This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1910
Council Implementing Decision (CFSP) 2021/1910 of 4 November 2021 implementing Decision (CFSP) 2015/1333 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1910 ón gComhairle an 4 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1910 ón gComhairle an 4 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/13212/2021/INIT
IO L 389I, 4.11.2021, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
4.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 389/3 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/1910 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2015 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333. |
(2) |
An 25 Deireadh Fómhair 2021, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”), arna bhunú de bhun Rún 1970 (2011) ó CSNA, duine amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Samhain 2021
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an duine seo a leanas leis an liosta in Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333:
“ 29. Ainm: 1: Osama 2: Al Kuni 3: Ibrahim 4: níl sé ar fáil
Teideal: Bainisteoir Al Nasr Detention Center in Zawiyah Ainmniú: níl sé ar fáil Dáta breithe: 4 Aibreán 1976 Áit bhreithe: Tripilí, an Libia Ainm bréige láidir: a) Osama Milad b) Osama al-Milad c) Osama Zawiya d) Osama Zawiyah e) Osama al Kuni Ainm bréige lag: níl sé ar fáil Náisiúntacht: an Libia Uimh. phas: níl sí ar fáil: Uimhir aitheantais náisiúnta: níl sí ar fáil: Seoladh: Zawiyah, an Libia A liostaíodh an: 25 Deireadh Fómhair 2021 Faisnéis eile: Mar bhainisteoir de facto ar ionad coinneála Al Nasr ghlac an duine lena mbaineann páirt dhíreach i ngníomhartha, agus/nó trí íochtaráin, ghlac sé páirt i ngníomhartha nó thacaigh sé le gníomhartha, ar sárú iad ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, nó gníomhartha ar treascairtí iad ar chearta an duine i Libia. Ghníomhaigh an duine lena mbaineann ar son nó thar ceann dhá dhuine aonair a bhfuil dlúthnasc acu le gníomhaíochtaí gáinneála ar dhaoine an líonra Zawiyah, eadhon Mohamed Kashlaf (LYi.025) agus Abdulrahman al Milad (LYi.026). Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní).
Liostaithe de bhun mhíreanna 11(a), 11(f) de rún 2213 (2015); mhír 11 de rún 2441 (2018).
Faisnéis bhreise
Mar bhainisteoir de facto ar ionad coinneála Al Nasr ghlac an duine lena mbaineann páirt dhíreach i ngníomhartha, agus/nó trí íochtaráin, ghlac sé páirt i ngníomhartha nó thacaigh sé le gníomhartha, ar sárú iad ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, nó gníomhartha ar treascairtí iad ar chearta an duine i Libia. Ghníomhaigh an duine lena mbaineann ar son nó thar ceann dhá dhuine aonair a bhfuil dlúthnasc acu le gníomhaíochtaí gáinneála ar dhaoine an líonra Zawiyah, eadhon Mohamed Kashlaf (LYi.025) agus Abdulrahman al Milad (LYi.026). Le blianta fada tarraingíodh aird ar leith ar ionad coinneála Al Nasr in Zawiyah i dtuarascálacha rúnda ina gcuirtear síos ar an drochíde a thugtar d’iarrthóirí tearmainn sa Libia, lena n-áirítear céasadh, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe agus gáinneáil ar dhaoine. Tá eagraíochtaí daonnúla agus íospartaigh gáinneála tar éis an duine lena mbaineann a shainaithint arís is arís eile mar bhainisteoir de facto an ionaid coinneála. Tugadh téarmaí príosúnachta do thrí dhuine aonair a bhí ag obair in ionad coinneála Al Nasr as imircigh a chéasadh san ionad coinneála.”