Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1941

    Cinneadh (AE) 2021/1941 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2023, an méid bliantúil le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025

    ST/12878/2021/INIT

    IO L 396, 10.11.2021, p. 61–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1941/oj

    10.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 396/61


    CINNEADH (AE) 2021/1941 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Samhain 2021

    maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2023, an méid bliantúil le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát den Aontas Eorpach, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, de réir Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cionroinnt an chúnaimh airgeadais do Thíortha agus do Chríocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877, bhí an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2021 lena sonrófar uasteorainn na ranníocaíochta le haghaidh 2023, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach agus neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025.

    (2)

    De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chuig an gCoimisiún.

    (3)

    De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go n-ídeofar ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, na méideanna arna leagan síos maidir le Cistí Eorpacha Forbraíochta (“CEFanna”) roimhe seo. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 a dhéanamh don Choimisiún agus do BEI.

    (4)

    De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí sa CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó ó thionscadail faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid.

    (5)

    Le Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle (4), socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2022 ag EUR 2 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI.

    (6)

    Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Socraítear leis seo uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2023 ag EUR 2 100 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 1 800 000 000 don Choimisiún, agus EUR 300 000 000 do BEI.

    Airteagal 2

    Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2022 ag EUR 2 800 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 2 500 000 000 don Choimisiún agus EUR 300 000 000 do BEI.

    Airteagal 3

    Íocfaidh na páirtithe sa CEF ranníocaíochtaí aonair CEF leis an gCoimisiún Eorpach agus le BEI, i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2022, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

    Airteagal 4

    Déanfar méid EUR 43 000 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin ochtú CEF agus faoin naoiú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3.

    Airteagal 5

    Maidir leis an réamhaisnéis tháscach agus neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2024, socraítear leis seo í ag EUR 1 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI, agus maidir leis an réamhaisnéis chéanna le haghaidh 2025, socraítear í sin ag EUR 900 000 000 don Choimisiún agus EUR 9 000 000 do BEI.

    Airteagal 6

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. ŠIRCELJ


    (1)  IO L 210, 6.8.2013, lch. 1

    (2)  IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.

    (3)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

    (4)  Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN

    An chéad tráthchuid de rannaíochtaí CEF le haghaidh 2022 (EUR)

    NA BALLSTÁIT AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

    Scála 11ú CEF %

    An chéad tráthchuid 2022 (EUR)

    Iomlán

    BEI

    11ú CEF

    An Coimisiún

    11ú CEF

    AN BHEILG

    3,24927

    3 249 270,00

    35 741 970,00

    38 991 240,00

    AN BHULGÁIR

    0,21853

    218 530,00

    2 403 830,00

    2 622 360,00

    AN tSEICIA

    0,79745

    797 450,00

    8 771 950,00

    9 569 400,00

    AN DANMHAIRG

    1,98045

    1 980 450,00

    21 784 950,00

    23 765 400,00

    AN GHEARMÁIN

    20,57980

    20 579 800,00

    226 377 800,00

    246 957 600,00

    AN EASTÓIN

    0,08635

    86 350,00

    949 850,00

    1 036 200,00

    ÉIRE

    0,94006

    940 060,00

    10 340 660,00

    11 280 720,00

    AN GHRÉIG

    1,50735

    1 507 350,00

    16 580 850,00

    18 088 200,00

    AN SPÁINN

    7,93248

    7 932 480,00

    87 257 280,00

    95 189 760,00

    AN FHRAINC

    17,81269

    17 812 690,00

    195 939 590,00

    213 752 280,00

    AN CHRÓIT

    0,22518

    225 180,00

    2 476 980,00

    2 702 160,00

    AN IODÁIL

    12,53009

    12 530 090,00

    137 830 990,00

    150 361 080,00

    AN CHIPIR

    0,11162

    111 620,00

    1 227 820,00

    1 339 440,00

    AN LAITVIA

    0,11612

    116 120,00

    1 277 320,00

    1 393 440,00

    AN LIOTUÁIN

    0,18077

    180 770,00

    1 988 470,00

    2 169 240,00

    LUCSAMBURG

    0,25509

    255 090,00

    2 805 990,00

    3 061 080,00

    AN UNGÁIR

    0,61456

    614 560,00

    6 760 160,00

    7 374 720,00

    MÁLTA

    0,03801

    38 010,00

    418 110,00

    456 120,00

    AN ÍSILTÍR

    4,77678

    4 776 780,00

    52 544 580,00

    57 321 360,00

    AN OSTAIR

    2,39757

    2 397 570,00

    26 373 270,00

    28 770 840,00

    AN PHOLAINN

    2,00734

    2 007 340,00

    22 080 740,00

    24 088 080,00

    AN PHORTAINGÉIL

    1,19679

    1 196 790,00

    13 164 690,00

    14 361 480,00

    AN RÓMÁIN

    0,71815

    718 150,00

    7 899 650,00

    8 617 800,00

    AN tSLÓIVÉIN

    0,22452

    224 520,00

    2 469 720,00

    2 694 240,00

    AN tSLÓVAIC

    0,37616

    376 160,00

    4 137 760,00

    4 513 920,00

    AN FHIONLAINN

    1,50909

    1 509 090,00

    16 599 990,00

    18 109 080,00

    AN tSUALAINN

    2,93911

    2 939 110,00

    32 330 210,00

    35 269 320,00

    AN RÍOCHT AONTAITHE

    14,67862

    14 678 620,00

    161 464 820,00

    176 143 440,00

    IOMLÁN AE-27 AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

    100,00

    100 000 000,00

    1 100 000 000,00

    1 200 000 000,00


    Top