This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2033
Council Decision (CFSP) 2021/2033 of 19 November 2021 amending Decision (CFSP) 2019/97 in support of the Biological and Toxin Weapons Convention in the framework of the EU Strategy against Proliferation of Weapons of Mass Destruction
Cinneadh (CBES) 2021/2033 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/97 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
Cinneadh (CBES) 2021/2033 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/97 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
ST/13392/2021/INIT
IO L 415, 22.11.2021, p. 29–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 415/29 |
CINNEADH (CBES) 2021/2033 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Samhain 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/97 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 21 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/97 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de. |
(2) |
Tiocfaidh deireadh le tréimhse cur chun feidhme an chomhaontaithe maoiniúcháin an 4 Feabhra 2022. |
(3) |
An 8 Iúil 2021, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-Armála (UNODA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/97, síneadh 12 mhí gan chostas le tréimhse cur chun feidhme an Chinnidh sin. Leis an síneadh sin, cuirfear ar chumas UNODA roinnt de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/97 a chur chun feidhme, tionscadail ar cuireadh moill ar a gcur chun feidhme mar gheall ar phaindéim COVID-19. |
(4) |
Maidir le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/97 go dtí an 4 Feabhra 2023, níl aon impleachtaí aige sin maidir le hacmhainní airgeadais. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/97 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/97:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 4 Feabhra 2023.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 19, 22.1.2019, lch. 11).