EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2173

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2173 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le córais chóireála camrais, caidéil ruma a oibrítear go leictreach, pláta tógálaí agus uasacmhainn ualaigh árthaí beaga (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8896

IO L 440, 9.12.2021, p. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 16/10/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022D1954

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/2173/oj

9.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 440/6


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2173 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le córais chóireála camrais, caidéil ruma a oibrítear go leictreach, pláta tógálaí agus uasacmhainn ualaigh árthaí beaga

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur táirgí iad atá i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú, caighdeáin lena dtacaítear le Treoir 2013/53/AE lena dtugtar aghaidh ar na bunriachtanais níos déine a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i gcomparáid le Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a aisghaireadh.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin a athbhreithniú freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2015/C 087/01 ón gCoimisiún (5).

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736, rinne CEN na caighdeáin comhchuibhithe seo a leanas a athbhreithniú: EN ISO 8849:2018 maidir le caidéil ruma srutha dhírigh a oibrítear go leictreach, ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún (6) agus EN ISO 14946:2001/AC:2005 maidir le huasacmhainn ualaigh, ar foilsíodh an tagairt dó le Teachtaireacht 2018/C 209/05 ón gCoimisiún (7). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN ISO 8849:2021 agus EN ISO 14946:2021.

(5)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe nua EN ISO 8099-2:2021 maidir le córais chóireála camrais agus caighdeán comhchuibhithe nua EN ISO 14945:2021 maidir leis an bpláta tógálaí.

(6)

Na caighdeáin a rinne CEN a dhréachtú nó a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an caighdeáin iad a chomhlíonann an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736.

(7)

Le caighdeán EN ISO 8099-2:2021, leagtar amach ceanglais maidir le córais chóireála séarachais a dhearadh, a thógáil agus a shuiteáil ar árthaí beaga.

(8)

Le caighdeán EN ISO 8849:2021, leagtar amach ceanglais le haghaidh caidéil ruma a oibrítear go leictreach, caidéil atá beartaithe lena n-úsáid le huisce ruma a thaoscadh.

(9)

Le caighdeán EN ISO 14945:2021, leagtar amach ceanglais maidir le taispeáint aonfhoirmeach faisnéise a thaispeántar ar an bpláta tógálaí atá ar árthaí beaga.

(10)

Le caighdeán EN ISO 14946:2021, sonraítear na míreanna a áirítear in uasacmhainn ualaigh árthaí beaga, gan dul thar na huasteorainneacha a leagtar amach le caighdeáin eile i ndáil le cobhsaíocht, saorbhord, snámhacht agus cosc duine san fharraige. Chomh maith leis sin, is ann a shocraítear na ceanglais i leith na limistéar suí agus na limistéar áitíochta atá ag an bhfoireann.

(11)

Comhlíonann na caighdeáin EN ISO 8099-2:2021, EN ISO 8849:2021, EN ISO 14945:2021 agus EN ISO 14946:2021 na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE, agus i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Tá caighdeán EN ISO 8849:2021 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 8849:2018. Tá caighdeán EN ISO 14946:2021 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 14946:2001/AC:2005.

(13)

Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 8849:2018 agus EN ISO 14946:2001/AC:2005, is tagairtí iad is gá a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na monaróirí a dtáirgí a chur in oiriúint do leaganacha athbhreithnithe na gcaighdeán chomhchuibhithe EN ISO 8849:2018 agus EN ISO 14946:2001/AC:2005, is gá tarraingt siar na gcaighdeán sin a chur ar athló.

(15)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2013/53/AE. Ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 8099-2:2021, EN ISO 8849:2021, EN ISO 14945:2021 agus EN ISO 14946:2021 a áireamh san Iarscríbhinn sin. Ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8849:2018 a scriosadh ón Iarscríbhinn sin.

(16)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 14946:2001/AC:2005 a áireamh san Iarscríbhinn sin.

(17)

Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a leasú dá réir sin.

(18)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na bun-cheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 9 Meitheamh 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le hárthaí áineasa agus báid phearsanta lena dtacaítear le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE.

(4)  Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (IO L 164, 30.6.1994, lch. 15).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (Foilsiú theidil na gcaighdeán comhchuibhithe agus na dtagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 87, 13.3.2015, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh árthaí áineasa agus báid phearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 106).

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 209, 15.6.2018, lch. 137).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 8;

(2)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“40.

EN ISO 8099-2:2021

 

Árthaí beaga - córais dramhaíola - Cuid 2: Córais chóireála camrais

41.

EN ISO 8849:2021

 

Árthaí beaga - Caidéil ruma a oibrítear go leictreach

42.

EN ISO 14945:2021

 

Árthaí beaga - Pláta tógálaí

43.

EN ISO 14946:2021

 

Árthaí beaga - Uasacmhainn ualaigh”.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“36.

EN ISO 14946:2001

Árthaí beaga - Uasacmhainn ualaigh

EN ISO 14946:2001/AC:2005

9 Meitheamh 2022”.


Top