This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1876
Commission Implementing Decision (EU) 2021/1876 of 20 October 2021 on greenhouse gas emissions covered by Decision No 406/2009/EC of the European Parliament and of the Council for the year 2019 for each Member State
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1876 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1876 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit
C/2021/7456
IO L 378, 26.10.2021, p. 12–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 378/12 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1876 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Deireadh Fómhair 2021
maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (1), agus go háirithe Airteagal 19(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh gach bliain den tréimhse 2013 go 2020 agus sásra chun comhlíonadh na dteorainneacha sin a mheasúnú go bliantúil. Leagtar amach i gCinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún (3) leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát agus iad arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2. Socraítear na coigeartuithe ar na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún (4). |
(2) |
Déantar foráil in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát chun measúnú a dhéanamh i dtaca le comhlíonadh Chinneadh Uimh. 406/2009/CE. An t-athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, rinneadh é ar bhonn na sonraí maidir le hastaíochtaí le haghaidh na bliana 2019 a tuairiscíodh don Choimisiún i mí an Mhárta 2021 i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (5) agus in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
Agus an ríomh á dhéanamh maidir le méid iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit, ba cheart aird a thabhairt ar na ceartúcháin theicniúla agus na meastacháin athbhreithnithe a ríomhadh le linn an athbhreithnithe bhliantúil mar atá sna tuarascálacha deiridh maidir le hathbhreithniú arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 agus ba cheart na ceartúcháin agus na meastacháin sin a chur san áireamh. |
(4) |
Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe chun go mbeidh sé ailínithe le forálacha Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 lena socraítear gurb é dáta foilsithe an Chinnidh seo túsphointe na tréimhse 4 mhí a mbeidh cead lena linn ag na Ballstáit úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo suim iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh na bliana 2019 a eascraíonn as na sonraí fardail ceartaithe ar chríochnú don athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.
(2) Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí go dtí 2020 gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).
(3) Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 28.3.2013, lch. 106).
(4) Cinneadh 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a choigeartú le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 292, 1.11.2013, lch. 19).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2014 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú na faisnéise arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 203, 11.7.2014, lch. 23).
IARSCRÍBHINN
Ballstát |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE, le haghaidh na bliana 2019 (tonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin) |
an Bheilg |
72 013 554 |
an Bhulgáir |
25 814 515 |
an tSeicia |
60 543 276 |
an Danmhairg |
32 050 593 |
an Ghearmáin |
444 262 722 |
an Eastóin |
6 208 760 |
Éire |
45 579 575 |
an Ghréig |
44 744 947 |
an Spáinn |
201 878 747 |
an Fhrainc |
336 358 317 |
an Chróit |
16 058 241 |
an Iodáil |
274 938 773 |
an Chipir |
4 377 563 |
an Laitvia |
8 650 111 |
an Liotuáin |
14 298 998 |
Lucsamburg |
9 239 043 |
an Ungáir |
44 894 942 |
Málta |
1 427 261 |
an Ísiltír |
97 096 843 |
an Ostair |
50 218 754 |
an Pholainn |
209 084 930 |
an Phortaingéil |
41 527 062 |
an Rómáin |
75 211 340 |
an tSlóivéin |
10 809 900 |
an tSlóvaic |
20 087 964 |
an Fhionlainn |
29 643 287 |
an tSualainn |
31 679 703 |
an Ríocht Aontaithe |
329 100 245 |