EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021L1270

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1270 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 lena leasaítear Treoir 2010/43/AE maidir leis na rioscaí inbhuanaitheachta agus na tosca inbhuanaitheachta atá le cur san áireamh le haghaidh Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (UCTIS) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2617

IO L 277, 2.8.2021, p. 141–144 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2021/1270/oj

2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/141


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1270 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Aibreán 2021

lena leasaítear Treoir 2010/43/AE maidir leis na rioscaí inbhuanaitheachta agus na tosca inbhuanaitheachta atá le cur san áireamh le haghaidh Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (UCTIS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (UCITS) (1), agus go háirithe Airteagal 12(3), Airteagal 14(2), agus Airteagal 51(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras, leagtar síos an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(2)

Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann ó 2050 amach, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Ceanglaítear leis an gcuspóir sin go dtabharfar comharthaí soiléire d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe a thiomsú.

(3)

I Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4), lena gcuirtear straitéis uaillmhianach, chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíochtaí inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach. An measúnú tionchair atá mar bhonn ag tionscnaimh reachtacha a rinneadh ina dhiaidh agus a foilsíodh i mBealtaine 2018 (5), léirigh sé gur gá a shoiléiriú gur cheart do chuideachtaí bainistíochta tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh mar chuid dá ndualgais i leith infheisteoirí. Dá bhrí sin, ba cheart do chuideachtaí bainistíochta measúnú a dhéanamh ní hamháin ar na rioscaí airgeadais ábhartha uile ar bhonn leanúnach, ach freisin ar na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha uile dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a d’fhéadfadh, dá dtarlódh siad, tionchar diúltach iarbhír nó ábhartha a imirt ar luach infheistíochta. Ní thagraíonn Treoir 2010/43/AE ón gCoimisiún (7) go sainráite do rioscaí inbhuanaitheachta. Ar an gcúis sin agus chun a áirithiú go gcuirtear nósanna imeachta inmheánacha agus socruithe eagraíochtúla chun feidhme mar is ceart agus go gcloítear leo, is gá a shoiléiriú gur léiriú iad na próisis, na córais agus na rialuithe inmheánacha ar chuideachtaí bainistíochta ar na rioscaí inbhuanaitheachta, agus go bhfuil an acmhainneacht theicniúil agus an t-eolas riachtanach chun na rioscaí sin a anailísiú.

(4)

Chun míchothrom iomaíochta a sheachaint i gcás cuideachtaí bainistíochta, agus cuideachtaí infheistíochta nár ainmnigh cuideachta bainistíochta, agus chun ilroinnt ghaolmhar, neamhréireacht agus neamh-intuarthacht i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhaineann le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta maidir le cuideachtaí infheistíochta, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

(5)

Chun ardchaighdeán cosanta infheisteoirí a choinneáil ar bun, nuair a shainaithnítear na cineálacha coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna UCITS, ba cheart do chuideachtaí bainistíochta na cineálacha coinbhleachtaí leasa sin a chur san áireamh a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chomhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta ina bpróisis, ina gcórais agus ina rialuithe inmheánacha. D‘fhéadfadh coinbhleachtaí a bheith i gceist leis na coinbhleachtaí sin a eascraíonn as luach saothair nó as idirbhearta pearsanta na foirne ábhartha, coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cosc glas, mídhíol nó mífhaisnéis maidir le straitéisí infheistíochta agus coinbhleachtaí leasa idir UCITS éagsúla atá á mbainistiú ag an gcuideachta bainistíochta chéanna.

(6)

De bhun Rialachán (AE) 2019/2088 na cuideachtaí bainistíochta nó infheistíochta a bhfuil sé d’oibleagáid orthu drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh, nó breithniú a dhéanamh ar na drochthionchair phríomha sin go deonach, tá sé d’oibleagáid orthu a nochtadh conas a chuireann a mbeartais díchill chuí na drochthionchair phríomha sin san áireamh. Chun comhsheasmhacht idir Rialachán (AE) 2019/2088 agus Treoir 2010/43/AE a áirithiú, ba cheart an oibleagáid sin a léiriú i dTreoir 2010/43/AE.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/43/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2010/43/AE

Leasaítear Treoir 2010/43/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí 11 agus 12 seo a leanas leis:

“11.

ciallaíonn ‘riosca inbhuanaitheachta’ riosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

12.

ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 4(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí bainistíochta rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh agus na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh acu.”;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear mír 5 seo a leanas leis:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun na gcríoch a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3, go gcoimeádfaidh cuideachtaí bainistíochta na hacmhainní agus an saineolas is gá chun rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú go héifeachtach.”;

(4)

cuirtear Airteagal 5a seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Oibleagáid ar chuideachtaí infheistíochta rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i mbainistiú UCITS

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí infheistíochta rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i mbainistiú UCITS, agus cineál, scála agus castacht ghnó na gcuideachtaí infheistíochta á gcur san áireamh.”;

(5)

in Airteagal 9(2), cuirtear an pointe (g) seo a leanas leis:

“(g)

atá freagrach as comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f).”;

(6)

in Airteagal 17, cuirtear mír 3 seo a leanas leis:

“3.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a shainaithníonn cuideachtaí bainistíochta na cineálacha coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna UCITS, go ndéanfaidh na cuideachtaí bainistíochta sin na cineálacha coinbhleachtaí leasa sin a chur san áireamh, coinbhleachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chomhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta ina bpróisis, ina gcórais agus ina rialuithe inmheánacha.”;

(7)

in Airteagal 23, cuirtear na míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:

“5.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí bainistíochta rioscaí inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4 á gcomhlíonadh acu.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí bainistíochta, nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachtaí infheistíochta, i gcás ina measfaidh siad drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2088, nó mar a cheanglaítear le mír 3 nó le mír 4 d’Airteagal 4 den Rialachán sin, go gcuirfidh na cuideachtaí bainistíochta nó na cuideachtaí infheistíochta sin na drochthionchair phríomha sin san áireamh agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo á gcomhlíonadh acu.”;

(8)

in Airteagal 38(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh sa bheartas bainistithe riosca cibé nósanna imeachta is gá chun a chur ar chumas na cuideachta bainistíochta measúnú a dhéanamh, i gcás gach UCITS a bhainistíonn sí, ar neamhchosaint UCITS ar rioscaí margaidh, leachtachta, inbhuanaitheachta agus contrapháirtí, agus neamhchosaint UCITS ar gach riosca eile, lena n-áirítear rioscaí oibriúcháin, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do gach UCITS a bhainistíonn sí.”.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Iúil 2022 ar a dhéanaí, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(3)  COM(2019) 640 final.

(4)  COM(2018) 97 final.

(5)  SWD(2018) 264 final.

(6)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/43/AE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagraíochtúla, coinbhleachtaí leasa, iompar gnó, bainistiú riosca agus inneachar an chomhaontaithe idir taiscí agus cuideachta bainistíochta (IO L 176, 10.7.2010, lch. 42).


Top