Go háirithe, áirithíodh go raibh uirlisí oiriúnacha ag oibreoirí in earnáil fíona an Aontais chun na hathruithe a láimhseáil a tháinig as paindéim COVID-19, agus as na srianta a forchuireadh chun í a rialú, le solúbthacht lenar tugadh an deis buain ghlas a dhéanamh ar aon fhearann amháin ar feadh 2 bhliain nó níos mó tar éis a chéile, le solúbthacht lenar tugadh an deis athruithe a chur ar oibríochtaí a bhí ar bun cheana, agus leis an deis íoc as cur chun feidhme páirteach oibríochtaí ar tacaíodh leo faoi Airteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 gach uair nárbh fhéidir cur chun feidhme iomlán a dhéanamh ar chúiseanna a bhain le paindéim COVID-19.

    (6)

    Ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go leanfaidh paindéim COVID-19 ar aghaidh tar éis dheireadh na bliana 2020, agus, mar sin, le linn cuid mhór den bhliain airgeadais 2021, meastar gur gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart a leagtar síos in Airteagal 2(1), (3), (4) agus (6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ar feadh na bliana airgeadais 2021 ar fad.

    (7)

    Foráiltear le hAirteagal 54(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (4) nach bhfuil tacaíocht do thairbhithe le híoc ach amháin má léirítear le seiceálacha gur cuireadh chun feidhme go hiomlán oibríocht fhoriomlán nó na bearta aonair uile ar cuid iad den oibríocht fhoriomlán. Mar sin féin, is léir ar an taithí a fuarthas go dtí seo gurb amhlaidh, ar bhonn chur i bhfeidhm dian na forála sin, i gcás nár cuireadh chun feidhme go hiomlán bearta aonair ar chuid iad den oibríocht ach gur baineadh amach cuspóir na hoibríochta iomláine dá ainneoin sin, a bhí sé míchothrom agus éagórach, i gcásanna áirithe, méid iomlán na tacaíochta le haghaidh na hoibríochta a bhí i gceist a choinneáil siar.

    (8)

    Léiríonn aiseolas a thug na Ballstáit don Choimisiún gurb amhlaidh, de bharr chur i bhfeidhm na rialach dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, a bhíonn ciorruithe airgeadais díréireacha ann i gcás na dtairbhithe sin ar éirigh leo sciar mór den oibríocht fhormheasta a chur chun feidhme ach nár chríochnaigh na bearta aonair nach gá iad a dhéanamh chun go n-éireoidh leis an oibríocht. Ní chuirtear cuspóirí na hoibríochta foriomláine i mbaol nuair nach gcríochnaítear na bearta aonair sin, agus is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach i gcásanna áirithe cé nár cuireadh an oibríocht chun feidhme ach go páirteach. Sna cásanna sin, ní cosúil go bhfuil údar maith leis an íocaíocht tacaíochta a choinneáil siar go hiomlán ná a cheangal go n-aisghabhfar an tacaíocht a íocadh le haghaidh bearta a cuireadh chun feidhme mar ba cheart.

    (9)

    Nuair a choinnítear siar an tacaíocht iomlán i gcásanna den chineál sin, forchuirtear pionós airgeadais ar na tairbhithe sin a chuir chun feidhme cuid mhór den oibríocht iomlán, agus, sa chaoi sin, a d’infheistigh am, maoin, agus iarracht sna bearta a críochnaíodh. An tionchar sin ar féidir é a bheith éagórach, déanann paindéim COVID-19 agus na fadhbanna ó thaobh sreabhadh airgid de níos measa fós é.

    (10)

    Chun a áirithiú go mbeidh comhréireacht ann i leith íoc as oibríochtaí faoi na cláir thacaíochta fíona agus chun nach ngearrfar pionós iomarcach ar earnáil fíona an Aontais, earnáil a lagaíodh cheana de dheasca na ndálaí deacra margaidh agus phaindéim COVID-19, ba cheart tacaíocht pháirteach a íoc i gcás oibríochtaí nár cuireadh chun feidhme go hiomlán, ar acht gur baineadh amach cuspóir foriomlán na hoibríochta. Dá bhrí sin, is iomchuí a fhoráil maidir le bearta a cuireadh chun feidhme go hiomlán agus ar cuid iad d’oibríocht den chineál sin go bhfuil siad incháilithe do thacaíocht ón Aontas.

    (11)

    I gcásanna den chineál sin, ba cheart an tacaíocht le haghaidh na hoibríochta a ríomh mar shuim na tacaíochta le haghaidh na mbeart a cuireadh chun feidhme go hiomlán lúide 100 % den mhéid tacaíochta a sannadh do na bearta nár cuireadh chun feidhme chun a áirithiú go bhfaighidh an tairbhí méid atá comhréireach leis an iarracht a rinne sé ar na bearta a cuireadh chun feidhme go hiomlán.

    (12)

    Ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/884 agus (AE) 2016/1149 a leasú dá réir.

    (13)

    Chun nach gcuirfear isteach ar chur chun feidhme na mbeart lena dtéitear i ngleic leis an ngéarchéim in earnáil fíona an Aontais agus chun a áirithiú go ndéanfar aistriú réidh idir an dá bhliain airgeadais, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón 16 Deireadh Fómhair 2020 amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884

    Leasaítear Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 mar seo a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, le linn na mblianta 2020 agus 2021, féadfar buain ghlas a chur i bhfeidhm ar an aon fhearann amháin ar feadh dhá bhliain nó níos mó tar éis a chéile.”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   De mhaolú ar Airteagal 53(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna ina mbeidh údar cuí a bhaineann le paindéim COVID-19 leis sin, cead a thabhairt athruithe a dhéanfar tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2021 a chur i bhfeidhm gan formheas a fháil roimh ré ar acht nach ndéanfaidh siad difear d’incháilitheacht aon chuid den oibríocht ná do chuspóirí foriomlána na hoibríochta agus ar acht nach rachfar os cionn mhéid iomlán na tacaíochta formheasta le haghaidh na hoibríochta sin. Cuirfidh na tairbhithe fógra faoi na hathruithe sin chuig an údarás inniúil faoi na sprioc-amanna arna socrú ag na Ballstáit.”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   De mhaolú ar Airteagal 53(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna ina mbeidh údar cuí a bhaineann le paindéim COVID-19 leis sin, cead a thabhairt do na tairbhithe athruithe a chur isteach a dhéanfar tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2021 agus lena modhnófar cuspóir na hoibríochta foriomláine a formheasadh cheana faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 45, 46, 50 agus 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar acht go gcríochnófar aon bhearta aonair ar cuid iad d’oibríocht iomlán. Cuirfidh na tairbhithe fógra faoi na hathruithe sin chuig an údarás inniúil faoin sprioc-am arna socrú ag na Ballstáit, agus beidh sé de cheangal orthu formheas a fháil ón údarás inniúil roimh ré.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   De mhaolú ar fhomhíreanna 3, 4, 5 agus 6 d’Airteagal 54(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, i gcás éilimh ar íocaíocht a chuirfear isteach tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2021, i gcás nach mbeidh oibríochtaí lena dtacaítear faoi Airteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 curtha chun feidhme ar an achar iomlán dromchla ar iarradh tacaíocht lena aghaidh ar chúiseanna a bhaineann le paindéim COVID-19, ríomhfaidh na Ballstáit an tacaíocht atá le híoc ar bhonn an achair arna dhéanamh amach le seiceálacha ar an láthair tar éis an chur chun feidhme.”.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

    Leasaítear Airteagal 54 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás ina mbíonn tacaíocht le híoc de ghnáth tar éis chur chun feidhme na hoibríochta foriomláine amháin, íocfar tacaíocht as na bearta aonair a cuireadh chun feidhme mar sin féin má léiríonn seiceálacha nárbh fhéidir na bearta a fágadh gan déanamh a dhéanamh de bharr force majeure nó dálaí eisceachtúla eile de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 nó má léiríonn seiceálacha gurb amhlaidh, fiú mura ndearnadh na bearta a fágadh gan déanamh, a baineadh amach cuspóir iomlán na hoibríochta mar sin féin.”;

    (2)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Má léiríonn seiceálacha nár cuireadh chun feidhme go hiomlán oibríocht fhoriomlán atá cumhdaithe faoin iarratas ar thacaíocht ach gur baineadh amach cuspóir foriomlán na hoibríochta dá ainneoin sin, íocfaidh na Ballstáit tacaíocht le haghaidh na mbeart aonair a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus cuirfidh siad i bhfeidhm pionós dar luach 100 % den mhéid a sannadh i dtús báire do na bearta sin san iarratas ar thacaíocht nár cuireadh chun feidhme go hiomlán.

    I gcásanna ina mbeidh an méid tacaíochta a íocadh tar éis cur chun feidhme beart aonair os cionn an mhéid a ndearnadh amach tar éis seiceálacha a dhéanamh go raibh sé dlite, aisghabhfaidh na Ballstáit an tacaíocht a íocadh gan í a bheith dlite.

    Sna cásanna sin, má tugadh réamhíocaíocht, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcuirfidh siad pionós i bhfeidhm.”;

    (3)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “3.   Má léiríonn seiceálacha nár cuireadh chun feidhme go hiomlán oibríocht fhoriomlán atá cumhdaithe faoin iarratas ar thacaíocht i gcásanna seachas na cásanna a leagtar síos i mír 2, agus i gcás inar íocadh tacaíocht tar éis bearta aonair ar cuid iad den oibríocht fhoriomlán atá cumhdaithe faoin iarratas ar thacaíocht, aisghabhfaidh na Ballstáit an tacaíocht a d’íoc siad.”.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 16 Deireadh Fómhair 2020.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

    (2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020 agus lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéid a bhaineann leis an earnáil fíona i dtaca le paindéim COVID-19 (IO L 205, 29.6.2020, lch. 1).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta san earnáil fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).


    Top