Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1984

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1984 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

    ST/13217/2021/INIT

    IO L 402I, 15.11.2021, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1984/oj

    15.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 402/5


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/1984 ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Samhain 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

    (2)

    I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus i bhfianaise na n-athruithe i Rialtas na Siria le déanaí, ba cheart ceathrar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le cúigear a liostaítear cheana in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “312.

    Amr SALEM

    (عمرو سالم)

    Dáta Breithe: Eanáir 1958;

    Áit bhreithe: Damascus, Syria;

    Inscne: fireann

    An tAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta

    15.11.2021

    313.

    Boutros AL-HALLAQ

    (بطرس الحلاق)

    Áit bhreithe: Damascus countryside, Syria;

    Inscne: fireann

    An tAire faisnéise. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta..

    15.11.2021

    314.

    Mohammad SEIFEDDINE

    (ar a dtugtar freisin Seif Eddin, Seif El Din)

    (محمد سيف الدين)

    Inscne: fireann

    An tAire Saothair agus Gnóthaí Sóisialta. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    15.11.2021

    315.

    Diala BARAKAT

    (ديالا بركات)

    Dáta Breithe: 1980;

    Inscne: baineann

    Aire Stáit. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh.

    Ina cáil mar Aire Rialtais, tá freagracht uirthi as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    15.11.2021”

    (2)

    i Roinn A (“Daoine”), in ionad na n-iontrálacha seo a leanas cuirtear an méid seo a leanas:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “167.

    Dr. Jassem Mohammad ZAKARIA

    (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad, Mohammed, Jasem)

    Dáta Breithe: 1968

    Inscne: fireann;

    IarAire Saothair agus Gnóthaí Sóisialta.

    Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2012

    229.

    Abdullah ABDULLAH

    (عبدالله عبدالله)

    Dáta Breithe: 1956;

    Inscne: fireann

    Aire Stáit. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    14.11.2016

    259.

    Imad Abdullah SARA

    (عماد عبدالله صارة)

    Dáta Breithe: 1968;

    Áit bhreithe: Damascus, Syria;

    Inscne: fireann

    IarAire Faisnéise. I mí Eanáir 2018 a ceapadh.

    Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    26.2.2018

    296.

    Talal AL-BARAZI (ar a dtugtar freisin Barazi)

    (طلال البرازي)

    Dáta Breithe: 1963;

    Áit bhreithe: Hama city, Syria;

    Inscne: fireann

    IarAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí.

    Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    309.

    Malloul (ar a dtugtar freisin Maloul) HUSSEIN (ar a dtugtar freisin AL-HUSSEIN)

    (ملول حسين)

    Dáta Breithe: 1950;

    Áit bhreithe: Al-Hasakah Governorate, Syria;

    Inscne: fireann

    IarAire Stáit.

    Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    6.11.2020”


    Top