Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0181

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/181 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/866

    IO L 53, 16.2.2021, p. 99–102 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R1165

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/181/oj

    16.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 53/99


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/181 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Feabhra 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) agus (3)(a), Airteagal 21(2) agus Airteagal 22(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le hAirteagal 42(b) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (2) gur féidir eireoga nach sine ná 18 seachtaine d’aois a tógadh go neamhorgánach le haghaidh táirgeadh uibheacha a thabhairt isteach in aonad beostoic orgánaigh faoi choinníollacha áirithe go dtí an 31 Nollaig 2020, mura bhfuil eireoga a tógadh go horgánach ar fáil.

    (2)

    Níor leor líon ná cáilíocht na n-eireog a tógadh go horgánach le haghaidh táirgeadh uibheacha ar mhargadh an Aontais chun freastal ar riachtanais feirmeoirí béaróga. Idir an dá linn, rinneadh dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), mar aon le dátaí gaolmhara eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848, a chur siar go ceann 1 bhliain amháin le Rialachán (AE) 2020/1693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), de dheasca ráig phaindéim COVID-19 agus na géarchéime sláinte poiblí a bhaineann léi. Dá bhrí sin, déanfar cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 ón gCoimisiún (5), lena leagtar síos inter alia forálacha níos mionsonraithe i ndáil le táirgeadh orgánach eireog, a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 freisin. Mar gheall air sin, d’fhonn tuilleadh ama a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar tháirgeadh eireog orgánach ar le haghaidh táirgeadh uibheacha iad agus chun a áirithiú go leanfar de tháirgeadh na n-uibheacha orgánacha go dtí na dátaí nua ar a dtiocfaidh Rialachán (AE) 2018/848 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 i bhfeidhm, ba cheart síneadh a chur go dtí an 31 Nollaig 2021 le tréimhse cur i bhfeidhm na rialach eisceachtúla táirgthe lena gceadaítear úsáid eireog nach sine ná 18 seachtaine d’aois a tógadh go neamhorgánach le haghaidh táirgeadh uibheacha.

    (3)

    Faoi Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008, féadfar uasmhéid 5 % de bheatha neamhorgánach phróitéine a úsáid le haghaidh muc-ainmhithe agus éanlaith chlóis le haghaidh thréimhse 12 mhí ar feadh bhlianta féilire 2018, 2019 agus 2020, i gcás nach leor an táirgeadh orgánach as féin chun beatha phróitéine a chur ar fáil do na feirmeoirí.

    (4)

    Níor leor líon ná cáilíocht na beatha orgánaí próitéine ar mhargadh an Aontais chun freastal ar riachtanais chothaithe muc-ainmhithe agus éanlaithe clóis a tógadh ar fheirmeacha orgánacha. Ní tháirgitear dóthain barra orgánacha próitéine le haghaidh beatha fós chun freastal ar an éileamh. Dá bhrí sin, is iomchuí deis a thabhairt céatadán teoranta de bheatha neamhorgánach phróitéine a úsáid ar feadh bliain féilire eile go dtí dáta nua cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe chun críocha na bhforálacha maidir le cothú muc-ainmhithe agus éanlaithe clóis i bpointí 1.9.3.1.(c) agus 1.9.4.2.(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 16(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, chuir roinnt Ballstát sainchomhaid maidir le substaintí áirithe faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile, d’fhonn na substaintí sin a údarú agus a áireamh in Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008. Rinne an Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeacht Orgánach (EGTOP) agus an Coimisiún na sainchomhaid sin a scrúdú.

    (6)

    Is é conclúid a bhí ag EGTOP ina chuid moltaí maidir le hábhair bheatha agus le breiseáin bheatha (6) go gcomhlíonann an “fosfáit aon-amóiniam (déhidriginortafhosfáit amóiniam)” a úsáidtear mar bheatha mhianrach na cuspóirí agus na prionsabail atá leis an dobharshaothrú orgánach. Dá bhrí sin, ba cheart an tsubstaint sin a áireamh i Roinn 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008, ach amháin le haghaidh an dobharshaothraithe. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an tábla sa Roinn sin a ionadú ina iomláine.

    (7)

    Is é conclúid a bhí ag EGTOP ina chuid moltaí maidir le breiseáin bheatha agus le háiseanna próiseála bia (7) go gcomhlíonann an “ailgionáit sóidiam” a úsáidtear mar bhreiseán le haghaidh cruthú craicinn ispíní bunaithe ar fheoil, an “chlóiríd chailciam” a úsáidtear mar áis phróiseála le haghaidh cruthú craicinn ispíní bunaithe ar fheoil, agus an “carbón gníomhachtaithe” a úsáidtear mar áis phróiseála le haghaidh táirgí bia de thionscamh ainmhíoch na cuspóirí agus na prionsabail atá leis an táirgeadh orgánach. Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí sin a áireamh in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a leasú dá réir sin.

    (9)

    Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021.

    (10)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um Tháirgeadh Orgánach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 42(b), cuirtear “31 Nollaig 2021” in ionad an dáta “31 Nollaig 2020”;

    (2)

    in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    “Ceadófar uaschéatadán 5 % de bheatha neamhorgánach phróitéine le haghaidh na speiceas sin le haghaidh thréimhse 12 mhí ar feadh bhlianta féilire 2018, 2019, 2020 agus 2021”;

    (3)

    déantar Iarscríbhinní V agus VIII a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Feabhra 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2020/1693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Samhain 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a mhéid a bhaineann le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin (IO L 381, 13.11.2020, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 ón gCoimisiún an 26 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na doiciméid is gá chun tréimhsí a aithint go haisghníomhach chun tiontaithe, le táirgeadh táirgí orgánacha agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit (IO L 98, 31.3.2020, lch. 2).

    (6)  Tuarascálacha críochnaitheacha maidir le Bia VI agus le Beatha IV:

    https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/farming/organic-farming/co-operation-and-expert-advice/egtop-reports_en

    (7)  Tuarascálacha críochnaitheacha maidir le Bia VI agus le Beatha IV:

    https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/farming/organic-farming/co-operation-and-expert-advice/egtop-reports_en


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i Roinn 1 d’Iarscríbhinn V:

     

    “Údarú

     

    Substaint

     

    Coinníollacha maidir le húsáid

    A

    Sliogáin mhuirí chailcreacha

     

    A

    Méarla

     

    A

    Liotataimnian

     

    A

    Glúcónáit chailciam

     

    A

    Carbónáit chailciam

     

    A

    Fosfáit aon-chailciam dhífhluairínithe

     

    A

    Fosfáit déchailciam dhífhluairínithe

     

    A

    Ocsaíd mhaignéisiam (maignéis ainhidriúil)

     

    A

    Sulfáit mhaignéisiam

     

    A

    Clóiríd mhaignéisiam

     

    A

    Carbónáit mhaignéisiam

     

    A

    Fosfáit chailciam mhaignéisiam

     

    A

    Fosfáit mhaignéisiam

     

    A

    Fosfáit mhonasóidiam

     

    A

    Fosfáit chailciam sóidiam

     

    A

    Fosfáit aon-amóiniam (déhidriginortafhosfáit amóiniam)

    Ach amháin le haghaidh an dobharshaothraithe”

    A

    Clóiríd sóidiam

     

    A

    Décharbónáit sóidiam

     

    A

    Carbónáit sóidiam

     

    A

    Sulfáit sóidiam

     

    A

    Clóiríd photaisiam

     

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

    (a)

    sa tábla i Roinn A, san iontráil a bhaineann le “E 401 ailgionáit sóidiam”, cuirtear na focail seo a leanas sa cholún deireanach: “agus ispíní bunaithe ar fheoil”;

    (b)

    leasaítear an tábla i Roinn B mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann le “clóiríd chailciam”, cuirtear X sa tríú colún agus na focail seo a leanas sa cholún deireanach: “Maidir le hearraí bia de thionscnamh ainmhíoch: ispíní bunaithe ar fheoil”;

    (ii)

    san iontráil a bhaineann le “carbón gníomhachtaithe”, cuirtear X sa tríú colún.


    Top