This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2075
Council Decision (CFSP) 2021/2075 of 25 November 2021 amending Decision (CFSP) 2020/979 in support of the development of an internationally recognised system for the validation of arms and ammunition management according to open international standards
Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/979 a thacaíonn le córas a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte
Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/979 a thacaíonn le córas a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte
ST/13737/2021/INIT
IO L 421, 26.11.2021, pp. 72–73
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/72 |
CINNEADH (CBES) 2021/2075 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Samhain 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/979 a thacaíonn le córas a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/979 (1), ar cinneadh é lena bhfuil sé beartaithe tionscadal a mbeidh dhá chéim ann a bheith ann. Is éard atá i gCéim I, staidéar féidearthachta chun Córas Bailíochtaithe i ndáil le Bainistiú Arm agus Armlón (AAMVS) a aithnítear go hidirnáisiúnta a fhorbairt. |
|
(2) |
Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2020/979 gur féidir cur chun feidhme Chéim II den tionscadal, lena bhforbrófar coincheap chun AAMVS a chruthú, a údarú, má chinneann an Chomhairle amhlaidh, ar bhonn thoradh an staidéir féidearthachta. |
|
(3) |
Leis an staidéar, arna údarú le Cinneadh (CBES) 2020/979, léiríodh a indéanta atá sé AAMVS a fhorbairt agus cuireadh chun suntais gnéithe éagsúla a chaithfear a chur san áireamh le go bhféadfar an coincheap a chur i ngníomh. Is éard a bheidh i gCéim II creat beartaithe do AAMVS agus plean chun an córas a fhorbairt a dhearadh. Beidh sé d’aidhm ag na torthaí sin tacú le hiarrachtaí amach anseo, chun AAMVS a thabhairt ar an bhfód, agus treoir a thabhairt ina leith. |
|
(4) |
Bunaithe ar thoradh an staidéir féidearthachta, ba cheart go gcinnfeadh an Chomhairle go bhfuil Céim II den tionscadal le cur chun feidhme. |
|
(5) |
Tá Cinneadh (CBES) 2020/979 chun dul in éag 14 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(4) i gcrích, mura gcinnfidh an Chomhairle fad a chur leis an gCinneadh sin chun go bhféadfar Céim II den tionscadal a chur chun feidhme. |
|
(6) |
Maidir le leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2020/979 a chur i ngníomh go dtí an 30 Samhain 2022, níl impleacht ar bith aige a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
|
(7) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/979 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2020/979 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(1), an dara fomhír: “Dhá chéim a bheidh sa tionscadal, ‘Céim I’ agus ‘Céim II’.
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
(1) Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 a thacaíonn le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeán idirnáisiúnta oscailte (IO L 218, 8.7.2020, lch. 1).