This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0049
Council Implementing Regulation (EU) 2021/49 of 22 January 2021 implementing Regulation (EU) No 101/2011 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Tunisia
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/49 ón gComhairle an 22 Eanáir 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/49 ón gComhairle an 22 Eanáir 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
IO L 23, 25.1.2021, p. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 23/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/49 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Eanáir 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 4 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 101/2011. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithnithe a rinneadh, ba cheart na hiontrálacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 do cheathrar a scriosadh agus an fhaisnéis maidir leis na cearta cosanta agus an ceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a thabhairt cothrom le dáta do bheirt. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
I Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
(1) |
i gCuid A (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:
|
(2) |
leasaítear Cuid B(Cearta cosanta agus an ceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil faoi dhlí na Túinéise) mar a leanas:
|