This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2111
Council Decision (EU) 2021/2111 of 25 November 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union, under the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part, as regards the establishment of a Working Group on Fisheries and the adoption of its rules of procedure
Cinneadh (AE) 2021/2111 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Meitheal um Iascach a bhunú agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh
Cinneadh (AE) 2021/2111 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Meitheal um Iascach a bhunú agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh
ST/13716/2021/INIT
IO L 429, 1.12.2021, p. 146–150
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
1.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 429/146 |
CINNEADH (AE) 2021/2111 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Samhain 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Meitheal um Iascach a bhunú agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/689 (1) maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”). Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. |
(2) |
Le hAirteagal 8(1), pointe (q), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Coiste Speisialaithe um Iascach. Leagtar amach a chumhachtaí in Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Liostaítear in Airteagal 508 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ar bhealach neamh-uileghabhálach, cúraimí agus réimsí inniúlachta an Choiste Speisialaithe um Iascach. |
(3) |
Le hAirteagal 8(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Iascach Meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh. De bhun Airteagal 9(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tabharfaidh aon Mheitheal a bhunaítear, faoi mhaoirseacht choiste, cúnamh don choiste sin i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh sé obair an choiste sin agus déanfaidh sé aon chúram a shannfaidh an coiste sin dó a thabhairt i gcrích. Foráiltear le hAirteagal 9(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go socróidh aon Mheitheal a bhunaítear a rialacha nós imeachta féin, a sceideal cruinnithe féin agus a clár oibre féin de chomhthoil. |
(4) |
An 5 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/1765 (3) maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2026, sa Choiste Speisialaithe um Iascach. Folaíodh leis an gcinneadh sin maoirsiú agus comhordú mheithleacha an choiste sin, ach níor folaíodh leis a mbunú ná a ndíscaoileadh. |
(5) |
Is iomchuí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Iascach, de bhun Airteagal 8(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, Meitheal um Iascach, a fheidhmeoidh faoina mhaoirseacht. Ba cheart don Mheitheal um Iascach a rialacha nós imeachta a shocrú agus ba cheart di tuairisciú go tráthrialta don Choiste Speisialaithe um Iascach maidir lena cuid gníomhaíochtaí. |
(6) |
Ba cheart don Mheitheal um Iascach fónamh mar fhóram i gcomhair malartú faisnéise, pléití teicniúla agus comhairliúchán frithpháirteach. Cé is moite dá rialacha nós imeachta a ghlacadh, níl sé i gceist leis an Meitheal um Iascach gníomhartha nó bearta a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu. Ós rud é nach féidir a chur as an áireamh go ndéanfaidh an Mheitheal um Iascach, le linn di na cúraimí a shannfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach di a chomhlíonadh, gníomhartha a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu a ullmhú, nó ar bhonn eisceachtúil a ghlacadh, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na Meithle um Iascach i gcásanna den sórt sin a bhunú. |
(7) |
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choiste Speisialaithe um Iascach maidir le Meitheal um Iascach a bhunú, agus maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Mheitheal um Iascach maidir lena rialacha nós imeachta a ghlacadh agus le gníomhartha eile a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu mar aon le sonraíocht na seasamh sin, ba cheart don Chomhairle na seasaimh sin a bhunú i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, Chinneadh (AE) 2021/689 agus an Chinnidh seo. |
(8) |
Ba cheart cruinnithe na Meithle um Iascach a ullmhú i ndlúthchomhar leis an gComhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin agus lena ndlúth-rannpháirtíochta iontu. |
(9) |
Ní mór Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán, de bhun Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iascach a mhéid a bhaineann le Meitheal um Iascach a bhunú, leagtar amach é in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Mheitheal um Iascach maidir le rialacha nós imeachta na Meithle um Iascach a ghlacadh agus a shonraíocht, leagtar amach é in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
3. Maidir le seasamh an Aontais sa Mheitheal um Iascach nuair a iarrtar ar an Meitheal sin gníomhartha a ullmhú nó a ghlacadh ag a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla, déanfar an seasamh sin a shonrú tuilleadh i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Déanfaidh an Chomhairle an Cinneadh a mheasúnú de réir mar is gá agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí é a athbhreithniú ar thogra ón gCoimisiún. In aon chás, déanfar athbhreithniú faoin 31 Nollaig 2022.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
(1) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).
(2) An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10).
(3) Cinneadh (AE) 2021/1765 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh na tréimhse 2021-2026, sa Choiste Speisialaithe um Iascach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 355, 7.10.2021, lch. 135).
IARSCRÍBHINN I
SEASAMH AN AONTAIS SA CHOISTE SPEISIALAITHE UM IASCACH A MHÉID A BHAINEANN LE MEITHHEAL UM IASCACH A BHUNÚ,
Féachfaidh an tAontas lena áirithiú go mbunófar Meitheal um Iascach faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um Iascach mar fhóram chun faisnéis a mhalartú, plé teicniúil a dhéanamh agus comhairliúchán frithpháirteach a dhéanamh. Faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um Iascach, tabharfaidh an Mheitheal um Iascach cúnamh don Choiste sin i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh sí obair an Choiste Speisialaithe um Iascach agus déanfaidh sé aon chúram a shannfaidh an Coiste sin don Mheitheal um Iascach sin.
IARSCRÍBHINN II
SEASAMH AN AONTAIS SA MHEITHEAL UM IASCACH A MHÉID A BHAINEANN LE RIALACHA NÓS IMEACHTA NA MEITHLE UM IASCACH A GHLACADH,
Féachfaidh an tAontas lena áirithiú go mbeidh rialacha nós imeachta na Meithle um Iascach bunaithe ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus na gCoistí a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus foráil á déanamh aige ag an am céanna d’oiriúnuithe a bheidh le formhuiniú ag an gComhairle ar bhonn páipéir sheasaimh a bheidh le tíolacadh ag an gCoimisiún. Féadfaidh rialacha nós imeachta na Meithle um Iascach cumraíochtaí téamacha éagsúla a cheadú freisin.
Sula nglacfaidh an Mheitheal um Iascach a rialacha nós imeachta, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle in am trátha roimh chruinniú na Meithle um Iascach nó roimh nós imeachta i scríbhinn na Meithle sin, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 8 lá oibre roimh an gcruinniú sin nó roimh an nós imeachta i scríbhinn sin, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá le plé maidir le seasamh an Aontais agus formhuiniú mhionshonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais
IARSCRÍBHINN III
SONRAÍOCHT SHEASAMH AN AONTAIS AG CRUINNITHE NA MEITHLE UM IASCACH
Agus gníomhartha ag a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla á n-ullmhú nó á nglacadh ag an Meitheal um Iascach, déanfar na bearta uile is gá ionas go gcuirfear san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus faisnéis ábhartha eile arna tarchur chuig an gCoimisiún agus ionas go mbeidh an seasamh i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1765.
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle in am trátha roimh chruinniú na Meithle um Iascach, nó roimh nós imeachta i scríbhinn na Meithle sin, lena n-áirítear nuair a ullmhóidh agus a ghlacfaidh sí a rialacha nós imeachta, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 8 lá oibre roimh an gcruinniú sin nó roimh an nós imeachta i scríbhinn sin, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá le plé maidir le seasamh an Aontais agus formhuiniú mhionshonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais.
Is iad na prionsabail a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a threoróidh obair an Choimisiúin le linn chruinnithe na Meithle um Iascach.
Más rud é, le linn cruinniú de chuid na Meithle um Iascach, nach féidir teacht ar chomhaontú, chun go gcuirfidh seasamh an Aontais gnéithe nua san áireamh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.