EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2043

Cinneadh (AE) 2021/2043 ón gComhairle an 18 Samhain 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail cur chun feidhme a ghabhann leis

ST/6566/2021/INIT

IO L 418, 24.11.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2043/oj

Related international agreement

24.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 418/1


CINNEADH (AE) 2021/2043 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2021

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail cur chun feidhme a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) agus Airteagal 218 (7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2019, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge d’fhonn comhaontú comhpháirtíochta nua maidir le hiascaigh inbhuanaithe agus prótacal cur chun feidhme nua a ghabhann leis, a thabhairt i gcrích.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus leis an bPrótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Prótacal”) an 11 Eanáir 2021.

(3)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Dúchais na Graonlainne, den pháirt eile (2), a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2007.

(4)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/793 ón gComhairle (3), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal an 22 Aibreán 2021.

(5)

Tá an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal á gcur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a sínithe.

(6)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a fhormheas.

(7)

Le hAirteagal 12 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, bunaítear an Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. De bhun an Airteagail sin agus de bhun Airteagail 4 agus 7 den Phrótacal, tá an Comhchoiste in ann modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh. D’fhonn formheas na modhnuithe sin a éascú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nóis imeachta sonracha, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(8)

Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir le modhnuithe atá beartaithe don Phrótacal a bhunú. Ba cheart na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid i gcoinne na modhnuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Prótacal”) (4).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Phrótacal.

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear don Choimisiún, thar ceann an Aontais, modhnuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 12 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, a fhormheas.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. ČERNAČ


(1)  Toiliú an 5 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO L 172, 30.6.2007, lch. 4.

(3)  Cinneadh (AE) 2021/793 ón gComhairle an 26 Márta 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (IO L 175, 18.5.2021, lch. 1).

(4)  Foilsíodh téacsanna an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Phrótacail in IO L 175 an 18 Bealtaine 2021.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA AGUS NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR MHODHNUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Chomhaontú Comhpháirtíochta, agus le hAirteagail 4 agus 7 den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe (1) leis na modhnuithe atá beartaithe.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na modhnuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na modhnuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (2) go (4), chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, agus le hAirteagail 4 agus 7 den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


Top