Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2112

Cinneadh (AE) 2021/2112 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

ST/13382/2021/INIT

IO L 429, 1.12.2021, p. 151–151 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2112/oj

1.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 429/151


CINNEADH (AE) 2021/2112 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Sabine SÜTTERLIN-WAACK éirí as oifig.

(4)

Mhol Rialtas na Gearmáine Claus Christian CLAUSSEN, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Minister für Justiz, Europa und Verbraucherschutz des Landes Schleswig-Holstein (Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Eorpacha agus Cosaint Tomhaltóirí Stát Cónaidhme Schleswig-Holstein), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Claus Christian CLAUSSEN, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é a bhfuil aige sainordú toghchánach, Minister für Justiz, Europa und Verbraucherschutz des Landes Schleswig-Holstein (Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Eorpacha agus Cosaint Tomhaltóirí Stát Cónaidhme Schleswig-Holstein) mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


Top