This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0177
Regulation (EU) 2021/177 of the European Parliament and of the Council of 10 February 2021 amending Regulation (EU) No 223/2014 as regards the introduction of specific measures for addressing the crisis associated with the outbreak of COVID-19
Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19
Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19
IO L 53, 16.2.2021, pp. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
16.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 53/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/177 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (“an Ciste”). |
|
(2) |
An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (“an Colún”) a fhógairt go comhpháirteach mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Aontas. Leagtar amach 20 prionsabal sa Cholún, agus iad roinnte i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí oibre córa; agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart na gníomhaíochtaí mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19 a bheith faoi threoir an 20 prionsabal sin chun téarnamh atá cothrom agus athléimneach go sóisialta a áirithiú. |
|
(3) |
Tá na Ballstáit buailte ag an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe. Tá iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta tromchúiseacha ann mar thoradh ar an ngéarchéim agus chuir sí leis an staid ina bhfuil níos mó ná 20 % de dhaonra an Aontais i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta, dhoimhnigh sí deighiltí sóisialta, agus mhéadaigh sí caillteanais post, rátaí dífhostaíochta agus éagothromaíochtaí. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi go práinneach, le bearta sonracha i gcomhréir leis an gColún. Chomh maith leis sin, mar gheall ar an ngéarchéim, tá tionchar socheacnamaíoch díréireach ar mhná agus cailíní agus tá baineannú na bochtaineachta ag méadú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de chomhionannas idir fir agus mná a áirithiú agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus gné na hinscne a chomhtháthú le linn chéimeanna éagsúla an Chiste agus i ngníomhaíochtaí uile an Chiste, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(4) |
Tá tionchar diúltach ar leith ag géarchéim COVID-19 ar an gCiste agus ar chumas na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta tacaíocht a thabhairt do na daoine is mó atá thíos leis an ngéarchéim. Ó bunaíodh é in 2014, tá 13 mhilliún duine in ann tairbhiú den Chiste in aghaidh na bliana, thart ar 4 mhilliún leanbh san áireamh. Ar an drochuair, tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine atá thíos le díth bia agus ábhartha mar gheall ar an ngéarchéim agus tá ar na daoine is díothaí aghaidh a thabhairt ar rioscaí ar leith agus ar thuilleadh cruatain. Ina theannta sin, leis an ngéarchéim, cuirtear cuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí i mbaol níos mó. Dá bhrí sin, tá méadú ar an éileamh le haghaidh tacaíocht ón gCiste os comhair na mBallstát. |
|
(5) |
Chun go gceartófaí na turraingí ollmhóra ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí, ar turraingí iad a spreag éilimh bhreise ar chórais leasa na mBallstát agus a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar shrianta eisceachtúla arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun ráig COVID-19 a shrianadh, chuir an Chomhairle Eorpach, an 23 Aibreán 2020, fáilte roimh “Treochlár don téarnamh” ina bhfuil comhpháirt láidir infheistíochta, d’iarr siad go mbunófaí Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh agus chuir siad de chúram ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais chun gurbh fhéidir na hacmhainní a dhíriú ar na hearnálacha agus ar na limistéir gheografacha den Aontas is mó atá buailte, agus an nasc á shoiléiriú freisin leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027 ag an am céanna. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), fuasclaítear acmhainní breise chun tacú leis na Ballstáit ina ngníomhaíochtaí um leigheas díobhála géarchéime i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus i dtéarnamh sóisialta, athléimneach agus inbhuanaithe an gheilleagair agus na sochaí a ullmhú. Chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar thionchar sóisialta ráig COVID-19 ar na daoine is díothaí, foráiltear sa Rialachán sin maidir le hacmhainní breise a leithdháileadh ar an gCiste i gcás ina gcinneann Ballstát amhlaidh agus i gcomhréir lena riachtanais. Á dhéanamh sin dóibh, ba cheart do na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar an méadú ar líon na ndaoine is díothaí ó thosaigh ráig COVID-19, ba cheart dóibh an ról ríthábhachtach atá ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) a chur san áireamh maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, agus ba cheart dóibh neart oibríochtúil CSE a chothabháil. Ina theannta sin, is gá uasmhéideanna a bhunú maidir le leithdháileadh na n-acmhainní breise ar chúnamh teicniúil an Bhallstáit. Agus caiteachas tapa na n-acmhainní breise a bhfuiltear ag súil leis á chur san áireamh, ba cheart na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní breise sin a shaoradh freisin tráth a dhúntar na cláir. |
|
(7) |
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. |
|
(8) |
Nuair a ghlactar bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí leasanna dlisteanacha faighteoirí deiridh agus tairbhithe a choimirciú go cuí. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag na Ballstáit chun gníomhaíochtaí um leigheas díobhála géarchéime a chur chun feidhme go tapa i bhfianaise an tionchair atá ag géarchéim COVID-19 ar bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta agus chun ullmhú le haghaidh théarnamh sóisialta, athléimneach agus inbhuanaithe an gheilleagair agus na sochaí, is gá leibhéal níos airde d’íocaíocht réamh-mhaoinithe a sholáthar chun gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na hacmhainní breise a chur chun feidhme go tapa. Le méid an réamh-mhaoinithe, ba cheart a áirithiú go mbeidh na hacmhainní ag na Ballstáit chun réamhíocaíochtaí do thairbhithe a eagrú chomh luath agus is féidir chun faoiseamh láithreach a sholáthar dóibh, agus chun tairbhithe a chúiteamh go tapa tar éis éilimh ar íocaíochtaí a thíolacadh. |
|
(10) |
D’fhonn an t-ualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí maidir le gníomhaíochtaí um leigheas díobhála géarchéime i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus théarnamh sóisialta, athléimneach agus inbhuanaithe an gheilleagair agus na sochaí a ullmhú, is iomchuí go dtabharfaí an deis eisceachtúil do na Ballstáit a iarraidh go gcuirfí ráta cómhaoinithe suas le 100 % i bhfeidhm ar thacaíocht ó na hacmhainní breise. |
|
(11) |
Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit na bearta a choigeartú go tapa faoin gCiste mar fhreagairt ar ráig COVID-19, is iomchuí forálacha sonracha a leagan síos chun raon feidhme an chúnaimh theicniúil a shoiléiriú. |
|
(12) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (6) agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní a leithdháiltear leis, ba cheart bearta faoin gCiste seo a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 nach bhfacthas riamh roimhe. Ba cheart na hacmhainní breise a úsáid i gcomhlíonadh na dteorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin agus faoi réir na gcoinníollacha ábhartha a leagtar amach ann agus i Rialachán (AE) 2020/2221. |
|
(13) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt ar ráig COVID-19 agus a hiarmhairtí socheacnamaíocha ar na daoine is díothaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(14) |
I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le ráig COVID-19, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(15) |
Le hAirteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (7), foráiltear nach bhfuil feidhm le bheith ag leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (8) nó ar Chinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle (9) arna nglacadh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin nó dá éis sin maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. Maidir leis an tacaíocht faoi Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 le haghaidh 2021 agus 2022, maoinítear í trí mhéadú ar uasteorainn acmhainní dílse an Aontais, rud a mbeadh tionchar aige ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an tacaíocht sin maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2): “2. Cé is moite de na hacmhainní breise a leithdháileadh mar fhreagairt ar ráig COVID-19, dá dtagraítear in Airteagal 6a, leagtar amach in Iarscríbhinn III an leithdháileadh ón gCiste don tréimhse 2014-2020 le haghaidh gach Ballstáit. Is é EUR 3 500 000 an t-íosmhéid a bheidh ann le haghaidh gach Ballstáit don tréimhse iomlán.”; |
|
(2) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 6a Acmhainní breise mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19 1. I gcás ina measann an Ballstát gurb iomchuí sin, déanfar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo a mhéadú mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19, i gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 92b(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus faoi na coinníollacha ábhartha a leagtar síos sa mhír sin. Ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (*2) a bheidh sna hacmhainní breise agus beidh siad faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de. Féadfaidh tionchar a bheith ag na hacmhainní breise ar na gealltanais bhuiséadacha do na blianta 2021 agus 2022. 2. De mhaolú ar Airteagal 7(1), is go dtí an 31 Nollaig 2022 a bheidh an tréimhse le haghaidh cláir oibríochtúla a bhaineann tairbhe as acmhainní breise i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. 3. De mhaolú ar an gcéad mhír d’Airteagal 38 den Rialachán seo, déanfar na gealltanais bhuiséadacha le haghaidh na n-acmhainní breise i ndáil le gach clár sna blianta 2021 agus 2022. De mhaolú ar Airteagal 59(1) den Rialachán seo, déanfar na gealltanais bhuiséadacha le haghaidh na n-acmhainní bhreise a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha a bheidh le comhlíonadh maidir le dúnadh na gclár. 4. I dteannta an réamh-mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 44(1), íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe dar luach 11 % de na hacmhainní breise a leithdháileadh don bhliain 2021 tar éis an chinnidh ón gChoimisiún lena bhformheastar an leasú ar chlár i gcomhair leithdháileadh na n-acmhainní breise. Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a dhúntar an clár. 5. De mhaolú ar Airteagal 20, féadfar ráta cómhaoinithe suas le 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis na hacmhainní breise faoi mhír 1 den Airteagal seo. (*1) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320)." (*2) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).”;" |
|
(3) |
in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Ar thionscnamh na mBallstát, agus faoi réir uasteorainn 5 % de leithdháileadh an Chiste tráth a nglacfar an clár oibríochtúil agus 5 % de na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 6a(1), féadfar a mhaoiniú leis an gclár oibríochtúil na bearta ullmhúcháin, bainistíochta, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, iniúchóireachta, faisnéise, rialaithe agus meastóireachta is gá chun an Ciste seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear costais ullmhúcháin agus oibriúcháin maidir le scéimeanna dearbháin i gcás ina bhfuil na costais sin á n-iompair ag an údarás bainistíochta nó ag comhlacht poiblí eile nach eagraíocht chomhpháirtíochta é. Chomh maith leis sin, féadfar a mhaoiniú leis an gclár oibríochtúil cúnamh teicniúil agus forbairt acmhainní eagraíochtaí comhpháirtíochta agus aon ghníomhaithe eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste, lena n-áirítear le haghaidh acmhainneacht freagartha ar ghéarchéimeanna chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19. Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, féadfaidh siad a bheith bainteach leis an gclárthréimhse ina dhiaidh sin, lena n-áirítear chun leanúnachas na tacaíochta ón gCiste trí chistí eile de chuid an Aontais a áirithiú.”; |
|
(4) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 63a Infheidhmeacht Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6a maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe. Maidir le tagairtí do Bhallstáit san Airteagal sin, tuigfear nach tagairtí a áiríonn an Ríocht Aontaithe iad.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO C 311, 18.9.2020, lch. 82.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Feabhra 2021.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).
(5) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).
(7) Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).
(8) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(9) Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).