Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0048

    Rialachán (AE) 2021/48 ón gComhairle an 22 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an tSomáil

    IO L 23, 25.1.2021, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/48/oj

    25.1.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 23/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/48 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Eanáir 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an tSomáil

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 (2) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i dtaca leis an tSomáil, cuirtear srian le soláthar maoinithe, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (3) d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa tSomáil. Sriantar leis freisin soláthar earraí ar féidir iad a úsáid mar chuid de mhonarú feistí pléascacha seiftithe (“IEDanna”).

    (2)

    An 12 Samhain 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2551 (2020). Leis an Rún, inter alia, leasaítear na díolúintí ón trádbhac arm maidir le soláthairtí arm áirithe agus leis an maoiniú, leis an gcúnamh airgeadais agus leis an gcúnamh teicniúil lena mbaineann atá beartaithe d’úsáid fórsaí slándála na Somáile agus leathnaítear liosta na n-earraí rialaithe ar féidir iad a úsáid mar chuid de mhonarú feistí pléascacha seiftithe IEDanna.

    (3)

    An 22 Eanáir 2021, glacadh Cinneadh (CBES) 2021/48 (4) ón gComhairle, lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES i gcomhréir le Rún 2551 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    (4)

    Tagann líon áirithe de na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1

    1.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

    (a)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú ar earraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (*), go díreach nó go neamhdhíreach chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa tSomáil;

    (b)

    cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh, go díreach nó go neamhdhíreach d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa tSomáil.

    (*)  IO C 98, 15.3.2018, lch. 1.”;"

    (2)

    Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 1a

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘cúnamh teicniúil’ aon chúnamh teicniúil a bhaineann le deisiúcháin, forbairt, monarú, cóimeáil, tástáil, cothabháil, nó aon seirbhís theicniúil eile, agus d’fhéadfadh sé gur i bhfoirm treoraithe, comhairle, oiliúna, tarchuir eolais oibre nó scileanna nó seirbhísí comhairliúcháin a bheadh an cúnamh teicniúil sin; lena n-áirítear cúnamh ó bhéal;

    (b)

    ciallaíonn ‘maoiniú agus cúnamh airgeadais’ aon ghníomhaíocht, cibé modh áirithe a roghnaítear, trína n-eisíocann an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann, nó trína ngeallann sé go n-eisíocfaidh, a chistí féin nó a acmhainní eacnamaíocha féin go coinníollach nó go neamhchoinníollach, lena n-áirítear deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí, urraíochtaí, bannaí, litreacha creidmheasa, creidmheasanna soláthróra, creidmheasanna ceannaitheora, réamhíocaíochtaí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin agus gach cineál árachais agus athárachais, lena n-áirítear árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Ní maoiniú ná cúnamh airgeadais atá in íocaíocht an phraghais chomhaontaithe maille leis na téarmaí agus coinníollacha íocaíochta ar earra nó ar sheirbhís, arna déanamh i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas gnó.

    (c)

    ciallaíonn ‘Coiste Smachtbhannaí’ an Coiste de chuid Chomhairle Slándála NA a bunaíodh de bhun mhír 11 de Rún 751 (1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

    (d)

    ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ críocha na mBallstát arb infheidhme Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh sin, lena n-áirítear a n-aerspás.”;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2a:

    “Airteagal 2a

    De mhaolú ar Airteagal 1, féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí bunaithe, mar a shonraítear ar na suíomhanna gréasáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I, an méid seo a leanas a údarú:

    (a)

    soláthar maoinithe, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i gComhliosta Míleata an Aontais Eorpaigh, má chinn an t-údarás inniúil lena mbaineann go bhfuil an maoiniú nó cúnamh airgeadais, nó an cúnamh teicniúil sin beartaithe le haghaidh fhorbairt Fhórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile chun slándáil a sholáthar do mhuintir na Somáile, agus lena aghaidh sin amháin;

    (b)

    soláthar maoinithe nó cúnaimh airgeadais nó cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i gComhliosta Míleata an Aontais Eorpaigh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

    (i)

    gur chinn an t-údarás inniúil lena mbaineann go bhfuil an maoiniú, an cúnamh airgeadais nó an cúnamh teicniúil sin beartaithe le haghaidh fhorbairt institiúidí earnála slándála na Somáile seachas na hinstitiúidí sin Rialtas Cónaidhme na Somáile chun slándáil a sholáthar do mhuintir na Somáile, agus lena aghaidh sin amháin;

    (ii)

    nach ndearna an Coiste Smachtbhannaí cinneadh diúltach laistigh de chúig lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón mBallstát atá ag soláthar an mhaoinithe, an chúnaimh airgeadais nó an chúnaimh theicniúil sin, maidir le haon soláthar maoinithe, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh theicniúil den sórt sin;

    (iii)

    gur cuireadh Rialtas Cónaidhme na Somáile ar an eolas san am céanna cúig lá oibre roimh ré ar a laghad i gcomhréir le Rún 2551 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.”;

    (4)

    In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú trealaimh mhíleata neamh-mharfaigh atá beartaithe don úsáid dhaonnúil nó chosantach amháin;

    (b)

    cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann leis an trealamh neamh-mharfach sin, ar choinníoll go bhfuil fógra faoi na gníomhaíochtaí sin tugtha roimh ré, mar fhaisnéis amháin, ag Ballstát nó ag eagraíocht idirnáisiúnta, réigiúnach nó foréigiúnach an tsoláthair don Choiste Smachtbhannaí;

    (c)

    soláthar maoinithe nó cúnaimh airgeadais nó cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i gComhliosta Míleata an Aontais Eorpaigh atá beartaithe le tacú le pearsanra na Náisiún Aontaithe nó le húsáid acu, lena n-áirítear Misean Cúnaimh na Náisiún Aontaithe sa tSomáil (UNSOM), Misean an Aontais Afracaigh sa tSomáil (AMISOM); comhpháirtithe straitéiseacha AMISOM a oibríonn faoin leagan is déanaí de Choincheap Straitéiseach um Oibríochtaí an Aontais Afracaigh, agus i gcomhar agus in éineacht le ANISOM; agus Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh (EUTM) sa tSomáil; nó

    (d)

    soláthar maoinithe nó cúnaimh airgeadais nó cúnaimh theicniúil le haghaidh díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú ar earraí nó teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh agus atá beartaithe lena n-úsáid ag Stáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó foréigiúnacha atá i mbun bearta chun gníomhaíochtaí píoráideachta agus robála armtha ar farraige in aice le cósta na Somáile a chosc, agus acu sin amháin, arna iarraidh sin ag Rialtas Cónaidhme na Somáile agus ar thug Rialtas Cónaidhme na Somáile fógra d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe faoi, agus ar choinníoll go mbeidh aon bheart a dhéanfar comhsheasmhach leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine is infheidhme.”;

    (5)

    Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i dtaca leis an tSomáil (IO L 24, 29.1.2003, lch. 2).

    (3)  IO C 98, 15.3.2018, lch. 1.

    (4)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.

    Na hábhair phléascacha a leanas agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:

    Ainm na substainte

    Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN)

    Cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) (1)

    Ola Bhreosla Níotráite Amóiniam (ANFO)

    6484-52-2 (níotráit amóiniam)

    3102 30 90

    3102 40

    Nítriceallalós (ina bhfuil níos mó ná 12,5 % nítrigin w/w)

    9004-70-0

    ex 3912 20

    Nítriglicrín (ach amháin nuair atá sé pacáistithe/ullmhaithe i ndáileoga míochaine aonair) mura rud é go bhfuil sé cumaiscthe nó measctha leis an ‘ábhar fuinneamhachais’ a shonraítear in ML8.a. nó le miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh

    55-63-0

    ex 2920 90 70

    Nítrigliocól

    628-96-6

    ex 2920 90 70

    Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN)

    78-11-5

    ex 2920 90 70

    Clóiríd phicrile

    88-88-0

    ex 2904 99 00

    2,4,6-Trínítreatolúéin (TNT)

    118-96-7

    2904 20 00


    (1)  Is as an Ainmníocht Chomhcheangailte mar a shainmhínítear í in Airteagal 1(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1), agus mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, is as sin a tógadh na cóid ainmníochta, atá bailí tráth fhoilsiú an Rialachán seo agus mutatis mutandis arna leasú le reachtaíochta ina dhiaidh sin.”


    Top