This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2267
Commission Implementing Decision (EU) 2021/2267 of 17 December 2021 laying down the format for reporting data and information on the collected post-consumption waste of tobacco products with filters and of filters marketed for use in combination with tobacco products (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2267 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2267 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/9295
IO L 455, 20.12.2021, p. 32–36
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 455/32 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2267 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Nollaig 2021
lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 13(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2019/904 ceanglaítear ar Bhallstáit sonraí a thuairisciú don Choimisiún ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(f) den Treoir sin. Ba cheart tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta a bheith in éineacht leis na sonraí sin. |
(2) |
Na sonraí maidir leis na méideanna dramhaíola iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola agus trí ghníomhaíochtaí glantacháin bruscair i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(f) de Threoir (AE) 2019/904, ba cheart do na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú ar bhonn a meáchain iomláin i dtonaí. Ba cheart an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta in éineacht leis na sonraí sin a sholáthar i bhformáid lena n-áirithítear go soláthraítear tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na foinsí sonraí a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí sin a thomhas agus a fhíorú. |
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sonraí a thuairisciú
Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/904 san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Cuirfidh siad isteach an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den Treoir sin a mhéid a bhaineann leis na sonraí sin san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(2) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
IARSCRÍBHINN I
AN FHORMÁID CHUN SONRAÍ AGUS FAISNÉIS A THUAIRISCIÚ
An fhormáid chun tuairisciú ar dhramhaíl iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.
1 |
2 |
|
(tonaí) |
Meáchan iomlán dramhaíola iar-chaithimh táirgí a bhaineann le tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904. |
|
IARSCRÍBHINN II
AN FHORMÁID INA mBEIDH AN TUARASCÁIL MAIDIR LE SEICEÁIL CÁILÍOCHTA
I. Faisnéis ghinearálta
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
II. Tuairisc ar na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí
Ainm na hinstitiúide |
Tuairisc ar na príomhdhualgais |
|
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
III. Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh
Tuairisc ar na modhanna agus na foinsí sonraí a úsáideadh chun tomhas a dhéanamh ar mheáchan dramhaíola iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.
3.1 |
Foinsí sonraí, modhanna ríofa agus an sciar den mhéid iomlán.
Tabhair míniú ar an gcaoi ar tomhaiseadh meáchan na dramhaíola iar-chaithimh dá dtagraítear sa chéad mhír den chaibidil seo agus ar an gcaoi ar cuireadh taise agus iarmhair de pháipéar agus de thobac san áireamh. Tabhair míniú ar an gcur chuige a glacadh chun sampláil ionadaíoch na dramhaíola bailithe a áirithiú. Tabhair le fios an bhliain ina ndearnadh an anailís maidir le comhdhéanamh na dramhaíola agus an bhruscair.
|
3.2 |
Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh chun na fachtóirí coinbhéartachta agus a gcur i bhfeidhm a chinneadh.
I gcás inar cinneadh meáchan na dramhaíola iar-chaithimh dá dtagraítear sa chéad mhír den chaibidil seo trí bhíthin méid iomlán na dramhaíola iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, sonraigh an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh.
|
IV. Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí
4.1 |
Míniú ar raon feidhme agus bailíocht an bhailithe sonraí maidir le dramhaíl iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.
|
4.2 |
Difríochtaí le hais na sonraí a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta roimhe sin.
Athruithe móra ar an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana tagartha reatha i gcomparáid leis an modh a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (go háirithe athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).
|
V. Rúndacht
Údar le foilsiú codanna sonracha den tuarascáil seo maidir le seiceáil cáilíochta a choimeád siar i gcás inar gá, agus liostú na gcodanna is ceart a choimeád siar.
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
VI. Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin
Tabhair ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |