EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0166

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/166 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis na cláir náisiúnta in earnáil na beachaireachta

C/2021/745

IO L 48, 11.2.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R2532

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/166/oj

11.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 48/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/166 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis na cláir náisiúnta in earnáil na beachaireachta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 57 agus pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 223(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cláir náisiúnta bheachaireachta a fhógairt, a fhormheas, agus a leasú.

(2)

Dar le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cláir náisiúnta arna dtarraingt suas don tréimhse dar tús 1 Lúnasa 2019 go dtí an 31 Iúil 2022, leathnófar iad go dtí an 31 Nollaig 2022.

(3)

Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (4) socraítear an uasteorainn bhliantúil le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (“CERT”). Laistigh den uasteorainn sin, maoineoidh an ciste sin ranníocaíocht an Aontais i leith na gclár beachaireachta, i bhfeidhm ón mbliain 2021. Sa mhéid iomlán dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil i leith CERT áirítear méadú go dtí EUR 60 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh cláir bheachaireachta.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit a gcláir náisiúnta a mhodhnú chun an síneadh arna chur leis an tréimhse agus chun méadú an bhuiséid le haghaidh earnáil na beachaireachta a chur san áireamh. Ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 15 Márta 2021 faoi na cláir mhodhnaithe ar gá formheas ina leith.

(5)

Chun leanúnachas a áirithiú in íocaíochtaí, ba cheart íocaíochtaí a bhaineann le bearta arna gcur chun feidhme ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 a dhéanamh leis na tairbhithe idir an 16 Deireadh Fómhair 2022 agus an 15 Deireadh Fómhair 2023.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an dara mír seo a leanas isteach:

“Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, faoin 15 Márta 2021, faoin leasú ar a gcláir náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Cuirfidh an leasú an méadú faoi ranníocaíocht an Aontais san áireamh ó 2021.”;

(2)

in Airteagal 5(1), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

“Déanfaidh an Coimisiún leasuithe ar na cláir bheachaireachta a fhormheas i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 3 de bhunadh phointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoin 15 Meitheamh 2021.”;

(3)

cuirtear an tríú mír seo a leanas in Airteagal 7:

“De mhaolú ar an dara mír, íocaíochtaí a bhaineann leis na bearta arna gcur chun feidhme ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, déanfar iad idir an 16 Deireadh Fómhair 2022 agus an 15 Deireadh Fómhair 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha le haghaidh cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na beachaireachta (IO L 211, 8.8.2015, lch. 9).

(3)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).


Top