EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2196

Cinneadh (CBES) 2021/2196 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/14518/2021/INIT

IO L 445I, 13.12.2021, p. 14–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2196/oj

13.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 445/14


CINNEADH (CBES) 2021/2196 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Ó tharla go raibh baint ag Wagner Group, eintiteas príobháideach neamhchorpraithe míleata atá bunaithe sa Rúis, i ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, go háirithe in Donbas, measann an Chomhairle gur cheart triúr a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear na daoine agus na heintitis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“201.

Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN

(Дмитрий Валерьевич УТКИН)

Post/poist: Bunaitheoir agus Ceannasaí Wagner Group; Príomhfheidhmeannach Concord Management and Consulting

Grád: Leifteanantchoirnéal (Arm na Rúise)

Comhartha aitheantais: Vagner/Wagner

Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970

Aitheantas Wagner Group: M-0209

Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovst Oblast, iarUSSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Seoladh: Pskov, Cónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Is oifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU) é Dimitriy Utkin, bunaitheoir Wagner Group, agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil le hamhais Wagner Group a imscaradh san Úcráin.

Ina ról ceannaireachta in Wagner Group, bhí sé féin ar an láthair chomhraic san Úcráin agus é ag comhordú agus ag pleanáil gníomhaíochtaí bhaill Wagner.

Mar gheall ar a phost ceannasach, tá sé freagrach, mar sin, as gníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus chuir sé na gníomhaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach

13.12.2021

202.

Denis Yurievich KHARITONOV

(Денис Юрьевич ХАРИТОНОВ)

Post/poist: Leas cheann réigiúnach ar Astrakhan branch de Union of Donbass Volunteers; comhalta de Astrakhan Oblast Duma; Amhas de chuid Wagner Group

Dáta breithe: 16.3.1980

Áit bhreithe: Astrakhan Oblast, Russian SFSR

Náisiúntacht: Rúiseach

Pas: 76 2759110

Arna eisiúint ag MVD 30001

Dáta éaga: 10.3.2030

Seoladh: Village of Ilyinka, Astrakhan Oblast, Cónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Tá Denis Kharitonov mar leas cheann réigiúnach ar Astrakhan Branch de Union of Donbass Volunteers, is comhalta de Astrakhan Oblast Duma é agus is amhas de chuid Wagner Group é.

Throid sé i gcathlán scarúnaíoch Steppe, áit a raibh sé i gceannas ar bhuíon diúracán frith-aerárthaigh iniompartha. D’admhaigh sé gur lámhach sé féin go pearsanta héileacaptar de chuid na hÚcráine agus dhá aerárthach Su-25 le linn dó a bheith in Donbas.

Fuair sé Ordú Fiúntais Chónaidhm na Rúise For Merit to the Fatherland. Bronnadh gradaim inmheánacha de chuid Wagner Group air freisin chomh maith le gradaim ó cheannaire Union of Donbas Volunteers agus ó iar phríomh aire Donetsk People’s Republic (DPR), mar a thugtar air, Alexander Borodai (faoi réir bearta sriantacha ar bhonn Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle). Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

13.12.2021

203.

Sergey Vladimirovich SHCHERBAKOV

(Сергей Владимирович ЩЕРБАКОВ)

Post/poist: Saorfhostaí de Russian GRU agus amhas de chuid Wagner Group

Dáta breithe: 21.7.1981

Náisiúntacht: Rúiseach

Seoladh: B’fhéidir: Astrakhan, Kirovskiy rayon, Raskolnikova 11 app. 5, Cónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Is saorfhostaí de Russian GRU é an tUasal Shcherbakov agus is amhas de chuid Wagner Group é.

Throid sé do na fórsaí scarúnaíocha ar son na Rúise in Donbas mar bhall de bhuíon diúracán frith-aerárthaigh iniompartha, laistigh de chathlán scarúnaíoch Steppe ar son na Rúise, a lámhach héileacaptar de chuid na hÚcráine agus dhá aerárthach Su-25 in Donbas. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

13.12.2021”.


Top