Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0024

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/24 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/252

    IO L 11, 14.1.2021, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 20/04/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32020R0692

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/24/oj

    14.1.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 11/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/24 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Eanáir 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe an frása réamhráiteach d’Airteagal 8, an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 8, mír 4 d’Airteagal 8 agus Airteagal 9(4) de,

    Ag féachaint do Threoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha i dtaca le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh as tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagal 23(1), Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (3) leagtar síos ceanglais deimhniúcháin tréidliachta maidir le héanlaith chlóis agus táirgí éineola (“na tráchtearraí”) a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd, lena n-áirítear iad a stóráil le linn an idirthurais. Foráiltear leis nach ndéanfar na tráchtearraí a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ach ó na tríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a liostaítear i gcolúin 1 agus 3 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis.

    (2)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, leagtar síos freisin na coinníollacha maidir le tríú tír, críoch, crios nó deighleog a mheastar a bheith saor ó fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI).

    (3)

    Liostaítear an Ríocht Aontaithe sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 mar thríú tír óna n-údaraítear tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ó chodanna áirithe dá críoch, ag brath ar HPAI a bheith ann. Leagadh réigiúnú na Ríochta Aontaithe amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2205 ón gCoimisiún (4).

    (4)

    I mí na Nollag 2020, áfach, dheimhnigh an Ríocht Aontaithe tuilleadh ráigeanna HPAI d’fhochineálacha H5N8 agus H5N1 i ngabháltais éanlaithe clóis ar a críoch féin. De bharr na ráigeanna sin, leagadh amach tuilleadh réigiúnaithe ar an tír san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1742 ón gCoimisiún (5), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2240 (6), agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2242 ón gCoimisiún (7) i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin. Ós rud é go leanfar de na bearta chun na ráigeanna sin a rialú agus a dhíothú tar éis an 31 Nollaig 2020, ba cheart an réigiúnú sin a léiriú i Rialachán (CE) Uimh. 798/2008.

    (5)

    Thairis sin, tar éis Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2240 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2242 a fhoilsiú, dheimhnigh an Ríocht Aontaithe tuilleadh ráigeanna HPAI laistigh de na criosanna a bunaíodh iontu, rud ba cheart a léiriú freisin i Rialachán (CE) Uimh. 798/2008.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, iontráil na Ríochta Aontaithe sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá sa tríú tír sin faoi láthair a chur san áireamh.

    (7)

    Ina theannta sin, ós rud é gur leagadh amach réigiúnú na Ríochta Aontaithe maidir leis na ráigeanna sin nuair a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an tír sin i gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, chuirfí deireadh leis na bearta cosanta i ndáil leis na ráigeanna HPAI a deimhníodh in 2020 30 lá tar éis dháta an deimhniúcháin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na dátaí sin a shonrú mar na dátaí amhail ón uair a fhéadfar a mheas i dtaca leis na limistéir atá faoi shrian de dheasca na ráigeanna a deimhníodh in 2020 go bhfuil siad saor ó HPAI agus ba cheart údarú a thabhairt arís d’earraí éanlaithe clóis áirithe de thionscnamh na limistéar sin a allmhairiú isteach san Aontas agus faoi bhealach tríd.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú dá réir.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.

    (2)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2205 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe agus Spleáchas na Corónach Geansaí ar liostaí de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach san Aontas nó a bheith faoi bhealach tríd (IO L 438, 28.12.2020, lch. 11).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1742 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5N8 sa Ríocht Aontaithe (IO L 392, 23.11.2020, lch. 60).

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2240 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1742 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5N8 sa Ríocht Aontaithe (IO L 436, 28.12.2020, lch. 34).

    (7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2242 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2020 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5N1 sa Ríocht Aontaithe (IO L 436, 28.12.2020, lch. 69).


    IARSCRÍBHINN

    I gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:

    ‘GB — An Ríocht Aontaithe (*1)

    GB-0

    An tír iomlán

    SPF

     

     

     

     

     

     

     

    EP, E

     

     

     

     

     

     

     

    GB-1

    Tír iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de limistéar GB-2

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

     

     

    A

     

     

    WGM

     

     

     

     

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

     

     

     

     

     

    GB-2

    Críoch na Ríochta Aontaithe a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas:

     

     

     

     

     

     

     

     

    GB-2.1

    Contae Yorkshire Thuaidh:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.30 agus W1.47

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    6.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    6.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    6.1.2021

     

     

     

    GB-2.2

    Contae Yorkshire Thuaidh:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.29 agus W1.45

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    8.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    8.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    8.1.2021

     

     

     

    GB-2.3

    Contae Norfolk:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.49 agus E0.95

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    10.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    10.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    10.1.2021

     

     

     

    GB-2.4

    Contae Norfolk:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.72 agus E0.15

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    11.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    11.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    11.1.2021

     

     

     

    GB-2.5

    Contae Derbyshire:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.93 agus W1.57

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    17.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    17.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    17.1.2021

     

     

     

    GB-2.6

    Contae Yorkshire Thuaidh:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.37 agus W2.16

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    19.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    19.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    19.1.2021

     

     

     

    GB-2.7

    Inse Orc:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N59.28 agus W2.44

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    20.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    20.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    20.1.2021

     

     

     

    GB-2.8

    Contae Dorset:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N51.06 agus W2.27

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    20.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    20.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    20.1.2021

     

     

     

    GB-2.9

    Contae Norfolk:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.96

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    23.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    23.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    23.1.2021

     

     

     

    GB-2.10

    Contae Norfolk:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.95

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    28.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    28.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    28.1.2021

     

     

     

    GB-2.11

    Contae Norfolk:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10.4 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.53 agus E0.66

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    7.2.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    7.2.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    7.2.2021

     

     

     

    GB-2.12

    Contae Devon:

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N50.70 agus W3.36

    BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

     

    N

    P2

    1.1.2021

    31.1.2021

    A

     

     

    WGM

     

    P2

    1.1.2021

    31.1.2021

     

     

     

    POU, RAT

     

    N

    P2

    1.1.2021

    31.1.2021

     

     

     


    (*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.’.


    Top