This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2199
Council Implementing Decision (CFSP) 2021/2199 of 13 December 2021 implementing Decision 2013/255/CFSP concerning restrictive measures against Syria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2199 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2199 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
ST/14526/2021/INIT
IO L 445I, 13.12.2021, p. 23–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 445/23 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/2199 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
(2) |
Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. |
(3) |
Rannchuidíonn Grúpa Wagner, eintiteas príobháideach míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, go mór le hiarrachtaí cogaidh Bashar al-Assad sa tSiria, go háirithe trí oiliúint agus stiúradh a chur ar fhórsaí na Siria agus ar mhílístí atá cleamhnaithe le réimeas. |
(4) |
Measann an Chomhairle gur cheart beirt atá rannpháirteach in oibríochtaí míleata Ghrúpa Wagner sa tSiria, chomh maith le trí chuideachta a bhaineann tairbhe as réimeas na Siria agus a thacaíonn leis, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn B (eintitis):
|