Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0129

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/129 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/517

    IO L 40, 4.2.2021, p. 11–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/129/oj

    4.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 40/11


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/129 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Feabhra 2021

    lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (2) áirítear úsc gairleoige mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

    (2)

    Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

    (3)

    An formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2021.

    (4)

    Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin.

    (5)

    Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith iomlán.

    (6)

    Rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan a ullmhú i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus an Choimisiúin í an 28 Márta 2019.

    (7)

    Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

    (8)

    An 16 Aibreán 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (6) maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh úsc gairleoige na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an Coimisiún, an 16 agus an 17 Iúil 2020, tuarascáil athnuachana maidir le húsc gairleoige faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus chuir sé dréacht-Rialachán faoina bhráid an 4 Nollaig 2020 lena ndéantar foráil maidir leis an athnuachan ar fhormheas ar an tsubstaint ghníomhach sin.

    (9)

    A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (7), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar nach gcomhlíonann úsc gairleoige na critéir maidir le réabadh iontálach i gcás daoine agus orgánaigh nach spriocorgánaigh iad, mar a leagtar síos i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 faoi seach..

    (10)

    D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

    (11)

    Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (12)

    An measúnú riosca maidir le hathnuachan an fhormheasa ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige, bunaítear é ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil úsc gairleoige iontu a údarú.

    (13)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, an formheas ar úsc gairleoige a athnuachan.

    (14)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (15)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1160 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa an úisc gairleoige go dtí an 31 Lúnasa 2021 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an bhformheas a athnuachan roimh an dáta éaga sin ar cuireadh síneadh leis, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Márta 2021.

    (16)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan

    Déantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).

    (3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

    (6)  Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance garlic extract EFSA Journal 2020;18(6): https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020,6116

    (7)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1160 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, min fola, carbónáit chailciam, dé-ocsaíd charbóin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, úsc gairleoige, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, kieselguhr (cré dhiatómúil), olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill mairteola, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 257, 6.8.2020 lch. 29).


    IARSCRÍBHINN I

    Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

    Ainm IUPAC

    Íonacht  (1)

    Dáta formheasa

    Dul in éag an fhormheasa

    Forálacha sonracha

    Úsc gairleoige

    Comhábhair mharcóra:

    Suilfíd dé-aillile (DAS1), déshuilfíd dé-aillile (DAS 2),

    Tríshuilfíd dé-aillile (DAS3), teitreashuilfíd dé-aillile (DAS 4)

    Úsc gairleoige

    1 000 g/kg

    1 Márta 2021

    29 Feabhra 2036

    Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le húsc gairleoige, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

    Ar bhonn na n-úsáidí beartaithe agus údaraithe (mar a liostaítear i bhFoscríbhinn II), sainaithníodh gur gá do na Ballstáit uile aird ar leith a thabhairt, agus sin sa ghearrthéarma, ar na saincheisteanna seo a leanas, faoi chuimsiú aon údarú atá le deonú, le hathrú nó le tarraingt siar, de réir mar is iomchuí:

    An riosca d’orgánaigh uisceacha.

    Uimh. CAS 8000-78-0;

    8008-99-9

    Uimh. CIPAC 916


    (1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


    IARSCRÍBHINN II

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 mar a leanas:

    (1)

    i gCuid A, scriostar iontráil 231 maidir le húsc gairleoige;

    (2)

    i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

    Uimhir

    Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

    Ainm IUPAC

    Íonacht  (1)

    Dáta formheasa

    Dul in éag an fhormheasa

    Forálacha sonracha

    “144

    Úsc gairleoige Comhábhair mharcóra: Suilfíd dé-aillile (DAS1), déshuilfíd dé-aillile (DAS 2), Tríshuilfíd dé-aillile (DAS3), teitreashuilfíd dé-aillile (DAS 4)

    Úsc gairleoige

    1 000 g/kg

    1 Márta 2021

    29 Feabhra 2036

    Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le húsc gairleoige, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

    Ar bhonn na n-úsáidí beartaithe agus údaraithe (mar a liostaítear i bhFoscríbhinn II), sainaithníodh gur gá do na Ballstáit uile aird ar leith a thabhairt, agus sin sa ghearrthéarma, ar na saincheisteanna seo a leanas, faoi chuimsiú aon údarú atá le deonú, le hathrú nó le tarraingt siar, de réir mar is iomchuí:

    An riosca d’orgánaigh uisceacha.”

    Uimh. CAS 8000-78-0

    8008-99-9

    Uimh. CIPAC 916


    (1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


    Top