EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0268

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2020/7316

IO L 60, 22.2.2021, p. 21–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/268/oj

22.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 60/21


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/268 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid na talún, ón athrú ar úsáid na talún agus ón bhforaoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 i ndáil leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir na Ballstáit pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, pleananna lena n-áirítear leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe don tréimhse ó 2021 go 2025.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/841, agus d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 8 agus in Airteagal 5(1) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú teicniúil ar na pleananna cuntasaíochta maidir leis an bhforaoiseacht náisiúnta, pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit.

(3)

De réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/841 agus i gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh le linn na caibidlíochta maidir leis an Rialachán sin, faoi mar a leagtar síos sa Ráiteas maidir le rannpháirtíocht na saineolaithe atá dírithe ar Pharlaimint na hEorpa, bhunaigh an Coimisiún sainghrúpa de chuid an Choimisiúin (2) (‘an sainghrúpa’) an 30 Deireadh Fómhair 2018 a raibh sé de chúram air cuidiú leis an gCoimisiún i ndéanamh an mheasúnaithe. Áirítear ar an sainghrúpa, i measc daoine eile, saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus daoine aonair arna gceapadh ina gcáil phearsanta, iad ag gníomhú go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail, mar aon le hionadaithe ó na heagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, sin agus páirtithe leasmhara.

(4)

Bunaithe ar thuairimí an tsainghrúpa agus ar an measúnú teicniúil, d’eisigh an Coimisiún moltaí teicniúla chuig na Ballstáit, d’fhonn an t-athbhreithniú teicniúil ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a éascú. Is ar an 18 Meitheamh 2019 a d’fhoilsigh an Coimisiún na moltaí teicniúla (3).

(5)

Faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2018/841, bunaithe ar an measúnú teicniúil agus ar na moltaí teicniúla, rinne na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, agus i gcásanna áirithe, ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe, agus chuir siad an fhaisnéis in iúl don Choimisiún. D’fhoilsigh an Coimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe, agus i gcás inarb infheidhme, na leibhéil tagartha foraoise athbhreithnithe, an 25 Feabhra 2020.

(6)

Na leibhéil tagartha foraoise atá sé beartaithe ag an gCoimisiún a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841, d’aontaigh an sainghrúpa gur i gcomhréir leis na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 8 agus in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/841 a rinneadh na leibhéil sin a chinneadh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit don tréimhse ó 2021 go 2025 a leagan síos.

(8)

Tá an Rialachán seo i gcomhréir le tuairim shainghrúpa an Choimisiúin maidir le húsáid na talún, athrú ar úsáid na talún agus an fhoraoiseacht,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 156, 19.6.2018, lch. 1.

(2)  Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le húsáid na talún, athrú ar úsáid na talún agus an Fhoraoiseacht (LULUCF) (E03638).

(3)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2019) 213 final an 18 Meitheamh 2019 maidir leis an Measúnú ar na Pleananna Cuntasaíochta maidir le Foraoiseacht Náisiúnta.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841, cuirtear isteach an Roinn C seo a leanas:

“C.   Na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025

Ballstát

An leibhéal tagartha foraoise le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 ina thonaí de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana

an Bheilg

– 1 369 009

an Bhulgáir

– 5 105 986

Poblacht na Seice

– 6 137 189

an Danmhairg

+ 354 000

an Ghearmáin

– 34 366 906

an Eastóin

– 1 750 000

Éire

+ 112 670

an Ghréig

– 2 337 640

an Spáinn

– 32 833 000

an Fhrainc

– 55 399 290

an Chróit

– 4 368 000

an Iodáil

– 19 656 100

an Chipir

– 155 779

an Laitvia

– 1 709 000

an Liotuáin

– 5 164 640

Lucsamburg

– 426 000

an Ungáir

– 48 000

Málta

-38

an Ísiltír

– 1 531 397

an Ostair

– 4 533 000

an Pholainn

– 28 400 000

an Phortaingéil

– 11 165 000

an Rómáin

– 24 068 200

an tSlóivéin

– 3 270 200

an tSlóvaic

– 4 827 630

an Fhionlainn

– 29 386 695

an tSualainn

– 38 721 000

an Ríocht Aontaithe

– 20 701 550 ”


Top